Breis beag a’s bliain ó shin, tráthnóna Samhraidh, d’airigh (chuala) mise agus mo bhean screád uathbhásach an bháisón gcoill mór atá taobh thiar dár teach.
“Ní foláir no go bhfuil uan agna daoine taobh linn, i ngan fhios duinn,” duirt mé le’m bhean, “agus go bhfuil an t-uan san ar strae sa choill.”
Ach lean an t-uan air ag screadaigh in anaithe a bheatha.
“In ainm Dé!” dúirt mo bhean.
Ritheamar isteach sa choill a lorg; agus fuair.
Ní huan a bhí ann, ach oisín, agus fisher cat – easóg mór, craosach, neamthrócaireach – a fiach; greim aige ar mhuineál an oisín, ag iarraidh é a leagadh, chun a stracadh as a chèile.
Chomh luath agus a thanamar-na ar an lathair, theith an fisher.
Ni ghá dom scéal Madra na n-Ocht gCos a dhéanamh de. D’fhéadfaímis siúl amach as an gcoill arís, agus ligint don oisin (na raibh ach coicís, dearfainn, slánaithe aige) agus don fisher: ligint do chúrsaí ”Nadúir” dul ar aghaidh…ach níor dhin. Thugamar agus na daoine taobh linn, thugamar an t-oisín abhaile, agus é ag cur fola go tiubh agus ag meigligh go truaimhéileach.
Ní bhíonn cead ag aon duine baint le fia -- dul ag foirithint air no faic, -- sa state seo Mheiriceá (duiche mhór fiagaí í, ina mealltar an-chuid airgid ó allmhúraigh gach bhliain nuair a thagaid isteachchun dul ar thóir fia), i dtreo na raibh cabhair nó chomhairle ar fáil duinn, áit ar bith. Ag crith le huamhan romhainn a bhí an t-oisín, ar ndoigh, ach dhineamar (rinneamar) puball beag do taobh thiar den teach s’againne, sa tslí go bhféadfadh an mhathair teacht air istoíche.
Níor tháinig sí.
Is amhlaidh gur airíomar (chualamar) an oíche roimhe sin, coyotes ag fiach sa choillin aice linn, agus is annamh a théann siadsan ar tóir creatúir, ná gofaigheann siad gréim air sa deireadh. Ní foláir nó go raibh mathair an oisín marbh acu siúd, agus ba shin faoi ndéar don oisín a bheith ar strae ón áit dideán a bheartaigh a mhathair dó.
Cheannaíomar "all species milk replacement" sa tsiopa feirm. Gach dara uair ar feadh seachtaine, mar sin, lá agus oíche, ghabhamar chun an oisín le buidéil, duine againn a choimeád ina sheasamh, faid agus a bhí an duine eile ag tabhairt deoch dó.
Ní bhíonn ar chumas oisín déanamh dó féin nó go mbíonn bliain d’aois, agus bhi mo bhuachaill lag go maith, agus cos leis gortaithe. Is amhlaidh gur bhriseadh a mhuinéal freisin nuair a ionsaíodh é, ach amháin nár scar na cnámha óna chéile. D’fhag san ag féachaint fiarsceo i gcónaí é, tar éis don mhuinéal tearnamh, agus ní raibh ar a chumas béal a chur le féar no le talamh. Bhí luibheannaa thaithnigh go mór leis (caisearbhán, lus na sead, a’s mar sin de), agus ní raibh aon bac orainne iad a chruinniú dó. D’fhéacheadh sé féin chun duillóga crainn bheithe agus maple a sholáthar dó féin, nuair a fheabhsaigh sé.
Chuireamar páil timpeall ar straice de sheana-mhóinéar atá taobh thiar den teach freisin, áit na raibh radharc ón mbóthar ar mo bhuachaill. Bhíodh scóip ag an oisín siúl ann. Siúl, sea, agus léim agus rith, mar tháinig an-chroí ann, tar eis míosa, agus neart ann de reir a chéile. Bhuaileadh sé go minic i gcoinne crainn ar tús, nuair na raibh radharc maith aige ar an rud a bhí ós a chomhair amach, ach i gcionn mí nó dhó, d’fhoghlaim sé conas an saol a laimhseáil go haiclí, caoch mar a bhí.
D’èirigh sè mór linn freisin.
Geimhreadh fada fíochmhar a bhí ann an bhliain sin, a’s thit mórán sneachtaigh, ach bhí sort bóthán beag tógtha againn don oisín, mar fhoscadh. Ghlanamar an sneachta ósna cósáin ann, tar éis gach stoirm, i dtreo go bhféadfaí siúl an móineár.
(Murach an páill, bheadh beirthe ages na coyotes ar an oisín istóiche. Is minic a dh’aireófaí (chloisfaí) iad istoiche ag fiachsna coillte timpeall orainn. Níor nocht mathair ariamh ina dhiaidh sin, bíodh agus gur fhagamar slí di teacht chuige, agus gan teach nó faic eile ina aice a scannródh í.)
Teacht an earraigh, leageamar an paill, ag ligint don oisín siúl amach ar a thóil fèin. Tá bóthar ann ós comhair ár dtighe-ne, agus bóthar eile tamall uainn, agus bíonn cuid mhaith gluaisteáin ar rith ar an tarna cheann acu. Chun Seán (an oisín) a chur ag seachaint na boithre agus dhaoine, raghainn isteach sa choill mhór taobh thiar den teach ar èirí na greine gach maidin sara dtabhrainn agaidh ar an bpost agam sa baile mór (baile na fuil chomh mór sin, dáiríre.)Chaithimis uair a chloig ann ag siúil duinn fèin.
I dtiús báire, is ar dualgaisí an lae san sa phost agam a bheinn ag smaoineamh, agus ar conas na raibh de uain agam a bheith ag bhalcáireacht sa choill. "Dhera, b’fhéidir, dá bhfánfainn san áit ina bhfuil mé gan chos nó lamh a bhogadh, dhéanfadh Séan dearmhad dom agus imeacht ar a scar féinig an mhaidin seo? Bhí mórán oibre le déanamh agam, really. Tá cuma air anois go bhfuil sé go maith gnóthach, a’s gur chuma leis cad a dhéanfainn-se."
Cóiscéim amháin i dtreo an bhaile agam, áfach, agus bhíodh sé le’m chois. Chun é a choimeád sa choill cuíseach congarach don teach s’againne – áit go mbeadh saor ó choyotes agus daoine – thugas faoi obair ann. Cnuasaigh mé beartanna mór de géaga móra a thit as na crainn, mar ábhar tine. Dhineas (Rinne mé) iad a cruachadh, tar eis dom iad a ghearradh comthrom. Thugas faoi ndeara go raibh mórán giuis bheaga marbh ina seasamh, agus leagas iad, agus d’ullaigh mar ábhar tine. Thugas faoi ndeara freisin gur thaithnigh cort tirim an bhile feá ó ghéaga a bhí cheana féin ar an dtalamh, go raibh an cort ag titim díbh, gur thaithnigh siad leis an mbuachaill, agus bhailíos (bhailigh mé) malaí de. (Ar nós crisps do fhia iad, dúirt mo bhean.) D’fhoghlaim mé cé’n sort luibheanna, cé’n sort duileoga a thaithin leis, agus cá bhfaighfaí sa choill iad sin. Chaithimís an aga a lorg, agus a ithe nó a bhailiú.
Caitheamh aimsire brea, sa deireadh, agus an chuid a’b fheárr den lá
An ea? Tochailt sa choill in éineacht le fia?
Bhí dhá chuis leis, go bhfios dom. Ag obair as láimh a chéile a bheimís. Thuigeamar a chéile, i dtreo nach ghá focal a rá, cuid is mó den am. Uair taobh le taobh ag obair; uair eile, a’s is ar éigin a bhíodh radharc agam ar Sheán. Tá sásamh aigne in obair den tsaghas san in áit ina bhfuil a t-aer chomh milis le h-iocslainte sean-scéil; áit go líontar radharc, cluas a’s eile le hailleacht. Crainn mhóra a’s cinn bheaga; carraigeacha glasa loma; cré solashmar donn. Ciúneas, ach amháin ceol na n-éan agus luascadh gaoithe. Théith smaointe duairc, agus líon mo spiorád le solas.
Ba é Sean féin an tarna fáth a bhí leis. Mairtineach beag fia, ar strae óna chineál féin a b’ea é, ach bhíodh sé lán sport i gcónaí, a’s é dea-chríoch, lán géan Ba bhreá leis rith, léim, agus cleasaíocht, agus é ag iarraidh orm mise a bheith mar phairtí leis sa rudaí san--ach ceart chomh sásta nuair na raibh ionam a bheith. Niorbh aon choileán é Seán, ná peata gadhair nó gabhair, áfach. Ainimhí fiain a’b ea é, gach aon bhlúire de. Ag féachaint isteach ina shúile, ní fhéadfainn gan aithint gur neach é nár tógadh le bia stáin, a’s gur le saol eile a bhain sé, a’s é lom-direach, cruinn, folláin ann féin i slí na bíonn an chuid is mó desna daoine nó in ainimhithe “baile”..
Suile donna dorcha a bhí air, agus doimhneacht iontach iontu.
Bhain Seán leis an saol ‘lasmuigh:’ lasmuigh desna sráideanna agus desna pairceanna saothraithe; lasmuigh den teach (nó inneall) mór seo ina maireann furmhór an chine daonna go bhfuil airgead acu. Bhain sé leis an saol fiáin: saol atá neamhspleachar mhianta an chine daona agus beag-beann orthu: saol gur chuma leis pé acu an bhfuilimid ar ár suaimhneas ann, nó na fuil. Saol géar dáiríre, a’s faobhair air faoi mar a bheadh ar chlaidhimh. Ní bhíonn ag patachán coinín, abair, ach b’fhéidir seans amháin sugradh sa mhónéir gan áire a thabhairt dona bhfuil timpeall air. An té na tabhrann áire, maróidh seabhac nó sionnach é ar áit na mbonn.
Is annamha bhuailimid leis an saol san sa lá atá inniú ann, ach tá sé ann i gcónaí: amuigh san oíche, sa choill, sa riasc, sa bhfál, inár gcorp fèin agus inár n-aigne féin. Tá sé ann le chead an chine daona, dár linn, ach n’fheadar…
Buann dlíthe an tsaoil sin ar ár ndlíthe-se, agus is cuma má fhaighimid cruaidh dlìthe an tsaoil fiáin, ní féidir canceling a dhéanamh orthu. Rithfidh Dáil nó Congress dlí agus dlí eile a chuireann i gcoinne dlíthe an saol fiáin, ach is cuma. Cé go dtabhrann an teach mór ina bhfuilimid inár gconaí faoiseamh duinne thar an méid a faigheann an coinín, ní bhíonn ann ach tamall, mar sa tsaol eile sin a mhairimid-ne chomh maith le cách. An sibhialtacht a iarran maireáchtaint beag-bheann ar dlíthe an tsaol sin, tiocfaidh deireadh ainnis lena réim.
Meileann muilte Dé go mall, ach meileann go mín.
Tá an saol sin cruaidh, ceart go leor. Nìl sé faireálta.
Agus nach mar thoradh ar an méid sin a thóg an cine daonna saol dó féin, saol nios cinealta, nios deise, chun éirí amach as ár fuilteach saoil an Nadúir? An bhfuilim ag moladh go gcaithfimid uainn antibiotics, leabhair, fo-èadaigh, agus mar sin de, agus filleadh ar an Nadúr?
Nílim.
Táimid ag teitheadh leis na cianta anois ó "Nature red in tooth and claw," agus d’éirigh linn teach brea fairsing compórdacha thógaint duinn féin, áit ina mbímid saor ón ár atá lasmuigh. Ach is ar ghaineamh a tógadh an teach mór, mar tógadh beag-beann ar dlíthe Nadúir é, agus tá an teach ag titim as a chéile anois le hAthrú Aeráide, a’s truailliú aer, uisce agus talamh. Tá an saol eile – saol ‘Nadúir”, an saol fiáin –isteach an doras chugainn, agus cochall air, mar dhea.
Abhar scannradh, agus ní haon ionadh gur bhfearr linn casadh uaidh i ndóchas go n-aimseóidh ár gcinn urra leigheas don rud atá ag tarlú. B’fhearr casadh ar an idirlíon, áit go bhféadfaí canceling a dhéanamh ar rud na taithníonn linn.
Duine acu siúd a theith, mise freisin. Cé go bhfuil conaí ormsa agus ar mo bhean i measc na gcoillte, b’annamh istigh ionntu mé. Ba mhinicí mé ag siúil sraideanna an bhaile mhóir, nó os comhair an ríomhaire.
Pé acu ceart nó cearr an saol amuigh, sé an saol i gcónaí é, agus níl aon cheann eile ann. Tá scannradh sa tsaol san naféadfaí a sheanadh, ach tá saibhreas a’s sástacht aigne and gliondar ann freisin, i slí na fuil san teach mór seo ina mairimid in aon chor, aon chor. Tá sástacht aigne ann nuair a tuigtear go bhfuil do chósa ar an dtalamh sa deireadh, mar dèarfá, agus na fuiltear ar strae i mbréag-ríocht bhaoth-aislingí siorcas an idirlíon.Tá saghas saoirse ann don duine, maireáchtaint i saol a bhíonn cruaidh uaireannta, ach atá fíor.
Rud eile: gach diail noimeád a mhairimid, iarran an saol san orainn tabhairt faoi ndéara go mairimid ar scáth a chéile, pé acu daoine, ainimhithe, nó eile. Iarran orainn tuiscint nach ‘rudaí’ na neachanna eile sin, agus gan de thabhacht iontu ach chomh fada a’s a bhaineann siad lenár ndualgaisí agus lenár mianta féin. Iarrann orainn an tsolas ghlórmhar a thaitníonn iontu súd agus tríthu siúd agus trís an saol san ar fad, a aithint.
Is annamh a thúgaimid faoi ndéara aon cheann de na rudaí sin a luaim, áfach, go minic toisc go bhfuil brú agus dithineas ro-mhór orainn: an ghnáth-shaol faoi mar a caitear san lá atá inniú, an dtuigeann tú…Ar strae ar an idir-líon a bhímid, nó ar strae inár gcuid smaointe féin, nó ag strachailt leis an saol, ag iarraidh dothain airgid a thuilleamh.
Bhí de bhua ag Sean na féadfaí, agus tamall a chaitheamh ina fhochair, féachaint air mar “rud.” Ní fhéadfaí gan an fíor-shaol – an seana-shaol -- a aithint. Ar talamh an tseana-shaol a sheas sé.
Ní ag tagairt do sheana-shaol bocht an chruatain faoi mar bhí in Eirinn san 19u Aois atáim, ach don fhíor Sheana-Shaol: saol díreach, chomhachtach, solasmhar, neamh-scagaithe (mar déarfá,): an saol “fiáin.” Thugadh Seán mo dhúshlán, mise tabhairt faoi ndeara go mairim-se a’s gach aon duine eile sa tsaol san i gcónaí. Chuireadh sé de fhiachaint (de dhualgas) orm noitís a thógaint den tsaol san, a’s ligint do mo chuidchúramaí a’s mo dhúil i dul chun cinn agus i dtae agus i’m mianta féintitim uaim. Níl sa rudaí sin ach ceo, mar deireadh na sean-daoine. Tá fuascailt do-chreidte ann do dhuine, ligintdá chuid tuairimí féin, dá fonn a’s eagla, titim uaidh, a’s éirigh as an síor fuirse agus an síor-lorg, agus aithint an ciúnas óllmhór atá laistiar de gach ní: an solas gliondnrach san.
Nílim ag rá gur pharty beag deas atá ann – soláistií agus bronntanaisí. Tá bás ann a’s briseadh chroí. Bíonn droch-sheans ann, agus aicíd, agus eile.
Sé an saol é, áfach. An saol ceart; an saol fírinneach: an seana-shaol fiáin.
Sa deireadh, ní dideán ar an mbás ár dteach mór brea, ár n-inneall, ár n-intleacht, ár saibhreas. Tabharfaidh an bás amach sinn, dár ndeoin nó dár n-aindeoin. Ní dul as ag duine ar bith againn.
Nach fearr an tseana-shaol a fhoghlaim sula gcaitear amach ann sinn arís, a’s sinne chomh dall air, mar shaol, le bunóc nua-bheirithe?
Formhór na ndaoine a tháinic romhainn, bhíodar oilte ar na cúrsaí sin. Ní raibh aon dul as acu.
Shilfeadh aonfhear gur dil do fein me nuair a luionn do'm mionn
a's go dteann dha dtrian sios diom nuair a smaoinim ar do chomhra liom; sneachta siobhtha a's e a shiorchur faoi Shliabh Ui Fhloinn a's go bhfuil mo ghra-sa mar bhlath na n-airni ar an droighheann donn.
Shil me fein nach ag ceasacht spre orm a rachadh gra mo chroi, a's nach bhfuigfeadh se ina dhiadh me mar gheall ar mhaoin; fa-raor gear nach bhfuilim fein a's an fear a chraigh mo chroi a ngleanntan sleibhe i bhfad o einneach a's an an drucht 'na lui,
Ta feirin le me cheadshearc i mo phoca thios a's fearaibh Eireann, ni leigheasfaidis mo bhron, fa-raor. nuair a smaoinimse ar a chursai a's ar a chul brea donn, bim ag gearghol os iseal a's og osnail go trom.....
Sea, chaithainnse filleadh ar an dtigh gach maidin, agus chaithainn ligint do Shean an lá a chaitheamh sa choill mhór dó féin. Ní bó é no gabhair, tar eis an tsaoil. Gach lá, d’filleadh sé um a 5 a chloig tráthnóna, agus b’é an diail é, é a choimeád as an ngairdín againn ansin. Bíonn blas ar duilleóga trataí agus arugula! Chun a áire a thabhairt ón arugula, ghlan mé cósáin tríd an raithneach agus na driseóga i móinéar eile taobh thiar den teach againn, agus d’aimsíomar mórán luibheanna deasa ann (Crainn bheithe; Lus na sead, agus eile), i dtreo gur chomh-tharraingteach an móinéar agus an gairdín.
Saol deas.
Bhí a fhios agam go raghadh sé faoi reith sa bhFomhair, agus go dtréigfeadh an chiall é, agus gan aon ní ar a áire ach ban-fhia: baol ann go n-ionsíodh sé rud ar bith a chuirfeadh bac air. Ba chuma liom fia beag martraithe dul i gleic le crann, ach coyote nó duine: sin scéal eile. Agus dá raghadh sé ar strae…
Ní raibh aon dul as againn, áfach, agus ní raibh le déanamh agam ach mo dhicheall. D’ullaímar pubal níos mó dó, don gheimridh a bhí le teacht.
Sos beag anois, agus Over to you, a Dhonnchaidh
A’s an minnean riabhach bu luime cliathach, le chuinnean fiadhta, as fiadhaich ceann, (Smooth: nostrils)
‘na chadal guamach an lagan uaigneach. Fo bhárr na luachrach ‘na chuairteig chruinn. (neat, comfortable)
(ó Oran Coire a’ Cheathaich le Donnchaidh Bán Mac an tSaoir)
Bidh gach frith gu líontach feurach, ‘S thèid na fèidh ‘nan èideadh suaicheanta (coill; full: distinctive)
Gu crócach cabrach cèirghealach, gu magach eangach èildeagach (quickfooted: white-rumped: many hinds: many fawns)
Gan grianadh sa mhíos Chèiteannach, air slios an t-slèibh mun cuairtaich iad… (May; )
Bidh am minnean úrar meanbhbhallach gnos tioram air a’ ghnúis bu sgeinmeile, (fine-spotted; inquisitive)
Gu mireanach lúthmhar anmadail, ri slinnean na h-earb an guailleachan: (doe; accompanying)
Bu chlis feadh pris mu anmoch iad, gu tric fo iochd nam meanbhchuileag: (quick: thickets: midges)
Gu sgideil gibeach gearrmhasach, an sliochd dh’an ainm na ruadhagan… (lively, trim)
(An scéal arís)
Mí ó shin, níor tháinig an buachaill abhaile ag an gnáth-am. Tamall ina dhiadh sin, d’airios (chuala mé) duine ag lámhach i gcuid eile den choill. Ní cheadaítear lamhach fia ach amháin sa tséasúr, ach bhí cuma aisteach ar Sheáin, a’s a cheann ar fiarsceo, a’s rith greannúr faoi. Tharlódh go lámhfadh duine é ar an dtuiscint go raibh aicíd ar an bhfia.
Chuairtíomar na coillte, ag glaoch air ina ainm, ach níor aimsíomar é, a’s níor tháinig abhaile. D’fhan an mias choirce ann gan aoinne a bhaint leis: lá, dhá lá, trí lá. Bhíomar riamh ag súil go n-éiródh leis filleadh ar gnáth-shaol a chomhlacaithe ar an gcoill, cè gur lag é an dóchas sin, dáiríre: bhíodh dua air féir nó aon ní eile a bhaint den talamh, a bheathadh féin. Bheadh cabhair éigin uaidh teacht i dtír, fad a shaoil. Bheimis brea sásta an chabhair sin a sholáthar dó, go háirithe ón uair a’sgo raibhh ceachtro-luachmhar a theagasc aige duinne, ach...Ní mar a síltear, a bítear.
Gach uair a raghainn amach ar chúl a’ tighe i rith na chéad seachtaine sin, mheasainn go bhfeacainn é sna gnáth-loganna ann. Ní raibh ann ach mo chuid smaointe féin ag iarraidh an saol a mhunlú de reir a mhian féin.
Níor fhill Seán.
Sciortann an aimsir tharis orainn, agus le himeacht aimsire, téann sna cuimhní chinn a d’fhag Seán ina dhiadh. Bíonn an saol mór – saol seomra oifige: saol rachmhasach dall ár linne – ag brú timpeall orm arís, a’m mhúchadh agus a’m dhalladh. Níl de leigheas air ach teitheadh isteach san idirlíon arís.
Ach creidim anois gur shaol taibhse an gnáth-shaol faoi mar a caitear é, cuid is mó den am, sa lá atá inniú ann. Tá an saol gliondarach eile ann i gcónaíáfach – an tseana-shaol fiáin agus an saol ceart -- bíodh a’s gur annamh a túgtar faoi ndéara é.
Tháinig Seán i bhfoirithint orm, ach d’imigh.
N’fheadar nárbh fheáirrdeár saol, sinne a bheith chomh gear-shúileach agus i lathair leis siúd, pe acu sa choill, nó san oifig é? Tá an sean-shaol lom dáiríre, chomh-mór iontaisí le haon sean-scéal nó scannán: chomh mór dainséar freisin. Iarran sé orainn féachaint air. Iarran orainn ár gcroíthe a oscailt dó, a’s ár meanma. Tá an ghrian ann i gcónaí; tá lá agus oíche; tá creatúri, gach duine acu lán scéalta duinn.
Tús na ruda, éirí amach as seomraí cúnga an idir-líon, a’s aghaidh a thabhairt ar an saol. Bhí d’ádh agam gur chuir Seán d’fhiachaint orm éirí, agus gur roinn tamall dá bheatha liom. Ormsa anois leanúint ar aghaidh, nó titim i’m chodladh arís.
(Rexroth a's a inion um 1950)
A Sword in a Cloud of Light
Your hand in mine, we walk out
To watch the Christmas Eve crowds
On Fillmore Street, the Negro
District. The night is thick with
Frost. The people hurry, wreathed
In their smoky breaths. Before
The shop windows, the children
Jump up and down with spangled
Eyes. Santa Clauses ring bells,
Cars stall and honk. Street cars clang.
Loud speakers on the lampposts
Sing carols, on juke boxes
In the bars, Louis Armstrong
Plays White Christmas. In the joints
The girls strip and grind and bump
To Jingle Bells. Overhead
The neon signs scribble and
Erase and scribble again
Messages of avarice
Joy, fear, hygiene and the proud
Names of the middle classes.
The moon beams like a pudding.
We stop at the major corner
And look up, diagonally
Across, at the rising moon
And the solemn, orderly
Vast winter constellations.
You say, “There’s Orion!”
The most beautiful object
Either of us will ever
Know in the world or in life
Stands in the moonlit empty
Heavens, over the swarming
Men, women and children, black
And white, joyous and greedy,
Evil and good, buyer and
Seller, master and victim,
Like some immense theorem,
Which, if once solved, would forever
Solve the mystery and pain
Under the bells and spangles.
There he is, the man of the
Night before Christmas, spread out
On the sky like a true god
In whom it would only be
Necessary to believe
A little. I am fifty
And you are five. It would do
No good to say this and it
May do no good to write it.
Believe in Orion. Believe in the night, the moon, the crowded
Earth. Believe in Christmas and
Birthdays and Easter rabbits. Believe in all those fugitive
Compounds of nature, all doomed
To waste away and go out.
Always be true to these things.
They are all there is. Never
Give up this savage religion
For the blood-drenched civilized
Abstractions of the rascals
Who live by killing you and me.
From the book In Defense of the Earth, published in 1956.
Laghan Laws
An-diughToday
Theid me dhan a’ mhonadh a-rithistI’ll go to the moor again
A choiseachd leis a’ chúto walk the dog
(feumaidh neach a leisgeul(One needs one’s excuse
Airson a bhith leis fhéin,) to be alone)
agus bidh am baile air mo chúlaibhthe village behind me
Airson greis,for a time,
Gleadraich sluaigh agus a laghan.The clamour of people and their laws
Agus ann a seo, chí mi lagh eile,And here I see another law,
Lagh náduir, bith a’ stri gus a bhithnature’s law, being striving to be,
Agus bóidheach anns a’ chuid as motha,and beautiful for the most part,
Gun ceart no ceárr a’ bonntain leis.Not touched by right or wrong.
Bu toigh leam riamh rudan fiadhaich:I always liked wild things,
Lusan a’ fás gun faighneachd,plants growing without asking
Frainneach is fraoch le flúr…bracken and heather and flower,
Agus gun teagamh, bidh tusa air m’inntinn,and certainly I will be thinking of you…
From the book Bailtean (Maoilios M. Caimbeul), Gairm, 1987.
Social Change in 19th-century Ireland: The Decline of the
Irish Language in Munster(The Introduction to a paper I wrote long ago.)Most recent Irish historiography has
taken the loss of the Irish language in large areas of Ireland during the 19th
century too much for granted, and has failed to examine the circumstances of
this loss and its implications for our understanding of modern Irish society.
One gets the impression, in reading many contemporary general works on Irish
history, that most Irishmen and women somehow simply woke up on some
unspecified morning between the Flight of the Earls in 1609 and the onset of
the 18th century and decided to speak English instead of Irish--except, of
course, for the Aran Islanders. The death of the Irish language is thus commonly
treated in the historiography as a minor and not very relevant occurrence, with
few important implications for the development of Irish society: as a mere change of wardrobe. The Great Famine is often assumed to
be one of the few real landmarks in this vague landscape, to that extent that
it killed off the remnant Irish-speaking hordes in the West. The tacit
conclusion seems to be that writings on pre-famine society should thus
consequently include a perfunctory discussion of the existence of the Irish
language, but that such a discussion is no longer relevant in works dealing
with post-famine society.These standard views often associate Irish in post-17th-century Ireland
specifically with the west of Ireland, with the fecund, sweaty, picturesque
masses that toiled in a primitive Celtic half-light there, dwelling in an
ignorance that was born of simple isolation from the modern world. English and
modernity together, these views assume, flowed westwards from the areas closest
to Dublin and the Irish Sea, but hadn't yet reached the distant western bogs,
when the famine gave those remote Gaelic realm their death blow. Such a view
regards language use, whether English or Irish, as a simple function of
distance from England or from Dublin. Irish, in this standard historiography,
survived simply as one aspect of a stagnant unchanging primitive society, like
a slug under a rock in the middle of a bog, that was destined to wither in the
light of the Modern Age. The truth, however, is rather different.Much of the older generation in flat and
fertile north county Meath, 30 miles from Dublin, was still Irish-speaking in
1890. Many older people in northeastern county Louth, 45 miles from Dublin, were
still Irish-speaking in the early 20th century. At the same time, very remote
areas like southwestern Mayo, and even Clare island in Mayo, were already
English-speaking in the mid-19th century. Irish did not disappear in some
mysterious overnight vague fashion, nor was its 19th-century existence
associated simply with distance from the Irish Channel. It did not survive due
to simple isolation or poverty. The process of language loss is very closely
related to the profound changes that occurred Irish society in the late 18th
and early 19th centuries, and an understanding of this process has much to add
to our understanding of the genesis of contemporary Irish society.Vague, simplistic and unexamined assumptions
about linguistic processes in 19th-century Ireland reveal more about the intellectual
formation of modern Irish historiography than they do about actual linguistic
and historical processes. How was Irish lost? What was the chronology of this
loss? What was the effect of the famine on the survival of the language in
19th-century Irish speaking communities? Does the disappearance of the Irish
language have more to tell us about the genesis of modern Ireland than has been
assumed? Is the standard historiography mistaken about the nature and relevance
of the process of language loss in 18th and 19th-century Ireland? If it is,
then what are the nature of its mistakes, and what do they reveal about the
tacit theoretical background of much of this body of work?Irish in 19th-century IrelandThe earliest available source of
statistics on the Irish language was, until recently, the 1851 census. This
document's most obvious drawback is the fact that it postdates the famine and
provides information about a society that had just lost some one million
people. It cannot provide us with information on the pre-famine linguistic
situation, which might have been very different from the post famine situation.
Dr. Garret FitzGerald (former Fine Gael taoiseach) however, published a paper
in 1984 that uses the information provided by the 1881 census (the first census
considered accurate as regards language) (N and 1851 and 1861 censuses for the
pre-1801 period) in order to compute backwards the minimum levels of
Irish-speaking ability in decennial cohorts born in decades from 1771-81 until
1861-71. It is possible to do this because the 1881 Irish-speaking population
was broken down into age groups. The proportion of people who were, for
example, between 50 and 60 years old in 1881 and who could speak Irish tells us
something about the linguistic situation in their area when they were growing
up.Such decennial groups provide a means of looking at the situation of the
Irish language as far back as 1771-1781 (N).The statistics are available on a barony level, and Dr. FitzGerald's
paper thus allows us to examine 19th-century language ability on a fairly
precise scale2. These are the
statistics that I have used to identify patterns of language use in
19th-century Munster.Dr. FitzGerald's paper suggests that at least 70% of the generation born
between 1801 and 1811 spoke Irish in all the baronies in Munster, except for
those in central and northern Tipperary. The language was spoken by more than
60% of this generation in central Tipperary, but by less than 20% in north
Tipperary. The proportion of these decennial cohorts speaking Irish was more or
less stable in most areas of Munster in the decades leading up to 1801, but
there had been a drop of 5% in the Irish-speaking proportion of these
generations in certain baronies between 1801 and 1811. Such baronies were in
Tipperary, in the immediate neighborhood of Cork city and in southeast Clare
(Tulla).Further change occurred in the 1811-21 generation in Tipperary,
northeast Cork, east Waterford and east Limerick. There was a decline of some
10% in the proportion of this generation that spoke Irish in Fermoy, Barrets
and Orrery and Kilmore baronies in northeast Cork, for example, and this high
rate of decline characterized all the other areas just mentioned. The rate of
decline increased in the 1821-31 generation in these regions, and declines of
20% were common in northeast Cork, Tipperary and east Limerick. Less
precipitous rates of decline began to appear in some other areas of east Cork
and east Clare in this decade. The 1831-41 generation showed calamitous
declines in their proportion that spoke Irish in Tipperary, northeast Cork and
east Limerick. The other areas mentioned above continued to decline, though
more slowly. Decline also began in south and west Cork, in parts of Kerry and
in south and west Limerick.Its clear from such figures that decline had already begun well before
the famine in some areas that had been strongly Irish-speaking in the
17th-century. It is also obvious that rates of decline varied tremendously throughout
Munster, and that it is possible to use these varying rates of decline to
define the existence of four fairly distinct linguistic regions in 1801. The
first of these (north Tipperary) was already well advanced in language shift in
1801. The second, made up of most of the rest of Tipperary, northeast Cork,
east Limerick and the Tulla baronies in east Clare had generally been strongly
Irish-speaking at the beginning of the period, but began to decline very
quickly in the opening decades of the century. The third region consists of the
bulk of the rest of the province, which began to decline at a rate of from 5%
to 10% per decennial cohort in the years before the famine. The fourth (much of
Clare, Kerry, parts of south and west Cork and of west Waterford) had stable
proportions of their early 19th-century generations speaking Irish.What is the meaning of this pattern? One might look for an explanation
in some intrinsic linguistic frivolity of the people of north Tipperary and
northeast Cork , but it would probably be more useful, in establishing a basis
for understanding their different linguistic situations, to examine the
differences in the social and economic characteristics of these four areas, the
contexts in which Irish existed. The criteria that I have chosen in order to do
so are ....These criteria are by no
means exhaustive, but do provide a general measure of differences among
regions. My hope is that this process will help establish generalized regional
social patterns that will provide a context for the linguistic change that has
been documented by Dr. FitzGerald.
Tús
scéala i dtaobh Fearchar Mac Iain Oig óTransactions of the Gaelic Society of
Inverness, 1984-6, d 486. Donnchaidh MacMhathain (Duncan ‘Stalker’ Matheson),
Camas Loinidh, Cionn tSáile (Kintail).
Nis (anois), bha duine eile ann air am bithin
(air a mbinn) a’ cluinntin iomradh (caint), agus ‘se an t-ainm a bh’ air an
duine seo, ‘se Fearchar MacRath neo Fearchar Mac Iain Oig mar bu (ba) trice
(minicí) bhiodh iad (siad) ag éigheachdainn air. Bha e (ag) fuireach (fanacht)
a shuas air a’ Mhorbhaich, is bha e ‘na shealgair (fiagaí) aig an t-Seafortach
Mhór. Bha e posd’ anna a sin...Latha bha seo, bha e air folbh (amuigh) a’s a’
mhonadh (sliabh) agus có tháinig a’ rathad (bóthar) ach a’ Siamarlan
(Chamberlain) aig an t-Seafortach agus e ag iarraidh fiachan mál (fiacha cíosa)
a bh’ aca ri (le) pháigheadh. Cha robh sgillig airgead a’s an taigh agus thuirt a‘
bhean seo ris (leis). Cha robh an Siamarlan toilichte (sásta) leis a’ seo: chan fhac’
e na b’fhearr na an coire bha ri taobh an teine (a) thoir (tabhairt) leis. Agus
charr e (chuaidh sé) ‘n a’ bháthach (‘bothy’) aca is thug e leis an aon mhart a
bh’ aca, is d’fholbh e (d’imigh) leotha. Goirid (gairid) as deasghaidh sin,
thainig Fearchar Mac Iain Oig a dhachaigh (abhaile) dhen a’ bheinn (sliabh) agus
cha robh a ann an ordugh ro-mhath co-dhuibh (ar aon cuma). Tha e coltach (cosúil)
nach d’fhuair a beathach (fia). Thuirt a bhean ris (leis) dar (nuair) a
thaining e, “Nach truagh an duine thusa (a) leig leis a’ mhéirleach folbh leis
a’ mhart again! De (cad é) tha thu (ag) ciallachdainn?”
Nuair a dh’inns i dha dé a thachair
(tharla), ghobh (gháibh) e leithid de dh’fhearg agus gun deach e as deaghaidh (i ndiaidh) a’ Siamarlan agus aig an am a rug e air, bha e (ag) dul anull Amhainn Chàineag
mu choinneamh (os comhair) Dorus-dubhain. Bha leithid de chuthach (cochal) air leis a’
rud a rinn e air, is gun (gur) do loisg e (ie Fearchar) air (scaoil urchar
leis) as a deaghaidh, agus mharbh e e. Nis, dar a chunnaic e a’ rud a rinn e,
bha aithreachas air agus b’fheudar (b’éigean) dha teicheadh. Char e dh’fhalach ann
an creig bha shuas fos (os) cionn Allt a’ Chruinn airson (do) latha na dha...
1/6/22
Gaelic
Words and Expressions from South Uist and Eriskay: 1958
The different stages or degrees of
drunkenness: 1) Beothachadh 2) Bláthachadh 3) Frogan 4) Gu math aige 5) Eadar
(idir) a’ chluas ‘s an adhairc 6) an daorach
7) an dallanach
Seachd bliadhna aois a’ chait,
Gu h-éibhinn ‘s gu h-ait:
Seachd bliadhna eile gu troma-cheannach,
Golla-cheannach, cadalach (ceann mór)
Beannacht do na beithigh (ba) agus iad ag dul amach ar an sliabh:
Siubhail beinne! Siubhail coille! Is (agus) blianagan fada (‘far green spots’)! Siubhail gu réidh
fada farsuinn! Buachaille Mhoire (Mhuire) fo’d chois!, ‘s guma slán a thig thu
as
Ceann eile: Gum bu dúinte gach sloc, ‘s gum bu réidh gach cnoc:
Buachailleachd Chaluim Chill’ oirbh, gus an tig sibh dhachaigh (Nó go
dtiocfaidh sibh abhaile)
"Pears’-Anmanna": a particular prayer said over a dying
person...applying the sign of the cross as formed by crossing the thumb on
forefinger to the lips of a person dying...
A Thighearna Iosa, a cheannaich an t-anam-sa,
Gabh a staigh air do chúram e.
“s gun robh Mícheal geal ‘na chómhdhail
"Sloc an áirich": (the grazier’s hollow), a little hollow near the
tail of a cow which indicates when cows are likely to calf.
Diocar: Uist for deacar, difficult. An car a bhios as an
t-seann-mhaide, is diocar a thoirt as.
Na Cruacha: Scéalta agus
Seanchas, eag. Áine Ní Dhíoraí, An Clóchomhar, 1985, d. 138. (Na Cruacha
Gorma...(Blue Stacks)
Thug sé (Colum Cille) a mhallacht uair eile do dhuine ar bith ina
dhiadh féin, do dhuine ar bith a chuirfeadh bróg agus stoca ar chois amháin,
sula gcuirfeadh sé an dá stoca air. Is
cosúil go raibh an tóir ina dhiaidh aon am amháin eile, agus tháinig siad air
agus leathstoca agus leathbhróg air, D’imigh sé an rása, ach chuir an
leathbhróg oiread de chrapall air agus rug an tóir air. Dá mbeadh an dá bhróig
air, níbhearfadh siad air, nó an dá stoca,
ach oiread, agus ón lá sin go dtí an lá inniu, thug sé a mhallacht do dhuine
ar bith a chuirfeadh leathbhróg agus leathstoca air féin.
3/8/22
Riobard Bheldon: Amhráin
agus Dánta: eag P. Ó Macháin, Poddle Press, 1995, d 65. Nuair nár thug an
t-oireachtas (i mBaile Átha Cliath) aitheantas do dhán a chuir an Bheldonach (c
1835-1914: Cill Rosanta, Co Phort Lairge)) isteach ann in 1902.
Dánta i mbun sásaimh a tháthu ní fhéadaim,
Ach racaireach scáineach, cúischáinteach, gan éifeacht (ie dar leo
siúd),
Mara mbeinnse ceanndána, údarásach gan éirim,
Ní thomfainn mo phrata i bpláta na n-éigeas.
Is gnó suarach, cágúil, rafálaí míbhéasach.
Bheith ag machnamh ar dhánta a chur go sárcheart le chéile,
Ní gnáthúil siúd bláthanna a fhás ar dhruim sléibhe,
Is ó bascadh san Áth mé, mo shlán leo go n-éagfad. (Go n-éagfaidh mé)
27/5/22
Ó
Láimhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (ie. Art Mac Bionaid, 1793-1879, Co Ard
Macha), eag R. Ó Muirí, Eigse Oirialla, 1994, d. 198-199) (Faoi mar a scriobh an Bionadach é)
(Ealú
Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill athuair, 1592)
Sul dar tugadh chum dinnear iad, bhain siad
a gcud boltaidh dhuibhtha agus fuaradar amach an bealach ceadhna, agus air
n-aisde cheadhna mar fuaradar aroimhe. Agus a n-uar a fuaradar air an taoibh
ele don treinse a bhí’tiomchiolladh an chaislean, do bhí seirbhiseach dilios
aige feitheamh ortha (oir budh ghnath leis a theacht do bhfios agus leigeadar a
ruin leis.) Thug se leis trid na sraidibh iad gan cusnamh. Bhí geataigh na
cathracha foslaidh agus níor sgur siad
go dtangadar chuige an tSliabh Ruadh arísd le dorchadas na haoidhche. Le
deithne na ratha agus le heagal teoraigheacht, sgaradh Heanraigh O Neill
diobhtha…Bhí a n-aoidhche ‘cur shneachta agus níor bhfuras dhoibh a dhol ar
aghaidh, oir d’fagbhadar a gcud eadaigh mur aoin le na gceimleach ansa tuigh uagnach
‘na ndeigh…
25/5/22
Ó
Mhicheal Óg Ó Longáin’s Collection of Irish Proverbs (circa 1808), eag T. Ó
Raithile.
Trí nithe is sia ina bhfanann a rian: rian
guail i gcoill, rian siséil i líg agus rian suic i gcrích. (Chisel, block of
stone: ploughshare, furrow)
Trí nithe is giorra ina bhfanann a rian:
rian éin ar chraoibh, rian luinge ar linn agus rian fir ar mhnaoi.
Cheithre nithe nach togtha d’Ėireannach
ionntaoibh leó: adharc bhó, crúb chapaill, dranna madra, agus gáire Sagsanaigh.
Fiacail chon, dealg dóibe (mud), agus focal
amadáin: na trí nithe is géire le fagháil.
Cúngarach tighe, cúngarach croidhe,
cúngarach bídh: trí anacra móra.
Tá trí saghas fear ann: fear graftha
(worker): fear fiadhaigh, agus fear gaoithe.
Trí saghas fear go dteipeann ortha bean do
thuisgint: fir óga, fir aosda, agus fir mheadhon-aosta.
Trí nithe nácha féidir fhoghlain: guth,
féile agus filidheacht..
Trí nithe ná réitigheann le chéile
choidhche: beirt bhean phósta i n-aon tigh: dhá chat os cionn luiche: beirt
bhaitsiléir i ndiadh aon óigmhná.
Luimneach a bhí, Baile átha Cliath atá,
agus Corcaigh a bheidh.
23/5/22
Rann
as Cailín Deas Bhréachmhuigh, leis an athair Pól Mac Briain, Co na Mí, (C 1762-1820) Ó Amhráin na Midhe, eag. Ė Ó Muirgheasa, Comhlucht Oideachais na hĖireann,
1933 (?), d. 64.
Tá cailín déid-dheas ‘mo dhiadh i mBreachmhuigh,
‘Sé ábhar m’éagcaoin’ nach bhfuil sí liom,
Ar uaigneas coilleadh, nó i ngleanntán sléibhe,
Mur (ie. ‘mar’) mbéinn dá bréagnadh faoi bhruach na dtom.
Mar Bhláthnaid ghléigeal le Cúroi d’ealuigh,
Tar éis gach géibhinn go críochaibh Chuinn:
Nó mar Naois’ Mhac Uisnigh fa n-a annsacht Déirdre
‘S go dtriallfainn féin léithe ‘un na Gréige anon.
21/5/22
Ó
Book of the O’Byrnes, lámhscríbhinn le Micheál Ó Bruin, 1726 (Co Wicklow: an
Sliabh Rua, go háirithe. ( Leabhar Branach, eag Seán Mac Airt, Dublin
Institute for Advanced Studies, 1944: d. 441).
Ag so duth (duiche) Sémus mhic Cathaoir Uí
Bhruin mac Murcha m. Cathaoir m MUleachluinn m. Murchaidh m. Cairpre Ceis m.
Gearailt m. Donnchadh m. Cathaoir m.
Gearailt Bhlaith m Donnchaidh m Taig na Fhiach m. Dubluinn Dubhchlouana m
Doncha Mhór m Domhnaill na Sciath cc. Agus do bhí an Semus reimhraite a
bhorlaimhus a dhuithe go haimsir Chromuill no gur díbre go heagórach é le
foirneart eachtran, agus do bhí da
heaspa go teacht don daradh Semus ina chroinn, agus do bhí ina forlamhus an fad do bhí an Righ ina riactuibh
agus fós is ionsan aimsir do fuair sé bás agus do cuire go mordhálach ion a heampall
duithchuis é a Gill Comain a contae Chille Mantán.
22/5/22
Scéilín
ó Ghaoth Dobhair: Seanchas Ėanlaithe Iar-Uladh, S. Ó hEochaidh, Béaloideas , d. 249-50
Bhí bean i n-a chomhnaí ag taoibh Loch
Alltán thuas faoi’n Earagal. Ins an am sin, bhí na mrá toighe chomh graitheach
leis na fir, agus nuair a rachad siad amach, chaithjfead siad an tachráin a
thabhairt leó agis a gcaitheamh ansin, agus cead acu lámhacán leó.
Bhí an sliabh lán iolar ins an am udaí,
agus bhí scrios mór a dhéanamh acu ar chaoirí agus ar ‘achan chineál éanlaithe,
agus ar ‘achan seórt a bhí siad ábalta a iomchar i n-a gcuid crúba móra.
Tháinic eallach na mrá seo anuas ó’n chroc
a’n lá amháin, agus rug sí ar a páiste, agus thug sí léithí é go gcuiread sí
arais an t-eallach. Bhí an páiste i n-a shomachán throm, agus chaith sí sios ar
an talamh é, agus shíl sí nach rabh rud ar bith le baint leis go bpillead sí.
Nuair a d’imthigh sí as amharc an pháiste,
caidé a tháinic an bealach ach iolar! Thóg sé leis ais an páiste… (Rinn siad
cuartú ‘achan áit…)
D’imigh sé leis ar a lorg, agus ceart go
leor, fuair sé an tachrán ins an fháir agus gan deargadh creabhair air. Thug sé
arais ‘soir a mháthair é…Ba de Chlainn tSuibhne an lánúin seo, agus d’fhág an
chlann an ceanntar ar fad i n-a dhiaidh sin.
20/5/22
Blúirín
de Eachtra Léithín, eag Douglas Hyde, Celtic Review, No 10, 1915-16, d. 134-35.
Agus as iad do rin an cómradh, eadhon
fiolar dár bh’ainm Léithín agus éan d’à éanaibh ag agallamh fria go ciúnlànach
gearránach aig caoine a bhfuachta go truagh tuirseach imshníomhach, go
ndubhairt an t-éan risan bhfiolar:
‘A Léithín,’ ar sé, ‘an cuimhin leat
macsamhla na maiden aniugh ná na hoidhche arúoir do theacht ar t’eolas
roimhe-se riamh?’
‘Ní cuimhin,” ar Léithín, ‘go gcualas ná go
bhfeaca a samhail ná baramhuil di ó cruthuigheagh an domhan, agus an cuimhin
leat féin no an gcuala tú a leithéd?’ air an fiolar ris an éan.
‘Atáid daoine le na cuimhin,’ ar an t-éan.
‘Cia hiad féin?’ ar an fiolar.
‘Dubhchosach Binde Gulban,’ ar an t-éan, ‘eadhon
damh diomhór dilean atá ag Bind Gulban, agus asé óglaoch as sine cuimhne da
choimhshíne féin a n-Ėirind é.’
‘Ort do chol agus do chol dhuais! Dar
ndóith, níl a fhios sin agad-sa! Gidheadh, ciodh fada sin uaim-se, rachad dá
fhéachuin an bhfaghaind scéla uadha.’
18/5/22
Scéilín
ó A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraígí Feasta!. Eag Ó Catháin/Uí Sheighin, Cló
Chonamara, 1987, d.98-99.
Cén chuma a bhéadh ar an ghréin dá mbeadh
uair mhaith air? Bheadh sí crua glan dearg agusan-dearg, ag dul faoi dí. Nuair
a bheadh drochuair air nó aimsir fhliuch, bheadh sí riascach meirgeach agus
dath dorcha uirthi. Dá mba sneachta a bheadh air, beadh na scamaill dorcha
agusdath dearg orthu. Dá mba sioc a bheadh air, bheadh an spéir glan crua gear,
agus na réalta preabadach. Dá mbeadh gaoth air, bheadh sínteacha fada sa spéir
agus bheadh an ghrian ag cur dealraithe uaithi. Bíonn fáinne mór bán tharet ar
an ghealaigh go minic, agus nuair a bhíonns an fáinne gar di, bíonn drochuair
air agus nuair a bhíonns an fáinne I bhfad uaithi, bíionn uair mhaith ann. ( ó Mhicheál Ó Conólaigh)
16/5/22
Blúirín
ó sheanchas Hugh MacKinnon, Eige, (oileán in Alban). Ag tagairt do iomáint atá
sé, sna 1920s.
Agus co-dhiúbh (ar aon chuma), ri (leis)mo
chuimhne-sa, ‘se Latha Nollaig, ‘Latha na Bliadhn’ Uire is Latha nan Trí
Righrean, se sin na trí latha tha cuimhne agam-s air am biodh daoine dol dh’ iomain sios. Ach an ginealach a bha romham agus ginealaich eile roimhe sin, bha
ásan (iad-sin) a’ tóiseachadh Latha Samhna. Bhiodh Latha Samhna aca, Lathe Fheill
Amharast (??) agus Latha Nollag , ‘s Latha Bliadhn’ Uire is Latha nan Trí Rígh.
Bhiodh na coig latha aca agus bhon (ó’n uair é agus gur) a se Latha nan Trí
Rígh a’ latha fo dheireadh a bhiodh aca dhen iomain, nan (Dá) leigeadh a’ lán
leotha e (ar an trá a bheidis), bhiodh iad shios gus am biodh an oidhche air
(tar éis) titeam, ‘s na rionnagan (realta) air an adhar (spéir), mun (Sula)
tigeadh iad dhachaidh (abhaile), agus bhiodh iad cho sgíth (tuirseach) is nach
toireadh iad am bainne a (as) spáin (Spunóg) nuair a thigeadh iad dhachaidh.
…Tráigh Lathaigh shios a sin…ach nuair bha
mi ‘nam bhalach a’ dol dhan sgoil, ‘s sinn ó, suas chuile car, agus eadhon dha no trí
bhliadhnachan an déidh a’ cheud chogaidh, bhiodh iomain glé mhaith ann. Bhiodh
a chuile duine san eilean a’ cruinneachadh a dh’ionnsaigh na trághad. Agus
gheibheadh tu, tha mi cinndeach, cruinn air fad iad suas mu mhiadhoin latha,
mun dá uair dheug.
6/5/22
Fealsúnacht Aodha mhic Dhomhnaill (Co. na Mí,
1802-1867) d.173
Is iad seo na héanlaithe a thaithíos
agus a shíolraíos
sa tír
seo, agus is iad atá ann ó shinsearacht; agus mar sin féin, is níos
gainne atá
siad ag éirí gach lá dá bhfuil ag teacht, ionas gur ní
deacair do dhaoine nead aoin díobh a fháil—eadhon in aimsir a síolraithe—ach
mar sin féin
feicimid na hálta gach bliain. Ach is é a thaibhsítear
domsa, gur le linn shaothar an talaimh agus ghlanadh na n-adhmad ar shiúil,
óir
níl
coillte ná
rosáin
ar an uair seo mar a bhí sa seanracht….Ach ní thig liom-sa ciall a bhaint
as seo (gainneacht na n-éanlaithe móra ar nós an iolair) ach go silim gur
mar seo a ordaíodh na nithe seo a bheith ó thus: óir dá mbeadh an t-iolar nó
an chuid eile de na dronga cíocracha chomh líonmhar leis na mion-éanlaithe,
ní
bheadh éan
eile beo gan scios.
4/5/22
Cinn Lae Amhlaoibh UíShúilleabháin,
Callan, Co Chill Choinnigh d.31-32, 1828.
Cluinim go raibh dhá liathróid órga Bhealtaine ag buachaillí óga
na mbánta inniu, noch do fuaireadar ódhá lanúin phósta um Inid seo ghabh
tharainn. Bíonn craobh Bealtaine acu ar bharr baitin nó cliath fhada, agus an liathróid
órga ina lár, agus iad féin agus mná óga ag rince ina thimpeall.
Ní raibh liathróid Bhealtaine i gCallainn ón bliain 1782, an tan
do maríodh an Buitléarach le Seán na Sál.
Lastar sop ar gach taobh den bhearnain agus cuirtear na beithígh
trés na tinte, Sean-nós é seo ó aimsir na ndéithe…
2/5/22
Clann na gCnoc, Maghnas Ṓ Domhnaill (Anascaul (?) Co Chiarraí),
Oifig an tSoláthar, 1940 d.131
Bhí madra ruadh sa chomharsanacht agus is minic a ghéibheach Muiris
a lorga ar fuaid na háite agus oídhche amháin, chonnaic sé ag ealú leis thar an
tigh é nuair a bhí na gadhair ‘na luighe ar úrlár na cistineach istigh agus
solas an lampa ag taithneamh go ciuin sámh ‘na dtimcheall. Do rith Muiris go dtí
an doras, dhruid isteach é agus do scaoil na gadhair amach ‘na dhiaiddh—an madra
caorach, an gadhar gorm agus an chú—agus do leanadar síos suas ar fuaid na bpáirceanna
é agus tamall maith suas an cnoc. D'fhan Muiris mar a raibh sé le hais an
dorais mar bhí fhios aige go raibh sé ró-dhorcha chun iad do leanamhaint, ach
bhíodh fhios aige an áit ‘na mbíodh an tóir mar bhí an madra caorach ag amhastraigh
is ag sceamhghail gan sos gan suaimhneas ar fuaid na bpáirceanna solasmhar ndrúchtmhar…
30/4/22
Blúirín
as An Introduction to the Irish Language le Rev. William Neilson, 1808, agus
1990. Gaeilge Cho. An Dúin atá ann. (Faoi mar a fuarthas...)
An mbeara tu ni eigin di?
Cia an t-abhair a bhfuil tu ann so? (Why
are you here?)
Cionnas ta sibh uile?
Do de sin ort?
Bhfuil dúil agat a dhul? (Do you want to
go?)
Bhfuil mian agat a dhul? (Do you desire to
go?)
A dtiocfa tu liom?
Nil fios agam agus is cuma liom.
Na te amach go foil. (Don’t go out yet.)
Nior eirig se go seaid. (go foil…)
Muna he go ndearnadh me amhluigh. (If it
hadn’t been that I had done so…)
Ca fada rachas tu?
Na beir greim cruaidh air.
Tabhair fa deara brigh an sgeil. (Pay
attention to the meaning of the story)
Bhfuil amhras agan ann mo bhriathraibh? (Do
you doubt what I say?)
Go de d’imthig air a maoin? (d.52) What happened to his goods?
Fuar na dlighteamhnaighan chuid is mo
de (The lawyers got most of it.)
28/4/22
Blúiríni
as Gaelic Words and expressions from South Uist and Eriskey, Dublin Institute
for Advanced Studies, 1958. (Cnuasach ó circa 1886-1899.)
D 134: Gádruisg, too much insipid
nonsensical talk Tuilleadh ‘s a choir de bhruidhinn gun dóigh gun bhun gun
bhárr
D 135: Gabhail: a flame, gabhail an teine.
A draught, gabhail na gaoithe. Gabhail, entertaining or hospitality. “Far am bu
ghreadnach a ghabhail,” where hospitality was on a magnificent scale. Gabhail
aig (idiom): Tha na brogan an am gabhail aca. Time to mend the shoes. Tha e an
am gabhail aige, It is time to look after it, attend to. Fhuair mi mo ghabhail
agam gu maith, I was well cared for. Tha e air gabhail agam, he has engaged with
me for service. Gabhail roimh: Co an té a tha gabhail roimhe? Who is his
housekeeper? Gabhail romh. Entertaining. Fhuair mi deagh-ghabhail romham ann, I
was well entertained there. Gabhail air” Ghabh iad air, They thrashed him, beat
him—in sense of overcoming. Gabhail air, to pretend. Gabhail dha, to set to.
Gabhail uime, to look after. Tha e ‘n am gabhail uime, it is time to attend to
it. ‘Gan gabhail mar a chéile’ Taking them as they come. (ie. dha a gabhail…)
D 135: Gannaisg and Gathan Gannaisg, a kind
of rough grass with wheatlike ears. Bunches of it gathered in Skye for Halloween
night, and boys throw it at each other saying “Mo shaighead air do
shaighead-sa, Fionnlaigh,” :My arrow on thy arrow, Finlay.” This is believed to
keep the fairies from doing harm during the year.
26/4/22
Séamus
Ó Duilearga’s Antrim Notebooks – I: Texts, Zeitschrift fur Celtische Philologie, Seosamh Watson, 1984, (Litriú faoi mar a
fuaireas…) Bhailigh an Duileargach na rudai seo sna 1920s)
Shumad (Is iomadh) uair a chuala me na
sheanduine ag áhrsa sgéaltaí ag an teine ins a gheivreadh, ach chanil (chan eil) mo chuivne chó maich anish. Ahrsai
me sgéal dúit(ch) (bh)ón t-am a chói na hĖireannaí chun a choga ar Slua na Muc
go hAlbain agus tá mé shiúrailte nach il a haon ellik in Ėirinn a thúka leo a
sgéal shin áhrsa.
Ví nei guishki nin (in a) cónuí aig a
chuishlean ava geerig. Ví siad a tul (dul) ga húile (gach uile) gevra seilg gu
shliav Lochair (Sliabh Luachra). Nuair a ví siad ar shiúl, henny (tháinig) lé-duine as Albain
chun Cuishlean ava geertig. D’issirí sé do bven a taighe (bean an tigh) ca ró
na fir. D’áhrs sí do go ró siad a seilg ar shiúl in Shliav Lóchar. Duairt sé
léichi mur vé (bheadh) shiad aigen cúirt éisean in Albain ruhve (roimhe) léis
an am sheo márach, go gcúrhí shé Slua na Muc orsa. Nuair a thenny siad no vóla
(‘na bhaile), d’áhrs sí dófa guide duairt sé…
24/4/22
After
the extended social upheaval that resulted in the shift from Irish to English
language, ordinary people kept making songs and poems, and these songs – most
notably sports songs --continued to
have a place in local life up until the mid-twentieth century in some places.
(In other places, they disappeared much earlier.) They were an often
much-appreciated and enjoyed element of social cohesion, but their importance
is now more sociological than literary. Irish society continued to prize
ability with words, but the literary models available to the new
English-speaking society were folk songs in English – often pretty recent and
unskilled, compared to Irish songs – and poems learned in school.The resulting poems and songs are not that
great. (At all.)
In
translation, the following very minor Irish song about the theft of a cat (recorded
in mid-nineteenth century county Meath) might look like one of these clumsy
songs – and indeed it was a very local song that would have long ago
disappeared without notice, but that someone wrote it down -- but I want to talk about why such an
impression would be very inaccurate.
But, I
mean, words are just words, aren’t they? If I put equivalent English words in
the place of the Irish words of the original, I still get the song, don’t I?
The point is what the song says, and maybe secondarily the form in which it
says it.
Isn’t it?
It is
more complicated than that. A translation into English immediately places the
song in a new context: that of English literature in all its geographical and
social varieties, and in that context, an Irish poem or song becomes a new
thing. Why? A piece of literature is never an individual artifact; it exists in
connection with and in “dialogue” with many other elements of the literature –
maybe with all of it. When the poem or song is lifted out of that sea (so to
speak) and placed on the beach, it loses that context. Like a stone, it no
longer glitters; not only because it dries out, but because the many strands of
connection that nourished it (Okay, the rock metaphor just stopped working) are
gone. All someone looking at it can see is an object that they perceive and understand
in the contexts supplied to them by their own (English) culture and literature.
For
example, a poem about fairies, say, for an English-language reader awakens
associations based on experience with that kind of thing in English literature:
associations that may be wildly different from the associations of those of a
person familiar with Irish literature.
A bare
translation of what the words of a poem or song say thus can give a very incomplete and inaccurate idea
of the original. We get a recipe on a page, as it were, rather than the actual
cake or stew or whatever. When we use the recipe to make the cake, we supply
our own ingredients, and apply our own cooking skills to it. The cake may be
something very different from what the author of the recipe intended.
Also
relevant is the fact that the “meaning” of a piece is transmitted not only by
what the words say, but by sound: by cadence, and by general patterns of sounds
in the poem or song. The words’ “meaning,” and the poem’s “meaning”, is partly
generated by the aural effect. The tunes that native Irish sings, even in
ordinary conversation: the aural effects and “meaning” generated by them, are
different from English.
In
addition, sound patterns in a piece generate a maybe mostly unconscious (but
not always) awareness of previous pieces that used similar patterns, and
awareness of these creates part of the meaning we take from the new piece.
A poem
or song loses all these things when translated, uprooting and impoverishing it.
That’s not to say that translation is impossible: it is, but it demands
knowledge and skills far beyond simple knowledge of grammar.
Well,
here is the original, plus translation. Afterward, I’ll try to touch on some of
the elements that I think disappear in translation. (The translation was done
in ten minutes, and it is a good argument against translation.)
An
gcluin sibh mé, a dhaoine, tá macanta saoithiúil,
an
gcuala sibh an gnímh úd, do rinne Pilib Bán,
Cat
geanúil, croíúil, aigeanta, líofa,
Ghoid
sé as an tír é, a’s nár thaga sé slán.
Ba le
Para Héat é, crónthaí na céadtaí é,
Tá Anna
le buairimh, go suarach ina luí,
Tá fir
agus mná ina farradh gach lá,i
A’s tá daoine
á rá nach n-éiríonn sí choíche.
Do you
hear me, you people well-bred and wise,
Did you
hear about the feat that Pilib Ban performed?
He
stole an affectionate lively, intelligent, skilled cat
Out of
the place, and may bad luck attend him always.
The cat
belonged to Para Heat, and was beloved by all.
Anna is
devastated, lying dreadfully ill,
And men
and women are there by her bed, day and night.
What
they’re saying is that she may never get up again.
Tháinig
Bríd Ní Chumhna aníos casta ina gúna
Ar maidin
Dé Luain, á fháil faisnéis gan stad,
Labhair
sí go ciuin le hAnna bheag chumhartha,
“Is é
chuala mé go siúrálta go bhfuair tú do chat
thuas
ar an dún, a insíodh i gcuid ruin dom,
Go
dtáinig sé ar shiúl oíche ‘bhaile ‘na sac,
Go
scuaba an slua sí ar shiúil san oíche
An té a
thug an scríb ar do phisín beag breac.”
Brid Ni
Chumhna came down with her gown wrapped ‘round her,
Monday
morning, diligently seeking for the news.
She spoke
kindly with sweet little Anna:
“I
heard for a fact that you got back your cat
Up at
the dun –it was told to me secretly –
That he
came back in the night in a sack,
And may
the fairy host carry away every night
The one
who snatched away your little speckled cat.”
Thánig
Cathal Mac Cléirigh go moch ina léine.
“A Phádraig,
a théagar, an bhfuair tú do chat?
Fhad
a’sa bhí sé sa tír, lán bosca snaoisín
De mo
chuid coirce a fuair luchóg nó rait.
M’anam
a’s dar fia, cé go bhfuil mo cheann liath,
A
Phádraig, dá mbeadh a fhios agam cé ghoid do chat,
Cha
n-íosfainn gréim bia, a’s cha chodlóinn oíche,
Go
mbainnfinn géarríoc as, a’s go ndéanfainn a shlad.”
Cathal
Mac Cleirigh came early, not yet fully dressed:
“Padraig,
my friend, did you get back your cat?
As long
as he was around, no mouse or rat ever
carried
off a snuffbox’s worth of any of my oats.
On my
soul, and by gosh, though my hair’s now gray,
If I
knew who it was that stole your cat, Padraig,
I’d eat
not another morsel of food, nor sleep in the night,
Until
I’d made the thief pay, and destroyed him completely.”
Arsa
Anna bheag mhodhmhar, “A Chathail, ba tú an chomharsanach
Nach
ngoidfeadh a’s nach bhfuadódh madadh nó cat,
A’s
bheirim mo mhóid ar bhiobla na Róimhe
Nach
bhfuil aon fhear sa chomharsanach chomh macanta leat.
Dar mo
choinsias, a Chathail, dá mbeadh an pisín ar fáil
Gheobhfá
é, agus fáilte, roimh céadfear.
Chan
fhuil sé sa tír, a’s cha bhíonn sé choíche,
Fear
a’b fhearr ná thú féin fá thamall dochair.”
Dear
polite Anna told him: “Cathal, you’re a neighbor
Who
would never steal or carry off a dog or cat,
And I
will take an oath on the Catholic Bible
There
is no man in the neighnorhood as honest as you.
By my
conscience, Cathal, if the little cat
was to be had
You’d
have him from me, and welcome, before anyone else.
There
is no one around, and there never will be (Use of habitual for future)
Anyone
at all, a better support in a time of trouble.”
Ar
maidin Dé Sathairn, tháinig Scalaí ’na seanroith:
“A
Phadráig Uí Dhálaigh, cha maith liom do chreach,
A’s dar
a bhfuil de ghabhair ó seo go Baile Fhóbhair.
Chaill
mé mo mheabhair ó d-imigh do chat.
O luíos
an ghrian, le corradh agus bliain,
Char
chodail mé néal a’s char cheangail mé mart,
Ach ó
thiteas na hoíche, mé féin a’s mo mhnaoi
Le dhà
bhata droighean, mé ag ruscadh na rats.
Saturday
morning, Scalai arrived at a full run:
“Padraigh
O Dalaigh, I am sorry for your loss,
And I
swear by all the goats from here to
Nobber,
I quite
lost my mind since your cat went away.
For
more than a year now, any time after sundown,
I slept
not a wink, nor tied up a cow,
But
every time night arrives, myself and my wife
With
two blackthorn sticks chasing away rats.”
Níorbh
fhada ina dhéidh sin go dtàinig Taimí O
Géartaigh
Ag
mairgneadh a’s ag éagcaoin a’s ag gréadadh a làmh.
Thàinig
Néillí go céllí ina dhéidh insa téirim.
“A
Thomais, a théagar, bí thusa I do thànaí.
Stad de
do ghlaerthú, a’s na bídh ortsa buaireamh.
Nach
bhfeiceann tú Scàlaí nach gcodlaíonn aon oích’?
Cé go
bhfuil àr gcuid millte, agus ar ghar
‘bheith caillte,
Déanfaimid
sibhte ar na luchógaí à chloí.
It was
not long after that Tommy O Geartaigh appeared
Lamenting
and weeping and striking his hands together.
Neilli
came after him, and she in a great hurry.
“Thomas,
my dear, now please take it easy,
Stop
all your shouting, and do not be sorrowful.
Don’t
you see Scalai who does not sleep at night?
Although
our provisions are destroyed, and close to gone,
We’ll
find some way to defeat all the mice.”
Thàinig
Para Rua go dian anall lena scian
Agus
tamall de bhiobla leis ina làimh.
Spalp
sé go fíor é i bhfianaise na tíre é,
Go
sàifeadh sé an scian sa ngadaí go cnàimh.
“Níl
coirce nó líon dà bhfuil agam sa tsaol
Nach
bhfuil coganta spíonta ag luchógaí agus rats.
Scríos
agus dícheannú, gorta agus íota
Ar an
ainchríostaí ‘scuaib as an uainn do
chat.
Para
Rua came over, vehement, and he with his knife
And a
bit of a Bible there in his hand.
He
proclaimed it truly in front of everyone
That he
would stab his knife to bone, into the thief.
“There
is no oats or provisions I have in this world
That’s
not chewed and destroyed by mice and by rats.
Destruction
and beheading, starvation and endless thirst
On the
evil one who swept off your cat from us.”
Thàinig
Brian Beag go cróga gan stocaí gan bhróga,
Gan
hata gan chóta gan vist ar a dhroim.
Sheas sé
mar leon os cíonn Alt Mhic Uí Ghabhann
A’s
ghlan sé an currach mor go tí Phàdraig le léim.
Tharraing
sé a claíomh amach óna thaobh
A’s
d’fhiafraigh sé de Phàdraig an raibh gadaí sa tír.
“Mà
bhím ina dhéidh go Là an Luain, cha phillim go suain
Go
scoithfidh mé an ceann dà cholaínn go fíor….
Brian
Beag arrived bravely without shoes without socks,
Without
hat or coat or even a vest to cover him.
He
stood like a lion there over Ailt Ui Ghabhann,
And
came over the big wet place in just one leap.
He drew
forth his sword from by his side
And
then asked Padraig was there a thief in the land.
“If I
must pursue him until the end of time and the world.
Never
will I return here ‘til I sweep his head from his body.”
Thàinig
Phildigh O Cearbhlàin, ‘s é a choiscfeadh gach starmàn
Idir
chomharsana agus luch margàin le binnghlórtha béil.
Ar
seisean le Pàdraig, “Gheobhaidh tú flaitheas (in easnamh san lss.)
Ach
bíodh agat foighid mhaith, agus nà bí gan chéll.
Gheobhaidh
mise an féirín mà tà sé istigh in Eirinn,
Agus
cuirfidh mé in ngeibhinn an gadaí gan mhoil.
Beidh
again mórphléisiúr, agus ól fada in éineacht
Ag
gabhàil à gcuid véarsaí agus ag canadh gach grínn.”
Phildigh
O Cearbhlain came, he who’d pacify any argument
Between
neighbors and fairgoers with all his smooth talk.
He said
to Padraig: “You’ll reach Heaven (Line missing in manuscript)
But
take good patience now and don’t lose your mind.
I’ll
find your dear cat, if he’s still somewhere in Ireland,
And the
thief I’ll see in prison, it will not take long.
We’ll
all take our pleasure then, and drink long together,
Singing
out our verses and rehearsing every good thing.”
Fuair
Pilib càsa piostal agus claíomh géarr nach mbrisfeadh.
Fuair
Màire réidh go cliste dó bunóg a’s cearc bhreac.
Tràth ‘
ghluais sé chun imeachta, d’fhàg sé léi beannacht,
Agus
d’ardaigh sé a lón ar a mhuin ina sac.
Chuaigh
sé thart síos go Doire agus aníos Loch an Chuire,
Ó shin
go Cill Scíre, aniar go Droim Breait.
Ach ar
thaobh Gleann an Smól, ar eilit sa tóir,
Fuair
sé là spórt, an pisín beag breac.
Pilib
took a case of pistols and a keen sword that won’t break,
Maire
prepared handily for him a loaf and speckled chicken.
As he
prepared to set off, he gave her his farewell thanks
And
raised up his provision in a sack on his back.
He went
all the way to Derry, then to Loch Curry,
From
there to Killscirry, east then to Drum Breait.
There
by Glensmole was he found the little speckled cat
Enjoying
itself the day, running after a deer.
Nuair a
thàinig sé abhaile, bhi féasta agus cuireadh,
Ag
Pàdraig ina choinne le hollghairdeas a’s sport.
Bhí
fuisce ‘na thuile le n-ól ag gach duine
Agus
borda thart leagtha le bia de gach sort.
Bhí
uasal a’s íseal, anuas agus aníos ann,
Mar a
fuagraíodh sna nuacht go bhfuarthas an cat.
Bhí ól
agus aoibhneas, a’s ceol ar feadh míosa ann,
Agus
thart insan tír, níor fhan luchóg nó rat.
There
was feasting and celebration, once he was home,
A meal
Padraig had waiting with joy, delight and fun.
There
were floods of whiskey to drink for each person,
And a
table beside laid out with every kind of food.
Nobles
and commoners were there, people from every place,
Once
the news made its way, that the cat had been found.
There
was drink and pleasure, and music that lasted a month,
And all
around the country, mice and rats all were cleared out.
(The
song is in north Meath Irish, which is now extinct. It was basically an Ulster
dialect similar to the Irish of Louth and south Armagh, which were much better
recorded before they died. (One last native speaker of Omeath (Louth) Irish
still alive.) If you are interested in the dialect though, Aodh O Domhnail is
your man. He was a friend of O Gealcàin, and among many other things wrote a
sort of natural history that was published in 1967 as Fealsúnacht Aodha Mhic
Dhomhhaill, edited Colm Beckett. Aodha wrote in strong north Meath dialect,
fairly phonetically, and the edition reproduces his original text face to face
with normalized Irish. Beckett includes a 60 page discussion of the dialect.)
I took
this text from Peadar O Gealcàin, Scríobhaí, (1992).(O Gealcàin wrote many Irish manuscripts in
mid-19th century north Meath. This book discusses them, with copious
extracts of poems and songs.) Ciaràn Dawson, the editor, comments about the cat
song (translated):
'The
poet succeeded well in creating a mocking portrait of the neighbors by using
their most salient points in ways that don’t fit them. This is no nasty satire,
though, but a humorous harmless poem, and if anyone was offended by it, it was
probably because he or she was not mentioned in the poem….In the end, this was
a little local matter concerning local people, but the poet has turned it into
a substantial and funny poem through the use of exaggeration.'
So why
is the song not stupid doggerel?
It
echoes a genre of mock-heroic tales and poems characteristic of the southeast
Ulster/Northeast Connacht areas in the maybe 16th through nineteenth
centuries. These described self-important self-impressed “antiheroes” engaging
in activities that looked ridiculous to everyone but themselves. Something like
Cervantes, though, this is not done in an angry black-hearted way, but fondly,
and with much human insight.
The cat poem
shares the earnest, breathless, conversational tone of “Eachtra Aoidh Mhic Goireachtaigh” and the others.
It shares its lyric absurdity and fond mocking humor that, not least, is
founded on changing the context of ordinary “heroic” and Otherworld tales, so
that their motifs now have a very different effect. It would have awakened in
its original listeners many of the associations of these other tales and poems
which included, along with the obvious ones mentioned just above, an affection
for people, and for the world in all its specificity, joy and heartbreak, and
an awareness of imminent Otherworld presence. (I should probably explain and
document a bit better, but this is only a freakin’ blog, not a learned article,
so I won’t.)
23/4/22
Tosach dáin i dtaobh chláirseoir nár
thaithnigh go ró-mhór leis an bhfile Tadhg rua Ṓ Conchubhair san 17ú aois. (Measgra Dánta, Cuid 1. Eag Tomás O’Rahilly,Cork University Press, 1927
Saoi le searbhas Eóin man Eóin,
Daoi le’r dearbhadh cóir ‘na locht:
Mar chráin ag crónán dá cluinn (clainn)
Fuinn (foinn) a lámh, dórdán a dhocht.
Is mó do-gheibhtear I nguaillibh (dative plural) Eóin
Do shult ceóil ná i luas a lámh:
Alpa a dhá amhchrobh ‘na bhfeidhm
Mar chreim dá chlamhchon ar chnámh.
Mar bhíos céis ag
coin ar chluais
I nguais ag ceisneamh a cáis
Ó n-a chlos is céasta cluas,
Crobh gan luas ag pléasgadh práis.
Ní aithneann aon a phort féin,
An tan théid i gcaschrobh Eóin:
Tuar tuirse tafann a lámh,
Blas na gcrann gafann (henbane) ‘na ngeóin…
21/4/22
Blúirín de scéal
Mis agus Dubh Ruis, ó
lamhscríbhinn le Piaras Mac Gearailt,
file, in 1769. Gabhaim pardún
as an ngairsiúlacht agus an gnéasachas… Mis agus Dubh Ruis, eag t. de
Bhaldraithe, Scríobh
4, 1979.
…agus tháinig sí maille re dronghbhuíon ag lorg corp a hathar
ar feadh an áir (Cath Fionn Tráigh), agus iar bhfáil
an choirp go n-iomad créachta di, gabhas ag sú agus ag ól as na creachtaibh gur
imigh fá dheoigh ar faoi foluain le fiabhras gealtachais go Sliabh Mis gur fhan
ann leis an ré roimhráite (300 bliain)…D’fhásadar fós ingní a cos agus a lámh
chomh hinmheánach san ionas nach raibh duine ná beithach do theagmhadh lé ná
stróicfeadh sí gan fuireach…ionas go ndearnadh fásach ar uatha daoine agus
airnéise le heagla roimpi den taoibh dúiche dá ngairmthear Brantacht Chlainne
Muiris…Triallfad mórán (laochra)dá
hionsaí diaidh i ndiaidh gur cailleadh a n-úrmhór san eachtra léi…
(Sa deireadh, téann Dubh Ruis, cláirseoir, chuichi, bíodh a’s go bhfuil
an rí ag fonóid faoi mar gheall ar tabhairt faoi a leithéid.)
…Níor chian dó mar sin an tan táinig sí chum láithrigh ar gcloistin an
cheoil di agus do sheasaimh sí go n-iomad fiántais ag éisteacht leis agus ag
feitheamh air.
‘Nach duine thú?’ ar sí
‘Is ea,’ ar sé
‘Créad é seo?’ ar sí, ag cur a láimhe ar an gcruit.
“Cláirseach é,’ ar sé.
“Hó, hó,’ ar sí’ ‘is cuimhin liom an chláirseach. Do bhíodh a samhailt ag
m’athair. Seinn dom í.’
‘Déan,’ ar sé, ‘ach ná dein dochar ná díobháil dom.’
‘Nocha ndéanfad,’ ar sí.
Féachas ansan ar an ór agus ar an airgead, go ndúirt:
‘Créad iad so?’ ar sí.
‘Ṓr agus airgead,’ ar sé.
“is cuimhin liom,’ ar sí, ‘do bhíodh ór ag m’athair, och ón.’
Sméide súl dá dtug sí, ad-chonairc sí a dheá-nocht agus na baill
súgartha, go ndúirt:
‘Créad iad so?’ ar sí, lena mhála nó lena eoin eadhbhair, agus do inis
di.
‘Créad é seo?’ ar sí leis an rud eile ad-chonairc sí.
‘Atá, crann clis,’ ar sé.
…”Crann clis,’ ar sí arís. “Créad é, an cleas?’
…’Suigh taobh liom,’ ar sé, ‘agus déanfaidh mé cleas an chrainn sin duit.’
‘Déanfad, ‘ ar sí, ‘agus fan I m’fhochair.’
‘Fanfad,’ ar sé, gur luigh agus go ndearnaigh feis léi, go ndúirt sí:
‘Ha, ha, ba mhaith é an cleas. Dein arís é.’
‘Deinfead,’ ar sé, ‘Gí ea, seinnfead an chláirseach dhuit ar dtúis.’
‘Na bac an chláirseach, ‘ar sí, ‘ ach dein an cleas.’
“Is mian liom bia nó beatha do chaitheamh,’ ar sé. ‘óir atá ocras orm.’
‘Do gheobhaidh mise fia dhuit,’ ar sí.
…Ní cian do bhí s íuaidh an tan táinig agus fia tarlaithe faoina hascaill
aici…’
19/4/22
Blúirín de amhráin a cumadh i gCanada, circa
1850. Kenneth MacDonald, fear ó Ghairloch, Alba, a rinne. Cumadh mórán filíocht
agus amhrain Gaidhlig i Meiricea. D 99, The Emigrant Experience: Songs of
Highland Emigrants in North America, eag Margaret MacDonnell, University of
Toronto Press, 1982.
Tha Ceap Breatunn seo cho fuar
Reóthadh e(sé) na cluasan fhéin:
Theid (téann) e cho domhain san
tua(igh), ((an reo)
‘s an lasair a dh’fhuasglas innt’ e.(that you need fire to thaw it.)
Nuair a thig (thagann) an cóta bán,
Falaichidh a na mágain fhéin. (Cover: magh: plain)
Fuirichidh e leth bhliadhna slán. (fanfaidh)
‘s bidh an talamh ‘na thamh gun fheum. (‘codladh’)
America a’ chóta bháin.
B’fhearr leam a bhith ‘n Geárrloch fhéin.
Far ‘m biodh Earrach agus Márt, (Mar: ‘san áit’)
‘s far am biodh am bláths sa ghréin… (teas)
Rann as amhrán eile le Dunan Blair, 1815-1893 ó
Chowal. (d100)
Thig an áird leam gu Bráigh
Abhainn Bhárnaidh don choille;
Far am fás an subh lair (Sú talmhain)
‘s cnothan lána gun ghainne.
An lon árd bidh ‘na uaill (moose, proudly)
Gabhail cuairt ann gu loinneil (splendidly)
‘s bidh an fheórag le srann ( squirrel: whizzing)
(a)null ‘s anall feadh a dhoirean (thickets)
15/4/22
Rannta as Reicne Fothaid Canainne (sean-Ghaeilge: 9ú aois?). Laoch (Fothad
Canainne) a maraíodh tar eis dó a leannan a fhuadach óna fhear chéile. Tagann
an bhean chuige, agus é marbh. (Fianaighecht, ed. Kuno Meyer, 1910. Leis an
uasal Meyer an Béarla, den chuid is mó de.)
1)A ben, náchamaicillé! Ní friot atá mo menmo. Hush, woman, do not speak to me! My
thoughts
Atá mo menma colléic isind
imairiuc oc Féic. Are
not with thee. My thoughts are still in the encounter
at Féin (in aice Slane)
2)Atá mo corpán crúach I
taobh Letrach dá mrúach, My
bloody corpse lies by the slope of the
Atá mo cenn cen nighe eitir
fiena for garbhslighe. Two brinks. My head, all unwashed, is
Among warrior bands in
fierce slaughter.
3)Dochta do neoch dales dáil fácbas dáil n-éco fri láimh: It is blindness (closeness) for anyone
In dál dálto co Clárach
tuarnect im robánadh making
a tryst, to set aside the tryst
With
death. The tryst that was made
By
me in Clárach, has been kept by me
Pale
white.
23) Ná tuinithe aidche
úath illeircc lectaibg úan, Don’t wait for the terror
of night on the
Ní fiu cobraim fri fer marb
fodruim dot daim, ber lat m’fadb.
Battlefield among the resting places of
Hosts; One should not
hold converse with a dead man. Betake thee to thy house, carry thy spoils with
thee
49) Is é in lon
teimhen tibius imchomarc cáich bes
hires, It is the dusky ousel that
laughs a
greeting to all who are faithful: my
Síabra mo chobra, mo gné a
ben, náchamaicillé speech,
my shape, are spectral -- hush
Woman, do not speak to me.
13/4/22 Rannta as lámhscribhinn 23 D 38 (RIA), circa
1688. Oisín atá ag caint, mar dhea. Measgra Dánta, eag T. O’Rahilly, Longman’s,
Browne and Nolan, 1969 (1927)
Binn sin, a luin Doire an Chairn!
Ní chuala mé in aird sam bhith
Ceól ba binne ná do cheól
agus tú fá bhun do nid.
Aoincheol is binne fán mbith—
Mairg nach éisteann ris (leis) go foil.
A mhic Arphluinn na gclog mbínn,
‘s go mbéarthá a-rís ar do nóin.
Agat, mar tá agam féin.
Dá mbeith deimhin sgéil an eóin,
Do dhéanta déara go dian,
‘s ní bhiaidh th’aire ar Dhia go foil…
Sgolghaire luin Doire an Chairn,
Búithre an daimh ó Aill na gCaor,
Ceól le gcolladh Fionn go moch,
Lachain ó Loch na dTrí gCaol…
11/4/22
Rann traidisiúnta ó Inishowen, (Charlie McGlinchey (1861-1954), The Last of the
Name, Blackstaff Press, 1986. Gaeilge ó dhúchas aige. Scríobh sé an chuid is mó
den leabhar seo chuimhní cinn i nGaeilge Inis Eoghain freisin, ach níl agam.
Tá mise ag dul ag iarraidh madaidh;
Madadh a ruaigfeadh cat;
Cat a lighfeadh im;
Im a chuirfidje ar chosa gadhair;
Gadhar a shnámhfadh uisce;
Uisce a chuirfidhe ar chloich;
Cloch a chuimleochaidhe ar
thuaigh:
Tuagh a ghearrrfadh slat:
Slat a ruidhfeadh 'na masaí ag na buic
Atá ag déanamh milleadh mire ar an tír.
8/4/22
Dán
le Séamas Dall Mac Cuarta, (circa 1650 – 1720?) (Mí/Lú/Ard Macha), ó Séamas
Dall Mac Cuarta, eag. Seán Ó Gallchóir, An Clóchomhar/Coiste Eigse Oirialla,
1979. D.48
Fáilte don éan is binne ar chraoibh,
Labhras ar chaoin na dtor le gréin:
Domhsa is fada tuirse an tsaoil,
Nach bhfaiceann í le teacht an fhéir.
Gach neach dá bhfeiceann cruth na n-éan,
Amharc Eireann deas is tuaidh,
Bláth na dtulach ar gach taoibh—
Is dóibh is aoibhne a bheith dá lua.
Cluinim, cé nach bhfeicim a gné,
Seinm an éin dar bh’ainm cuach:
Amharc uirthi i mbarra géag,
Mo thuirse ghéar nach mise fuair.
Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m’amharc a dháil,
Go bhfaicfinn ar uaigneas uaisle an duilliúr ag fás:
Cuid de mo bhua nach gluaisim ag cruinniú le cách,
Le seinm na gcuach ar bhruach na gcoilleadh go sámh.
6/4/22
Dánta a fuarthas i dtrachtas ag cur síos ar
chursaí meadarachta san 11ú agus san 9ú aois. Early Irish Lyrics, eag Gerard
Murphy, Oxford, 1970. D.6
Int én bec The
little bird which has whistled from the end of a bright
Ro léic fet yellow
bill: it utters a note above Belfast Loch—a blackbird
Do rinn guip from
a yellow-heaped branch (ie. gorse).
Glanbuidi:
Fo-cheird faíd ós Loch Laíg
Lon do chraíb
Charnbuidi.
Int én gaires asin tsáil The
bird which calls from the willow: beautiful beaklet of
Alainn guilbnén as glan gair: clear
note: musical yellow bill of a firm black lad: lively the
Rinn binn buide
fir duib druin: tune that is played,
the blackbird’s voice.
Cas cor
cuirther, guth ind luin.
4/4/22
…”He was diffident and shy, but his burning love of Irish, and his
poignent regret…at the rapid decay of the language in Clare overcame his
shyness…Before he died, 20 years later, he had sent to the (Folklore) Commission
over 11.000 pp. of all kinds of follore, 4,000 pp. of this fine collection
being diaries in which besides much else, he recorded his experiences as a
collector from Ballyvaughean to Miltown
Malbay and from Aill Bhéal na Tulach (Doolin) to Ennistymon—a huge area to cover for a working man on Sundays and
church holidays mainly, for the spade was more familiar than the pen. Seán Mac Mathúna (? – 1949) must have walked
thousands of miles in all weathers in search of oral tradition.”
‘Tá mé gofa im chrá’anna
(cnámhanna) tar éis lá iomlán a thabhairt le buaint. Dearg-náire ‘on gcorrán.
Is í an t-arm í chun pianta do chuir san druim…Ach ní buanaí mise, agus sin é
is ciontach leis an nós a bhfuil mé anocht!’ (ó Notes on the Oral Tradition of Thomond, le Séamus Ó Duilearga,
Journal of the Royal Society of the Antiquities of Ireland, #95, 1965.
(Fear ó Ghleann Eidhneach an fear sin sa bhideo, agus Gaeilge na Gaillimhe aige, really. O Fanore an bhean, agus Gaeilge cheart an Chláir aici...)
Tá mórán eile i gcló uaidh
in The Festival of Lughnasa, le Máire MacNeill, ach ní féidir liom a aimsiú
inniu. Ina ionad, seo chughaibh rann ó dheisceart an Chláir (The Dialects of
County Clare, Part II, le Nils M. Holmer, Todd Lecture Series, Royal Irish Academy, 1965) In 1946 a thóg
Holmer síos na scéalta agus amhráin ar fud an Chontae taobh thiar den Innis
(agus lastuaidh de).
Gaoth adtuaidh, bíonn sí fuar agus cuireann sí gruaim ar dhaoinibh,
Gaoth aneas, bíonn sí tais, is cuireann sí rath ar shíoltaibh,
Gaoth anoir, bíonn sí tirim is cuireann í brat ar chaoiribh,
Gaoth aniar, bíonn sí fial is cuireann sí iasc ar léontaibh.
Agus scéilín:
Do ghabhail scoláire bocht an bóthar sa tseana-shaol. Bhuail sé
isteach i dtigh feirmeora. …Bhí fear an tighe ag leigh péipéir; bhí spéaclaí ar
a shúile. Do bhí an scoláire bocht ag an mbórd ag ithe blúire aráin agus braon
bainne a thug an bhean dó. Ba bheag leis a bhfuair sé.
D’fhiafraigh an scoláire
bocht d’fhear an tighe: ‘Cad é an rud-san ar do shúile?’
‘Rudaí a dhineann mórán den bheagán.’
Thóg an scoláire bocht an t-arán suas: ‘Dá mba é do thoil é, an
ndéanfá mórán de seo?’
Do d’fhéach an fear (agus) dúirt lena bhean smuid eile aráin a
thabhairt dó.
28/3/22
Blúirín de scéal
ó
Mhicheál Ṓ Súilleabháin,
Tuath Ṓ Síosta, Co Chiarraí
(Siar ó’n Néidín.). Seanchas ó’n
gCeachainn (Caha Mountains): Béaloideas,
Is fadó is cuimhin liom, seacht nó ocht is dachad de bhlianaibh ó
shin ann, do bhínn ag dul ó dheas go daoine muínnteartha
dom uair sa mbliain ag gearra fhéir dóibh – ag gearra fhineáin
dóibh.
Uair des na uaireanntaibh deirionnacha go rabhas ann, chuadhas ag gearra Dé
hAoine agus ghearras Dé hAoine agus Dé Sathairn in eisc idir lochanna beaga
atá
ann. Thugas an dhá lá ag gearra ann. Ní raibh aoinne lem chois. Do bhíos
leath-uaigneach ionam féin an lá deireannach, mar bheadh neamhracht
uaignis orm. Ní chuala ná níor bhraitheas aon nidh.
Ghearras dorn maith féir: bhí fineán maith agam ann.
Do thána abhaile Dé Sathairn, agus ní
dheaghadar chun an fhéir chun go dtáinig an Luain. Do chuaidh Cruthúr
Ucaire agus an inghean agus fear eile atá fós ann – Donncha Ucaire – Dé Luain
a’ bailiú
an fhineáin
agus á
túirt
leo ‘na bheartaibh abhaile.
30/3/22
Ar Lean
Amach i lár an lae dóibh, do chualadar ruchar (urchar)
san eisc ba ghiorra dhóibh bhí buinte (bainte), agus do shíleadar
gur mé
féin
a bhí
ann mar do bhínn ag túirt ghunna – bhínn ag lámhach uaireannta—agus do
chuadar ‘na threo chun go mbainnfidís girré dhíom. Agus má
chuadar, ní
bhfuaireadar mé, agus do thanadar thar nais, agus do chaitheadh ruchar
eile in eisc in aice leo arís. Do chuadar ag cuardach, agus ní
bhfuaireadar mise ná mo leithéid. Bhí na ruchair ag déanamh
amadáin
díobh.
Do bhíodar
ag bailiú
mar sin féin.
Lá’s na máireach, do thanadar arís
agus do bhíodar
ag bailiú
arís,
agus amach idir meadhon lae agus thráthnóna dhóibh, do chualadar an ceól,
dar leo héin,
ba bhreatha chualdar ariamh, agus é an-fhaid go deo ó
bhaile uatha. Do bhíodar ag eisteacht leis, agus ambasa, féin,
má
bhíodar,
ba gheárr
gur dhruid sé
leo, agus bhí
sé
laistíos
díobh,
agus bhí
sé
lastuais díobh,
agus bhí
sé
ar gach taobh díobh. Dubhairt an sean-fhear leó i ndeire bháire,
dul abhaile. Agus chomh maith tháinig.
2/4/22
Ar Lean
Buaileadh an sean-fhear breóite, agus do thug sé
seacht nó
h-ocht de sheachtaiíbh ar aon leabaidh, agus slán mar a n-ínnstear
é,
thit píosa
dá
chois amach as (an tsál) agus ní raibh aon mhaith ann gur cailleadh é.
Do buaileadh mise breoite sa bhaile, agus do thugas aon
tseachtain déag
ar aon leabaidh amháin. O’n lá san go dtí an lá indiu, ní
dheaghaidh aoinne ag bainnt fhineáin ann riamh ó shoin.
4/4/22
Blúirín ó
Cath na Deachmhúin air Thráigh Rosa Móire
(1833 (Tithe Battle on the beach of Rossmore), le Dáibhí de
Barra, Carrigtwohill, oirthear Chorcaí: A Contemporary Account in Irish of
a Nineteenth-Century Tithe Affray, le Brian O Cuív, Proceedings of the Royal
Irish Academy, 1960) (Litriú an lae inniú curtha air, den chuid is mó de.) (Ag
troid le saighdiúri a bhí ag tógaint beithigh ó dhaoine ná raibh sásta
deachuinn deich faoin gcéad a dhíol leis an Eaglais in Eirinn, a bhí na mná
seo, agus na fír leis)
…Agus
ní bhfuaradar amus ná amharc ar Sheághan an Mhála (ie. an tithe server) ris an
ré sin, óir do bhí sé cois chlaí na trágha agus marcshlua don armneach ina thíiompall
dá ghárda. Fá dheoig, do ghluais drong do mhná cróga dá lorg ar measc an
tsluaidh, dár ba díobh Maighréad agus Cáit Ní Shúilleabháin, go mba samhalta le
Cuilleann Cheannrua agus le hIarnait .i. dís iníon Chonarán de Thuatha De Danann
iad i misneach agus i mórchrógacht agus Cáit Ní Ghearailt mar rínn thosaigh
orthu…agus an chuid eile don chomhar ba ‘na ndíadh ag feitheamh gach áird on
champa nó go bhfuaradar amharc air. Agus lingid dá ionnsaí, agus ba náir leis
teitheadh ó sna mná, agus gabhaid (na mná) dá chíora agus dá shraca óna chéile
agus ag bualadh doirne míneacha sa smúsaigh airgo dtug sé saomh-léim seachaint
orthu, gur ghaibh Cáit Ní Ghearailt ar fholt agus ar fhionnaghabhail é, agus
chuirios a lámh acfuinneach go lán-tapaidh i ngabhal a thriúis agus thug bog-thógáil
fhearúil uréadthrom ó thalamh dho, gur bhuail faile dá chreatlach um chloca cru
ana trágha, agus cuirios a troig ar a bholg gur cheangail idir a bonn ‘s a
talamh
26/3/22
Leathsgéal
Ėamonn Caplas (Copley), agus é ag scríobh cúpla rud isteach i lámhscribhinn
cara leis, Tomás Ó Conchubhair (greasaí) i London, 1835. Beirt ó cheantair
Mitchelstown , Co Chorcaí ab ea iad. (Lámhscríbhinní Gaeilge, Cnuasach Uí
Mhurchú, Ollscoil Chorcaí. D. 127
Gaibh mo leathsgeul, a cáirde grádhach, do
cionn neamh-bhláithmhaireacht an bheagán scríbhinne so: óir má tá lochtuídhe
innte (ó is dearrbh go bhfuil an iomdha) is droich-ghleus, meirbh-intin,
neamh-chleachta, et cam-chathaidhe an tsaoghal is cionntach ris (leis), níbhus
mó inná an intinn agus ná an t-ainbhfios.
24/3/22
Tús
Sgeul an tSeoid, ó sean-fhear ó thuaisceart Chiarraí (Causeway), 1904. Series
1, Vol. 8, 1975, Kerry Historical society (??) Journal. (Níl an tagairt agam
anseo.)
‘Neosfad féin mar a chuala a’s ní
dheunfaidh mé duainearacht bhréige. Dá mbeinn dall, ní fheicfinn; dá mbeinn
bodhar, ní chloisfinn; dá mbeinn i dtúis n hóige, ní dóigh go mbeadh sgeul
agam. ‘Neosfad sgeul anois agus mara chuirfidh mé focal leis, ní bhainfidh mé
focal uaidh….
Do chrom sé agus do rug sé ar na
tràithníníbh (dative plural) ‘na dhóid agus d’éirigh faid agus leithead doruis
den túrtóg leis. Do bhí staighre ag imtheacht síos fé thalamh ó’n dtúrtóg agus
d’imthigh sé leis a’s do dhún an túrtóg n-a dhiaidh. Bhí sé ag imtheacht a’s ag
imtheacht ar feadh dhà là agus dhà oidhche agus an tríomhadh maidin ag breacadh
an lae, do shaitill sé ar talamh réidh nà feaca sé riamh éan àit leath chomh
breagh leí. D’iompaigh sé ar thaobh a làimhe dheise. Do bhí bóthar fé n-a
chosaibh chomh sleamhan le gloine Chuaidh sé ar aghaidh gur thàrluig pàlàs
leis. Nuair a chuaidh sé go dorus an pháláis, bhí sé leath-osgailte roimis…
(Sgéal 17 duilleog atá ann: ana-sgéal go deo.)
22/3/22
Dán
le Laoiseach Mac an Bhaird, (16ú aois?). Dánta Grádha, eag T. Ó Rathaille, Cló
Ollscoile Chorcaí, 1976. D7
Do-bhéaram seal le saobhnós, (bheirimid:
ie. bhéirfidh mé)
Ní bhiam re baothghlór banda: (Ná bíodh
sinn…)
Na mná dhíobh ba díol tola
Ní hiad a-nosa is annsa. (anois)
Acht gidh iad na mná sgiamhdha
Is mó iarrthar le fearaibh, (dative plural)
Isí an bhean díobh badh Gráinne (ba)
badh sáimhe liom i’m leabaidh.
Agam dá mbeadh an bhantracht
mná Alban is mná Sagsan,
Do b’fhearr liom beagán páirte
Ón mnaoi is Gráinne dá bhfaca.
Bheith gan choirce gan chruithneacht
Beag do thuigeas gur bh’easbhaidh:
Ní ionnta do bhí ar gcáis-ne,
Acht bheith gan Ghráinne is eagail.
Níor cheist oram dá ndéineadh
Goid nó éigean ó dtiocfainn:
Mo mhallacht ar m’fhear páirte
Nár fhágaibh Gráinne i’m iothlainn.
Bean is Gráinne don bhantracht,
Bheith ‘na hannsa ní shéanfam:
Tug sí mo chiall ar claochlódh,--
Seal re saobhnós do-bhéaram!
21/3/22
Scéal uaim féin…
Breis
beag a’s bliain ó shin, tráthnóna Samhraidh, d’airigh (chuala) mise agus mo
bhean screád uathbhásach an bháis ón gcoill mór atá taobh thiar dár teach. “Ní
foláir no go bhfuil uan ag na daoine
taobh linn, i ngan fhios duinn,” duirt mé le’m bhean, “agus go bhfuil an t-uan
san ar strae sa choill.” Ach lean an t-uan air ag screadaigh in anaithe a
bheatha. “In ainm Dé!” dúirt mo bhean.
Ritheamar
isteach sa choill a lorg; agus fuair.
Ní
uan a bhí ann, ach oisín, agus fisher cat – easóg mór, craosach, neamthrócaireach
– a fiach; greim aige ar mhuineál an oisín, ag iarraidh é a leagadh, chun a
stracadh as a chèile.
Chomh
luath agus a thanamar-na ar an lathair, theith an fisher
Ni
ghá dom scéal Madra na n-Ocht gCos a dhéanamh de. D’fhéadfaímis siúl amach as an
gcoill arís, agus ligint don uain (na raibh ach coicís, dearfainn, slánaithe
aige) agus don fisher: ligint do chúrsaí”Nadúir” dul ar aghaidh…ach níor dhin.
Thugamar agus na daoine taobh linn, thugamar-ne
an t-oisín abhaile, agus é ag cur fola go tiubh agus ag meigligh go
truaimhéileach.
Ní
bhíonn cead ag aon duine baint le fia -- dul ag foirithint air no faic, -- sa
state seo Mheiriceá (duiche mhór fiagaí í, ina mealltar an-chuid airgid ó
allmhúraigh gach bhliain nuair a thagaid isteach chun dul ar thóir fia), i dtreo na raibh
cabhair nó comhairle ar fáil duinn, áit ar bith. Ag crith le huamhan romhainn a
bhí an t-oisín, ar ndoigh, ach dhineamar puball beag do taobh thiar den teach
s’againne, sa tslí go bhféadfadh an mhathair teacht air istoíche.
Níor
tháinig sí.
Is
amhlaidh gur airíomar (chualamar) an oíche roimhe sin ann, coyotes ag fiach sa
choill in aice linn, agus is annamh a
théann siadsan ar tóir creatúir, na go
faigheann siad gréim air sa deireadh. Ní folair nó go raibh mathair an
oisín marbh acu siúd, agus ba shin faoi ndéar don oisín a bheith ar strae ón
áit dideán a bheartaigh a mhathair dó.
Cheannaíomar
all species milk replacement sa tsiopa feirm. Gach dara uair ar feadh
seachtaine, mar sin, lá agus oíche, ghabhamar chun an oisín le buidéil, duine
againn a choimeád ina sheasamh é, faid agus a bhí an duine eile ag tabhairt
deoch don uan.
18/3/22
Blúirín
de Mhac na Míchomhairle, scéal ó’d 15ú/16ú aois (?) (Co Liatroma?Fer Manach??).
Mac na Míchomhairle. Eag Seosamh Watson, an Clóchomhar, 1979
(I sí-bhrú atá, cé nach eol dó an méid sin…)
…Níor chian damh-sa iar sin (tar eis) an tan (t-am) do ghluais mo chiunniún
chrosta, choirpe, míchomhnaitheach a bheith dom sporadh i gceann m’aimhlis ar
mhodh nár fhéadas suan sail nó síorchodladh do dhéanamh nó gurbho h-éigean
dhamh éirí go hiníon an Ghruagaigh. Gluaisim ansin go réimdhíreach dá hionsaí
agus an tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire dá leabaidh is é áit a
bhfuair mé m’eolas i ndiamhair uaigneach, dho-eolais coilleadh gan taithí duine
nó ainmhí ann. (ie. Imríodh draoícht air.)
Ach atá ní cheana do thuigeas nach rabhas
gan aimsiú áibhirseoireachta dá imirt ag mo lucht tí fon am sin orm. Níor chian
damh iar sin ag eisteacht le bánánaibh agus le bocánaibh agus le heithidí
adhuafara, ró-urchóideach na coilleadh ain an tan do chualas an uaillghuth
urchóideach, adhuafar agus an screadfach guth-ard, géarloiscneach chugam sa
ngleann gach ndíreach.
16/3/22 Tuilleadh de (ar lean)
Ní raibh de mhéad mo chearthaí nó m’eagla
nár chuir sin spiorad gealtacht ionam ionas gur ghluaiseas romham amhail geilt
ar n-imeacht as ár nó as gábh nó mar fhia ar ndúscadh as aleabaidh luí ag
faicsin a bhíobha agusa a eascaraid ullamh urlaicthe ar a cheann. Is é sin
trice, tairpí, dithne agus deine an torainn thréanreatha do ríneas.Agus nuair a
shaoilras réiteach as an gcoill amach, is é áit a bhfuaras m’eolas .i. ar má
taobhleathan taitneamhach i gceartlár an ghleanna agus isamhlaidh do bhí an má
sin .i. cnócán lán-chruinn, fíor-árd ina cheartlár agus do bhí d’airde an
chnoic sin gur mheas mise dá mbeinn thuas air, nár bhaol dhamh duine nó ainmhí
dá raibh sa gcoill an oíche sin. (Teitheann sé amach ar an bhfairrge ó’n
mbeithíoch, dar leis, agus ‘sean-áirc’ aige…)
14/3/22
Ar lean
…Ach atá ní cheana do bhí de dhoirbhe a
gcoimis re chéile agus d’olcas na seanáirce (bád, mar dhea) sin ina rabhas mar
aon re do-fhulaing na gaoithe agus de dhíchoiscithe na dtonn go raibh an sáile searbhrua na shrutha,
ina linntibh (dative plural) agus na chith-bhraonaibh ag teach isteach ar gach
taobh den tseanárthach sin orm. An tan do chonairc mise mo chríocha déanacha
comhchinnte agus sin agam, do léigeas éimhe fada fíorthrua agus gártha groda
géarchaointe os ard asam…
Do éirigh an iníon agus do las sí solas gan
mhoill agus do tháinig sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáin-se, agus
is é áit a bhfuair siad mise ar shíothail mhóir ‘mo shuí i gceartlár dabhcha
lánmhóire leanna nó díleanna do bhí istigh agus is amhlaidh a tharla an t-ionad
suirí sin dhamhsa, .i. nuair do éirigh mise go hioníon an Ghruagaigh, ní chian
do chuas an tan do thuigeas go rabhas ar seachrán agus do bhí cat fo
pheithreadh istigh agus do shaoil mise gurb beithíoch urchóideach eile do bhíann. Glacaim scaoll agus scéin chugam
agus is é áit a bhfuaras m’eolas i siléar an Ghriagaigh.Ní chian do chuas ann
an tan do tharla an dabhach lánmhór so liom ‘na suí i gceartlár an
tseiléir agus í lán de leann úr do téadh
an lá sin féin… (An fhairrge, mar dhea…)
10/3/22
Blúirín ó Thoraidheacht Duibhe Lacha Láimh-ghile re Mongán, scéal ó’n 16/17ú
aois (??).
Rainig Mongán, ar sin (ina dhiadh sin) do
chum cúigidheach n-Ėireann nó go roch Nás (Naas) Laighean agus isé fa righ ar
Laighuibh an tan sin .i. Bran Dubh mac Eeachaidh agus d’eisiodar a bhfarraidh a
chéile an oidhche sin. D’éirigh Mongán go moch ar na mháireach ar (i ndiadh)
gceangal a gcaradradh le rígh Laighean agus ar n-éirighe amach dhó, do chonairc
trí chagad bó n-áluinn n-ó’dhearg agus trí chagadh laugh lán-gheal re a gcois
ar faithche an dúnaidh. Agus mar do chonairc Mongán iad, do shanntaigh go h-an-mheasardha
iad. Thug Bran Dubh sin dá aire agus adubhairt: ‘A rígh Ulaidh, dar liom do
ghrádhuis na ba úd go mór.’
‘Do ghradhas cheana,’ ar Mongán. ‘agus is
ait liom bheith dá bhfeachain, agus ní bhfuil in Ėirinn neach re ar chubhaidh a
mbeith aige, dom bharamhail, ach mo bhean féin .i. Dubh Lacha Láimh-gheal, óir
is í aon bhean is fear deilbh agus déanamh, innsgne agus urlabhra, méinn agus
maise, cruth agus caomh-dhéanamh, ciall agus ceadfadha do mhnáibh glan-áille
Gaedheal í, agus rug an oiread bó úd an geall céadna ó bhuaibh an domhain go
h-iomlán.’
(Tugann Bran Dubh na beithigh dó, ach aon
ní a iarrfas Bran Dubh air ina dhiaidh sin, a thabhairt dó.)
9/3/22 Mongán (ar lean)
As a haithle sin, (ina dhiaidh sin) rainig Mongán a n-Ultaibh
agus na ba leis. Comh luath agus do chonairc Dubh Lacha na ba, thug í grádh
iomurcach dóibh agus adubhairt: ‘A Mhongáin,’ ar sí, ‘cé thug na ba breághtha
úd duit-si? …Ní tugadh iad ach ar son ní éigin is fear go mór ionna iad féin do
thabhairt ar a son.’
Ro innis Mongán di mar fuair iad.
“A Mongáin,’ ar Dubh Lacha Láimh-gheal, ‘is
eagal go n-goillfidh an comhrádh sin ort go fóill.’
Níor chian, ar sin, go bhfacadur Bran Dubh
.i. rígh Laighean chucha. Ar dteacht do lathair, do fáiltigheas Mongán roimhe
agus fiafrioghios de créad thug san turas sin é.
Blúirín
ó dhán le Dómhnaill Aonghais Bháin, (DonaldMacDonald, 1926-2000), fear ó South
Uist nach bhfuair mórán oideachais riamh agus a chaith a shaol mar sclabhaí
agus nár phós ariamh (ro-bhocht), ach a chum mórán dánta. (Smuaintean fo
Eiseabhal, eag. Ronald Black, Birlinn, 2000, d.8.)_
An
t-Eun Fuadain
Chan i seo an dúthaich dha’n dhúthchas dhut bhith támh:
Chuir stoirm is gaillean faoiltich thu ar faondradh thar an t-sáil:
Dh’fhág thu cridhe brúit’ again thu dhol a-null cho tráth
A dh’aoinneoin ar cuid cungaisich, cha d’chum sinn thu bhon bhás.
Tha itean bóidheach ciatach ort cho dubh ri fiamh ne teárr
Is broilleach mar an sneachda bhíos ‘na stac ar feadh nan cárn:
Tha spógan beaga ríomhach ort cho min ri canach bláir
Is dearbh iad dha mo shuilean gum bu dúthchas dhut bhith snámh.
Rinn mi uaigh bhóidheach dhut bho fhóirneart air do dhíon
Is rinn mi úrnaigh shoisgealach, óir toil leam ceól nan ian:
Nuair thig an latha sónraichte chaidh órdachadh le Dia,
Bidh thusa snámh go sólasach air bóc-thuinn a’ Chuain Siar.
7/3/22
Béarla Ronald Black air.
The Stray Bird
This is not the country where it’s in your blood to stay:
Storm and wolftime gale have sent you off your ocean’s course:
You’ve left us broken-hearted that you passed away so soon
Despite all our attempts to help, we failed to keep you from death.
You have fine and splendid featheras as black in hue as tar
And a breast like the snow that piles up on rock-strewn slopes:
You have lovely lovely talons as smooth as cotton in the marsh
And they have proven to my eyes that swimmming’s in your blood.
I’ve made a lovely grave for you to save you from attack
And I’ve said a prayer from the gospel, for I love the music of
birds:
When it comes to that special day which God has ordained,
You’ll be swimming happily on the great Atlantic waves.
6/3/22
Blúirín ó scéal ó Sheán Ó
hEinirí, Cill Ghallagáin, Maigh Eo. (Scéalta Chois Cladaigh, Comhairle
Bhéaloideas Ėireann, 1983, d.68)
Bhail, bhí dream eile i bPort an Chlóidh chomh maith fad ó shin. Bhí
siad féin santach ag marú rónta, ar ndóiche, le haghaidh na hoibre céanna, ag
leaghadh na feola is ag baint ola aisti agus ag ithe na gcámhóg: cnámhóga a
thugadh siad ar an bhfeoil a bhí fágtha. Ba shin é mórán an tslí bheatha a bhí le fail
thart le cladach an uair sin..
…D’éirigh Eoghan Rua Phort an Chlóidh amach agus a mhaide leis agus
fear eile a bhí leis agus thoisigh siad ag treascairt, ag marú. Ach bhí an rón
mór seo thuas in íochtar an chladaigh agus nuair a tharraing Eoghan an buille
ar an rón:
‘A bhó,’a deir an rón, ‘a Eoghain Ruaidh,’ a dúirt sé, ‘Ná buail, ná
buail!’
Ach bhuail Eoghan Rua ina dhiaidh sin an buille ar an rón agus
mharaigh sé é. Ach tháinig Eoghan Rua abhaile agus chuaigh sé a chodladh. Níir
éirigh sé go bhfuair sé bás.
Sin é anois an chaoi ar mhoithigh mise é.
4/3/22 Fealsúnacht Aodha MhicDhomhnaill, (Co. na Mí, 1802-67), d. 177.
Is é an bheach is rí den slua seo uile, agus
is ámhaí, géarchúiseach, griongalach an créatúr é féin, ach is ó nádúr atá seo uile, de bhrí go bhfuair an bheach ó nádúr gach ní dá raibh de riachtanas air
chun a intleacht agus a bheart a chur i ngníomh. Is iontach leis an duine an créatúr beag, éideoirach seo a bheith
breith bua air féin tar éis gach tíolactha dá bhfuair séó Dhia agus ó nádúr. Ach más léir don duine é, teagascann an bheach lena bheatha, suailce do-chuimseach.
3/3/22
Blúirín de sheanchas
i dtaobh “Middlemen” Bearra san 18ú agus 19ú aois. Ó Ghort Broc: Scéalta agus
Seanchas ó Bhearra ( ó Phádraig Ó Murchú), eag M. Verling, 1996, d. 1
Is minic a chualag seandaoine á rá nuair a bhíos óg
(1873-1950), ag eachtraí dhom agus dos gach nduine a bhíodh im chomhluadar san
oíche…conas a bhíodar ages na Cithearnaigh (Middlemen gustalach) agus ages na
máistrí a bhí ar na daoine sa tsaol shara raibh dlí ná acht in Ėirinn. Anois sa
ló so, tá dlí agus ceart aiges nach aoinne, agus fianaise mhaith go bhfuil, mar
faigheann nach aoinne ceart mar is cóir do, cé na fuil mórchuid acu sásta: deir
siad gur saol dochrach, dealbh, daor é, agus ná féadfaidh siad mairiúnt a
dhéanamh in aon chor. Ach deirimse féin gur saol maith é seachas bliain an
Ghortaigh gur cailleadh na daoine, agus blianta a tháinig ó shoin, leis, agus
mórchuid.
2/3/22
Amhlaoibh Ó
Súilleabháin, 1827, Callan.
7/1/27: Bhí mile ógmhná agus óganaigh ag rince le ceol ar
mhullach an Mhóin Rua (ardá I lár Phoill an Chapaill). Chrith an cnocán rua faoi
na coisiní lúfara.
6/23/27: Lá brea dorcha ciúin caoin: gaoth aniar…Fuaireas
ann Lasair léana i mbláth buí cúig chodcha go mbleidhe cúig chodcha: agus
fuaireas síoda móna nó ceannbhán bán, agus mismín dearg nó mismín na móna, agus
neantóg loiscneach. Táid aosóga agus ógmhná ag rince ag an tine chnámh.
1/3/22
Amhlaoibh arís, 1827
Bhí i dtigh an duine chéanna…nead smólaí agus aon ubh
amháin. Théadh an smólach gach lá agus thugadh isteach leí ina gob brobh féir,
tar éis a thimadh i rianán uisce, bhí láimh leis am dtigh: agus do rinne an
nídín cluthar cruinn di féin sa bhfeoilchiste, áit a mbíodh sprúilleach agus
blodhairí aráin le fail aici. Ach an tan a fuair sí a clumh cluthar agus a
sciatháin láidir go leor, d’eiteall sí amach faoin úllord, agus níor chas ar
ais ar a nidín ná ar a haon ubh. Agus ní locht uirthi seo, óir is ionúin le
gach dúil faoi neimhe saoirse; agus is romhaith do rinne sí gan a hál óg do
thahairt suas i ndaoirse nó i mbraighdeanas. Ní rinne sí fala an tan d'imigh sí
ar éigean on dream noch (a) thóg í ó thaobh cluthar a máthara, óna nidín
cluthar i gclaí na sceach cois na coille, áit a raibh foscadh is fothain is saoirse
aici.
28/2/22
Blúirín de amhrán ó
Oileán Mhanainn
Ec na fiddleryn
ayns yn Ollick(Ag
na fidléirí san Nollaig)
V’eh chied
voayl veeit mee rish graih my chree. (bhí
an 1ú bhall (áit) ( a bhuail mé le …)
Dy graihagh
graihagh hie shin sheese cooidjagh (Go
grámhar: shuí: síos; cuideacht)
As hug shin
toshiaght da’n tooree.
(Agus thug sinn tosach do’n gcúirtéaracht)
26/2/22
Amhráin ó’n grúpa
Albannach, Runrig. (Le baois agus le Béarla a chuadar ó(s)na 1990s i leith…)
"An Toll Dubh" (ie. poll)
Taobh cuil an doruis, cha bhi grian Suidh aig bord Cha bhi biadh 's cha bhi fion ní bhíonn Taobh cuil an doruis cha bhi grian Cha bhi biadh 's cha bhi fion
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain (Is ar éigean : ár)
: a) Le eiginn ar n-eirigh as ar suain An Gaidheal 'sa leabaidh An Gaidheal 'na shuain Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
Thainig e a Sasainn ann Thainig e Le eachaibh luath is iuchair throm (eich) Thainig e a Sasainn ann Le eachaibh luath is iuchair throm
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain Le eiginn ar n-eirigh as ar suain An Gaidheal 'sa leabaidh An Gaidheal 'na shuain Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
Air lar 'san toll-dhubh cha bhi grian Cha bhi gealach 'S dubh an oidhche chaidleas sinn Air lar 'san toll-dhubh cha bhi grian 'S dubh an oidhche chaidleas sinn
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain Le eiginn ar n-eirigh as ar suain An Gaidheal 'sa leabaidh An Gaidheal 'na shuain Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
25/2/22
Blúirín ó leabhar Aindrias Ó Baoighil, An Dílidhe, Cómhlucht Oideachais na
hĖireann, 1930.
Thug na buachaillí buidheachas mór don
fhear a réidhtigh as a gcruaidh-chás iad, agis i ndiaidh slán agus eannacht
fhágáil aige, Phill said ‘un an bhaile mhóir go bhfagadh siad grim bricfeasta.
Bhí cuma shuaithte ortha, agus ní rabh aon bhall in a gcorp nach rabh frithear,
acht chárbh iongnadh sin agus a dtainic said fríd an oidhchearoimhe. …Bhí maidin dheas shochmaidh ann
agus bhí an saoghal go suaimhneach, mar ní rabh acht fíor-bheagán daoine le
mothachtáil fa na bealaigh go foil.
(Ciarraíoch
é an t-údar, is doigh liom…)
(B’as
ceantair na Gleannta (Glenties) dó, actually)
24/2/22
(Dán
ón 9th nó 10th century a bhaineann le scéal Diarmaid is
Gráinne. Níor mhair ach toisc gur luadhadh in aguisín le hAmra Cholum Chille.
Early
Irish Lyrics, eag G. Murphy, d. 160.
Ut dixit Gráinne ingen Chormaic fri Finn:
Fil duine(tá)
Frismad buide lemm díuterc,(ar (leis) ba dheas liom féachaint)
Día tibrinn an mbith mbuide (go dtabhrainn dó an domhan geal)
Huile, huile, cid díupart.(uile, uile cé nach margadh cothrom é.)
23/2/22
An
1ú rann ó dán le Giollabrighde Ó hEódhusa, a d’éag in 1614. Ó Mheasgra Dánta
II, eag. T. Ó Rathaile, Cló Ollscoile Corcaí, 1977, d. 134
Truagh an t-amharc-sa, a Ėire!
Le’m chroidhe is cúis deirbhile
Learga t’fhuinn
ghéagaighghairthe(fonn: land: tree branchy)
D’fhéagain do
dhuim dealaighthe.(féachain: mar gheall
ar… )
22/2/22
Blúirín
ó shearmóin a scríobhadh síos in iarthar Chorcaí, circa 1800. (Do Lochtuiv na
Tangan, eag P Ó FiannachtaĖigse, d2-3 (Níl tagairt do bhliain a foilsithe anseo
agam anocht.)
Anis a níamuis na bacaí gan áiriov do néid
lucht chlachtihe an éihig le calís a n’íol agus a ginnach… (Ní raibh scríobh na Gaeilge ag an té a scríobh…)
Anois i n-éamais na bpeacaí gan áireamh do
níd (deinid) lucht chleachtaithe an éithigh, le calaois I ndíol agus i
gceabnnach etc., agus leis an míscéala do chumaid agus do leathanaid (a chumann
said agus a leathanann siad), agus lena ndéinid dochar agus díobháil mhór dhos
(do na) céadta, tá aon árdchoir amháin inar dóigh liom go mbíd mórán acu
ciontach, sé sin, i gceilt a bpeacaí i bhfaoisdin nó go háirithe i gcur slachta
bréige orthu, ar chor na tugaid staid fhírinneach a gcoinsiais chun soiluis.