Píosa beag togtha as “Cor in Aghaidh an Chaim agus Cam in Aghaidh an Choir,” drama le Piaras de Hindeberg, character mór na hAithbheóchana um 1900, agus sagart leis: sagart a chodail amuigh. (Níl sin ceart, really. Sagart ceart ab ea é, ach ní raibh bluire de’n bhréag-uaisleacht a bhain le furmhór na sagart sa treimhse sin ann.). B’as Portlaw, Co Waterford dó, agus Gaeilge bhreá chruinn mhuintir na nDéise agus South Tipperary aige. B’fhiú a bheathaisnais a léamh ar Ainm.ie.
Tá rí Shean-Shasana
(agus ní rí Sasana Nua (New England/America) anseo ag lorg uirlis saoire
(mason) ar an mbean seo in Éirinn: uirlis a ndúirt a fear chéile féin leis an rí go raibh gá leis chun críoch a chur ar chaisleán a thógadar don rí...
agus fios ag an saor go gcuirfidh an rí chun báis é
chomh luath a’s atá críoch ar an gcaisleán. Sean sgéal i dtaobh an Gobbán Saor é seo, ar ndóigh.
Litriú faoi mar a
fuaras (fuair mé) romham.
Bean: Dia a’s Muire dhuit a’s Pádraig. Nach
iongantacht an brothall atá ann, buíochas le Dia.
Rí: Is iongantach sin, an té (go) mb’éigean
dó siúl do chois faoi.
B: Is fíor dhuit. A mb’fhada tháinig tú,
mar sin?
R: Is fada sin, thar teorainn anoir dom.
B: Do bhí a fhios agam cuma éigin gur
choigríoch tu. Agus cadé an sgeul é anoir?
R: Dré sgeul. Ca’l fear an tighe?
B: Tá sé as baile. Mise bean an tighe seo.
R: Ar mhiste leat fios a anma agus a
shloinneadh d’fiarfaighe dhíot?
B: Ní miste go deimhin. Maidhc mac an
Gobbáin aimn m’fhir-se agus an Gobbán féin fear an tighe. Thall sa tír sin ar
b’as duit-se dóibh. Ag tógháil chaisleáin do rí Shean-Shasna atáid. Badh chóir
go mbeidís réidh leis anois, nó mara bhfuilid, táid siad lán leis. Beid said
abhaile anois chugham gan stad.
R: Sidé áit díreach do bhí mé do lorg. Dar
ndóigh, mise rí Shean-Sasna.
B: Mhaiseadh an eadh? Agus cionnus atá Maidhc
agus athair mo Chéile?
R Táid said marthaineach.
B: Feach sin anois agus eagla ormsa go mbeadh
droch-bhail orra, nó mí-ádh eigin insan áit fhiadhain sin thall...Agus cionnus
atáid na prataidhe agaibh i mbliadhna?
R: Ia mhaiseadh, níor bhfiú leat
a bhaint iad...
B: Ia mhaiseadh, is mar sin átáid
again féin...Agus tusa an rí, a deir tú
liom.
R: Is mé a mbasa.
B: Nach
deas duit é sin anois. Agus cionnus átá do chéird-se ag dul chun cinn?
R: O
mhaiseadh cuibhseach. Cadé an mhath dham a bheith ag gearán?
B:
Dár ndóigh is fíor dhuit. Sceim a’s sceón i gcomhnaidhe orainn go léir, cabhair
ó Dhia chughainn. Agus a mbíonn mórán ort, mar sin?
R: Ia
bíonn, a bhean.
B:
Cadé an sort oibre ar aon chor é?
R:
Riaghluadh agus smachtughadh daoine,
B:
O, cionnus a riaghluigheann tú iad?
R:
An bhfuil turnip agat, nó práta? Seadh, taisbeáin dom an cnócar sin. Seo anois,
bíonn m’ubhall ríogh ar láimh liom agus mo shlat rioghadha, reachta agus
rachmuis sa láimh eile. Mar seo a ghabhaim ansin. Sin riaghlughadh dhuit.
Ia!
Massa, is ait an cleas agat é. Do thiocfainn féin cortha dhe. Agus cionnus
dhéineann tú a smachtughadh?
R:
Sé sin, creachadh ropaire agus bithbheanacha, agus cur droch-bhan ar a leas.
B:
Maiste mhaiseadh, ní fuiris duit é sin do dheanamh.
R:
Ní fuiris, ach do dheanainn é.
B:
Droch-bhean do chur ar a leas!
R:
Seadh a mhaiste.
B:
Agus cionnus do dhéanhá é?
R:
Ar mh’anam, níl aoinne is fearr d’inneósadh duit é ná an té ná fuair a
fhoghlaim gan mhúineadh: sé sin mise. Dar ndóigh, do bhí carn ban agam féin
agus do chuirinn ar a leas diaidh ar dhiaidh iad. ...Is amhlaidh b’éigean dom a
leasaughadh ansin, crochadh beag do
bhaint asta ar dtúis agus a gceann do scrios díobh ‘ina dhiaidh sin le
claidheamh.
B: O
bho. Dia linn!
R: Ia,
a bhean a chroidhe, do bhainfeadh sé fáscadh as na haeibh (na heanna) agat
sceula mo bhan-sa agus ar ghabhas tríd acu.
B:
(leí féin: Seun agus rian na croise ceusta eadram agus é. Alpaire gan taise gan
truagh ar nós cránach muice. Scríosamhnach (scríosúnach) an bháis d’imirt ar
dhaoinidh bochta gan suím gan cuimhneamh. Mhaiseadh, go bhfóire Dia ar mo
mhuintir bhoicht-se atá ag pléidhe leis thall. Ach ní fheadar faoi’n donas cadé
an fuadar atá faoi anois. Mhaiseadh, nach agam-sa atá an lad ann.) Seadh,
b’uathbhásach an sceul é , is dócha.
R:
O, ná bí ag caint, a bhean. Do bhrisfeadh sé do chroidhe, gan ach iad do
chomhaireamh thart, agus na bliadhanta fiara fuara, agus foighneamh gan foighne
agus saoghal gan strus. Do bheadh sé ró dhian ort, a bhean an tighe, innsint mo
chreach agus fad-tuirse mo scéil go léir duit. Ach gur bh’éigeann dom
mór-sheisear díobh do chur díom le claidheamh. Agus is baoghal liom go gcaithfe
mé an ceann atá aois agam do leasughadh aríst...Fuspar, a bhean an tighe, Má bheidh túsa i’d bhaintreabhaich choidhche,
is aithnid dam buachaill deas macánta thiomchioll mo shaghas-sa d’fhear, slighe
mhaireachtana aige agus ní hí maireachtain an chnocadóra í.
R:
...b’é mo dhearmhad nár chuimhnigheas go dtí anois air. Seadh, a bhean an
tighe, is é a thug i leith mé ach ar theachtaireacht ó’t fhear-sa agus ó athair
do chéile agus faoi dhéin na húirlise si a dtugtar “cor in aghaidh an chaim
agus cam in aghaidh an choir” uirthi...
Tuigeann
sí conas tá an scéal: go ndúirt a fear féin leis an rí dul ar lorg an ruda sin
(bréag-uirlis) chun go chuirfeadh sí an rí faoi ghlas. A r ndóigh, mhealleann sí isteach i gcófra chun
breith ar an rud atá uaidh é, agus dúnann an clár (doras) air, sa tslí gur
ghiall é féin nó go scaoiltear amach as priosiún an rí a fear féin agus athair
a chéile.
No comments:
Post a Comment