Teacsanna (Ȧbhar Nua Gach Aon Lá)

9/12/21

An 1ú rann de Mhairgneach faoi Chaisleán na Glasdromainne le Art Mac Cumhaigh ó Art Mac Cumhaigh: Dánta, eag Tomás O Fiach, An Clóchomhar, 1973. Caoineadh ar Chaislán Uí Néill an Fheadha (Fews) circa 1750-1770

 Ar bruach Dhún Réimhe ar uaigneas lae,

Ba shnuamhar géaga bláth-gheal,

Chualas géimneach chuantaí Eireann,

Agus fuaim sa spéir in áirde:

Bhí na dúile ‘teitheadh ‘s a gcúl le héile,

Is gnúis na gréine báite,

Is slua na n-éan ag fuagradh scéil,

Le gruaim gur éag na cága.


8/12/21

Allagar na hInise, Tomás O Criomhthain, Oifig an tSoláthar, 1977, d.  290-291. Thógas an blúire seo as mar go bhfuil sé gairid.

Lá breá  Domhnaigh is ea é. Buailim amach dom féin tar éis dinnéir agus mar tá cuid de’m fheirm lastuas ar uachtar an bhaile, agus stoc ag teacht inti anois agus arís, bíonn mo mhadra in éineacht liom. Tar éis ruaill a thabhairt mìr-dtimpeall na ngarrathaithe, buailim suas a thuilleadh agus ní fada uaim ansin an mám arb ainm Mám na Leacan. Ar sheasamh dom i gceartlár an mháma seo, ní raibh aon dul agam ar theitheadh ón síon pé áird de na ceithre harda go mbeadh sé ag teacht.

Ar chasadh mo shul ó thuaidh dom is ea a bhí báid iasacaigh agam le feiscint agus iad á dhéanamh chomh maith le haon lá eile den tseachtain; ach níorbh ó m’áit fèin iad ach ó thalamh na Fraince. Bhí trí cinn thiar orm ag an dTiaracht, ceithre cinn thuaidh orm ag Inis Tuaisceart, trí cinn thoir orm ag Ceann an Fheiritéaraigh agus dhà cheann theas orm ag Ceann Sléibhe.

Tà diobháil mhór á dhéanamh acu agus déanfaid a thuilleadh agus ní at aon tslí amháin é i dteannta a bheith ag breith an éisc leo.  Tá an creideamh á lagú acu mar tá iascaire bocht eile ag féachaint orthu ag marù a chuid éisc féin Dé Domhanaigh agus é féin díamhaoin.



6/12/21

Blùire ó An Phicnic, (d 169) le Donnchadh Sheamais Uí Dhrisceoil (1912-1984) , Aistí ó Chléire, (Donnchadh O Drisceoil) ,An Clóchomhar, 1987.

 Is è an diabhal go léir an claonadh atá ionainn go léir aithris a dhéanamh ar na huaisle nó lucht an tsaibhris, bídís ina mbodachaibh, ina mbachachaibh, nó ina ndaoine usaisle. B’fhéidir gur chuid dár nádúr daonna é, nó iarsma éigin den sclábhaíocht a chuaigh chomh mór sin abhaile orainn gur shúmar ar fad isteach inár gcuid fola é chun ná fuil anois ach cuid dár mbith. Ní inniú ná inné atá an scéal amhlaidh. Ach ní foláir do dhuine a bheith idir codladh agus duiseacht, leathshúil ar oscailt agus leathshúil dùnta aige, chun an radharc ceart d’fháil ar an scéal. Agus arís, tharlódh nach mar a chéile a fhéachfadh aon bheirt air agus nach mar a chéile a chífidís é. Is cuma, Tá sè amhlaidh agus sin sin: agus ná sèanadh èinne air fèin é, nó má shéanann, tá sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal air féin.



4/12/21

Blúire ó Chainnt an tSean-Shaoghail, le Arland Ussher, do scríobh ó sheanchas Thomais Uí Mhuirthe, (Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1942.)

Sean duine ó Shliabh gCua an Muirtheach. Comhráití na píosaí go leir, agus 400 duilleóg sa leabhar, nach mór.  An litriú anseo faoi mar atá sa leabhar.

“Ar airghis mar gheall ar na trí cinn de chaoire a mharbhuidheadh ar an bhfear thíos an oidhche fé dheireadh?

Thuit, nár airigh sean-Chait na bhFaint is a pháiste é sin?

Is an raibh na píléirí i’t fhochair-se mar gheall ortha?

Dhera, bhí, is ar ndó badh é “Sáidh an Amadán níos sia ar an gcnoc” go brothallach é, na daoine uaisle sin a chur chugham-sa. Ar ndó, níl aon mhadra agam-sa mara bhfaighdis a dhéanadh amach gur madra an sean-chat breac sa chúinne. Is an rabhadar i’t fhochair-se?

Do chorp ò’n donas…, ní raibh aon mhadra agam-sa ó cheannuigheas an coileán ó Dhomhnall na gCoillte tá déich mbliadhna ó shoin, agus ghoid sé é arís uaim an tseachtmhain ‘na cionn.

Agus cad is cor don tigh sin thall ‘ge bun an chnuic? Ná fuil trí nó ceathair de mhadraí ann, agus iad ag imeacht gach aon oidhche le n-a dteangacha síos ar a nglúne a d’iarraidh teacht ar a n-anáil, is craosa móra dearga ortha thar a bhfeaca tú riamh, mar a bhí ar Chromel an lá a mharbhuigh sè an dosaon fear thuas ar an Ard?



3/12/21

Blúire beag ó Sheanchas Eanlaithe Iar-Uladh, cnuasach 100 duilleog a chuir Seán O hEochaidh (Teileann) isteach i mBéaloideas, uimhir 37-8, 1969-70. d 229. Máire Ní Eochaidh a d’innis an blúire seo.

 Chulaidh mé go minic go raibh dhá ní a ba cheart a dhéanamh i gcomhnaí le blascacha uibheacha an bhricfeasta: gur cheart do’n té a íosfas an ubh a spáineóg a chur fríd an bhlaosc aici; agus gur choir na blaoscacha a bhriseadh agus á gcur ins an tinidh nó in áit inteacht eile comh luath agus a bhéas an bricfeast thart. Ní ceart á bhfágáil ró-fhada ar an tábla I ndiaidh duine an biadh a ithe astu i gcás ar bith. Bhí baint inteacht ag an ghrás (gnás) seo le bunadh na gcroc (cnoc), ach ní thig liom-sa a rá caidé an bhaint é. Is minic a chonnaic me an sean-bhunadh, agus dá mbeadh uibh ag duine le n-a bhricfeasta, comh luath agus a bhead (bheadh) sé réidh, bhéarfad (bhéarfadh) sé leis an bhlaosc i n-áit na mbonn go ndóighead ndóighfeadh) sé sa tinidh í, sin nó go gcaithead séi steach an luaith í.




2/12/21

Cuid ana-bheag de dhán le Somhairle MacGill-Eain. Tá an dán ag tagairt dá oileán duchais, Raasay, áit as ar dhibir tiarna talún mórán daoine san 19ú céad, agus áit inar leagadh mór-chuid coillte duchais le linn an Dara Cogadh Domhanda ag an Rialtas.

Bhaineas an bluire seo as Reothairt is Contraigh: Taghadh de Dhain 1932-72/Spring tide and Neap tide: Selected poems 1932-72, Canongate, 1977

Hallaig

Tha tím, am fiadh, an coille Hallaig (Béarla ‘Time’; i)

 

…Fuirichidh me ris a’ bheithe

Gus an tig i mach an Cárn,

Gus am bi am bearradh uile

O Bheinn na Lice ‘f’a sgáil.

 

Mura tig, ‘s ann theárnas mi a Hallaig

A dh’ionnsaigh sábaid nam marbh,

Far a bheil an sluagh a’ tathaich,

Gach aon ghinealach a dh’fhalbh.

 

Tha iad fhathst ann a Hallaig,

Clann Ghill-Eain ‘s Clann MhicLeóid,

Na bh’ann ri linn Mhic Ghille-Chaluim:

Chunnacas na mairbh beó.

 

 (Aistriúchan leis féin)

 

Time, the deer, is in the Wood of Hallaig

 

(I will wait for the birch wood

Until it comes up by the cairn,

Until the whole ridge from Beinn na Lice

Will be under its shade.

 

If it does not, I will go down to Hallaig,

To the Sabbath of the dead,

Where the people are frequenting,

Every single generation gone.

They are still in Hallaig,

MacLeans and MacLeods,

All who were there in the time of Mac Gille Chaluim:

the dead have been seen alive.



1/12/21

Ruairí Mac Suibhne, circa 1730 (Cuid de).

Ó Cois an Ghaorthaidh, eag Diarmaid O Muirithe An Clóchomhar, 1987. (Filíocht Iar-Mhúscraí atá ann.)

 Mo lean, mo thubaist, mo thurraing, mo dhíomá croí,

An saol bocht gliogair le’r cuireadh de chineál sinn, (own proper native place)

Ó thaobh an iomaire mhilis na miothán righin,

Mar a mbíodh éisc ag iomaidh le himeall an tsileáin síos.

 

Is é fé ndeara dhom grafadh na righin ruaiiteach, (faoi): ie. cause of why)

Bás na bhfearachon  gcalma ón Laoi scuabaigh, (Múscraí, etc.)

Chuir fán ar fhearaibh ‘s a dtarrang tar toinn uainne, (fir: thar)

D’fhúig báire ag gallaibh is talamh ár ndaoine uaisle. (dative plural ‘Gall’)




11/28/21

Cuid an-bheag ó An Síogaí Rómhánach, (circa 1650).

Five Seventeenth Century Political Poems, eag Cecile O’Rahilly, Dublin Institute, 1977)

( liomsa an t-aistriúchan, atá déanta go han-tapaigh.)

 Innsím fíos is ní fís bhréige í,

Le ar súile dúinn ba léir í,

Le mo chluas-sa do chualas féin í

Í ní cheilim, deirim, dearad.

Lá da rabhas ar maidin a’m aonar,

Annsa Róimh ar úrchnoc Céphas,

Lán de ghruaim ar uaigh na nGaol san,

Sínte ar lic ag sileadh déara,

Fá bhfuil dias dob’ fhial fá shéadaibh,

Le n’ár ghrámhar ábhar m’égnaigh,

Iarla mór Thíre Eoghain Néill mhir

Ia O Domhnaill na n’órlann bhfaobhrach,

An tráth do shíleas sgíth do dhéanamh,

Cé do chífinn ar mhaoilinn an tslébhe

Acht fíor mhaghdean bhraighid-gheal bhéasach…

(Skipped description of her)

Leis an bfhaoidh sin, do shin sí a géaga

Ag dearcadh suas go cruaidh ar néallaibh,

‘s do labhair le Rí na spéire…

A Dhia mhór, an deóin libh m’eisteacht,

Nó an misde ceist bheag égin

Do chuaidh i ndaingean ar mhacaibh léighinn

D’fhiafraidhe dhíot o ós díbh is léir í.

Atáim ar mearbhall I n’ainbhfios sgéala

Óir más ionann do tharraing gach éinneach…

Créad fá n-iarthar trian na péine

Ar aonphór níos mó na ‘chéile?

(Skipped couplet)

Créad fá gcrochtar bocht gan aonchoir,

Is sliocht na n-olc o dtoice an tsaoghail?

(Skipped lines)

Créad tá uait nó an rún leat m’eisteacht?

 Nó an é is áil leat go bráth gan féachain

Ar an gcuaine is buaine ‘drém leat.

Fá na Gallaibh dábhfeannadh le hégceart?

 

I will tell of a vision and no false vision,

To my (our) own eyes it appeared,

With my own ears it is I heard it,

And I will not conceal it; I speak, I will speak.

A day I was a morning all alone

In the city of Rome on Montorio, hill of Peter (Cephas),

Full of sorrow on the graves of the Irish there,

Stretched on a tombstone, weeping tears,

For two who were generous bestowing jewels,

The beloved cause of my lament there,

The great Earl of Tyrone of swift Neill

And O’Donell of keen–edged golden spears,

When I thought to cease for a while,

Who did I see on the height of the hill

But a beautiful kindly young woman

(Description of her skipped)

With that shriek she stretched out her hands

Looking up intent on the heavens (dative plural ‘clouds’)

And she spoke with the King of the skies

(Skipped line)

Oh great God, will you deign to hear me

Or would you mind some little question

That none of the learned have succeeded to understand (‘that went in a fortress’)

To ask to you, since you know the answer.

I am wandering lost for lack of this knowledge,

Because if all men are equal in the draw

(in the sin of the ancestors that the first man committed,

Adam our father whom Eve beguiled)

Why then is one third of all pain given to one people?

Why are the poor hung up for no crime at all

When those who do wrong thrive and succeed?

What do you seek, or will you not listen?

Or do you wish forever never to look on

The people most steadfast in trusting in you,

Now by the English skinned and scourged in treachery?




11/27/21

Là Fomhair (Rilke)

A Thiarna, tà sè in am; an samhradh, ro-fhada a bhì.

Leig do scath anois thar na cloganna grèine,

A’s ar gach mòinèar, sèidfear gaoithe mòra

 

Tabhair chun abìocht a bhfuil de thorthaì déireannacha:

A’s lig do gach cheann acu fòs dhà là grianmhar caoin

Chun iad a thabhairt chun foirfeachta: chun an braon milis

Déireannach a sù as an bhfìniùin.

 

An té na fuil teach aige, nì thògfaidh sé teach dó féin anois.

An té atà in aonar, is fada a bheidh amhlaidh dó siúd,

Duiseòidh sé, scrìobhfaidh agus léifidh na litreacha fada,

A’s ar chosàin loma uaigneacha, siùlòidh sé sìos suas,

San àit a luascfar duileòga donna dreoite anon s’anall.





 

25/11/21

'Iar gClos gur hOrdaigheadh i gCaibidilibh na hEireann gan Bhrathair do Dhéanamh Rainn náAmhráin'

(After hearing that it was ordered in the chapterhouses of Ireland that brothers were forbidden to make verses or songs)

Pádraigín Haicéad (ó'n gCaiseal, Tiobrad árainn?) a chum circa 1654 (?) agus eisean san Fhrainc. Thógas ón leabhair Filíocht Phádraigín Haicéad an dán so, (eag M. Ní Cheallacháin: An Clóchomhar, 1962.)

(Brathair é féin, ar ndoigh.)

 

Do chuala ané ag maothlach muinnteardha

Mar nuadhacht sgéil ó chéile Chuinn a’s Chuirc,

Gur duairc le cléir an Ghaoidhilge ghrinnshlitheach,

Suairceas saor na séimhfhear sinseardha.

 

Ní bhuaileabh féin i gcléith a gcointinne,

Ó chuaidh an ré ’narbh fhéidir linn friotal

Gach smuaineadh d’éirgheadh d’éirim m’inntinne,

Uair fár bhaoghal faobhar m’intleachta.

 

Go suaithfeadh sé gan saobhadh slimfhuinnimh

Fá thuairim thaobh na gcléireach gcinnsealach,

Nó anuas fá a mblaosgaibh maola millteacha,

Cruadhghlac ghéar do ghaethaibh geintlidhe. (dative plural)

 

Fuaighfidh me mo bhéal le sring fhighte,

‘s ní luaidhfead read dá bpléid bhig sbrionlaithe:

Acht fuagraim tread an chaolraigh choimsithe

‘a a bhfuath, a Dhé, tar éis mo mhuinntire.

 

I’m inserting Kinsella’s translation published in An Duanaire, 1981, with small changes in order to be more literal

 

I heard from a decent man yesterday

A piece of news from ‘the spouse of Conn and Corc.” (Ireland)

That the clergy dislike our Irish language’s subtle paths,

The polished pleasure of our noble ancestors.

 

I will not spring at the flank of their argument,

Now that the time in which I could utter

Each thought erupting from the scope of my mind:

When the edge of my intellect was a thing to fear

 

Showering with no loss of pliant force

Into the general flank of those arrogant priests

Or down on top of their bald malignant skulls

A hard sharp fistful of ancient magic darts.

 

I will stitch my mouth up with a twisted string

And say not a word about their mean complaining,

But only condemn the herd of narrow censors

And the hate, O God, they bear for my people.




24/11/21

Sliocht as leabhair Maidhc Dainín O Sé, Mair a Chapaill (Coiscém, 1999), d.12-13. Tagraíonn an teidil don sean-fhocal,  ‘Mair, a chapaill, agus geobhair fear.’ (Don’t die, horse, and you’ll get food someday.)

Ba  uaigneach, callshaothach, an saol a bhí ndán do Bhess. (Capall í.) Ní raibh i ndán di ach dian-obair, bataráil agus ocras faoi mháistir neamh-thrócaireach. Bhí sí ag brath ar an bpriocadh d’fhéar searbh a bhí i bpáirc gharbh ná faca riamh leasú, páirc nár fhás faic riamh ach fionná agus raithneach. Fós b’fhearr léi an pháirc sin ná an stábla cúng salach, mar bhí fothain le fail óna fiúisíos (fuschias) a bhí ag fás cois an chlaí mhóir a bhí idir feirm an Scanlánaigh agus an chéad ghabháltas eile.

Bhí feirm Phádraig Uí Chinnéide ag teorannú na páirce ú, ach ba bheag comparáid a bhí idir dhá thaobh an chlaí mhóir. Bhí a chuid talún togtha chun míntíreachas ag Pádraig, síol féir agus leasú fachta ag an bpáirc go rialta. Deich gcinn fhichead de bha bainne a bhíodh ag Pádraig nó gur tuigeadh dó go raibh a ghabháltas ro-bheag chun slí bheatha a bhaint as le ba bainne.




23/11/21

'Bean óg a bhí  ngrá le fear. Ní raibh a muintear ssta leis an bhfear. Cleamhnas acu d’á dhéanamh di le fear eile…Tharla go raibh an fear a raibh sí i ngrá leis thar muir i dtír eile san tráth sin, ach bhí súil aici go mbeadh sé ag baile ar ais a leithide seo do lá…'

Thógas an t-amhrán seo  ó Amhráin ó Iorrus, bailúcháin a scríobhadh síos ó mhuintear Iorrus i Chicago sna 1930s, Micheál O Gallchobhair a rinne. Foilsíodh i mBéaloideas é, uimhir a 10, d 255-256.

Eala gheal ar bhruach na tuinne

Nach duine dubh ag a dtugtar grá!

Fios mo ghalra go raibh aige (galar)

Agus thairis sin, go raibh sé slán!

 

Nach mé an cnó ar an mogall

S’gan aon cnó eile in aice liom:

Sionnán buidheach de ghaoth a thiocfadh

A bhéarfadh bogadh beag ag á n-a thiocfadh (sic),

 

Duais duit, a ghaoth aneas,

In chundar tú dhul aduaidh (sic)

Mar shúil le Dia an té atá ar muir

Go dtiocfadh anocht chun cuain.

 

Nach mé ab currachán o thuinn go tuinn,

Nach mé an long ag a briseadh seó,

Nach mé an t-abhall ag ar thuit a bhláth,

Agus d’aindeoin cách, ataoim beo (atáim)


Bright swan by the waves’ edge,

I love a black haired man!

I would that he knew the tale of my trouble;

I pray he’s well!

 

Aren’t I just like a nut on the branch

without any other nuts around me?

You’d only need a gentle breeze to come

to tremble it and to knock that nut down.

 

I’ll reward you, southern wind,

if only you’ll shift around to the north,

hoping that the man who’s out at sea

will sail into the bay tonight.

 

Aren’t I like a curragh swept from wave to wave?

Aren’t I like a ship whose sails have been broken?

Aren’t I like an apple tree that’s lost its blossom?

But I’m still here, despite all of them against me





21/11/21

Altachadh Dail na Cabaig (Scots Gaelic)

A Fhir a mheudaich am (an) bolla mine  (a Dhia, mheadaigh: 'boll of meal'))

A’s a lughdaich a phrís (laghdaigh: praghas)

Thoir toradh na mara gu tír (tabhair: go)

Cuir síth eadar na coimhearnsnaich (síothcháin; comharsanaigh).

Bi again, bi leinn, bi inar measg, beannaich sinn (linn; beannaigh).

Beannaich an bhean ‘s an chlann,

An chearc bhuidhe ‘s na heóin (buí; éanaigh)

Cairistíona bheag a’s na páisdean (paistí).

Chan iarainn de shólas an domhain (Ní hiarrfainn)

Ach buntata na Daileacha Cuinge,(prátaí)

Uisge na hAllta Duibhe,

Agus casan fada ‘son dol tromh an abhainn (cosa; ar son; dul; tríd)

A chur an t-each a Creag an tSagairt, (ag cur)

Agus a bhith an Dail na Cabaig gu siorram síorraidh. (in)

Tógadh síos an beannacht seo ó Angus MacLellan, South Uist, in 1971, ach tá leaganacha ar fail ó mórán áiteanna in Albain. (D. 319, Tochar (School for Scottish Studies), no. 47, 1994.)



21/11/21

Seo réamhrá a chuir Dáibhidh de Barra (Carrigtwohill, oirthear Chorcaí) le lámhscribhinn dá thrachtas Corra-Ghliocas na mBan Léirmhínithe, rud a scríobh sé ar dtúis nuair a bhí sé óg ('ina bhrusgar-gharsún’). Thógas as Catalogue of Irish Manuscripts in the National Library of Ireland, fasciculus XII, eag Nessa ní Shéaghdha, School of Celtic Studies, 1990, d 47) é.

‘Ag so (seo) an chéad-leabhar do (a) scríobh Dáibhidh as a riocht féin agus é ina bhras-gharsún tar éis beagán Gaodhilge d’fhoghlaim (ie foghlaim Gaeilge a scríobh). Agus do ghaibh sé (ie. an lámhscríbhinn) i measc iomad droch-lámh, ionnas gur caocadh agus gur sracadh é, go (sa tslí) nach feadfadh neach lámh a dhéanamh dá léaigheadh. (ie nach féidir le duine ar bith é a léamh). Agus cé gur scríobhadh mic-leabhair as, níl ceann ar fail sa dúiche dhíobh. Agus ó nachar bh’urusa (nárbh fhuirist) lámh a dhéanamh de, do ghabhadar (plural of ‘ghaibh’) a chlann (a chuid chlainne féin, ie. Dáibhidh) chun é a ath-scríobh. Agus ba dhoilg (doiligh) leis a shamhail de ráflóir leabhair (ie. leabhair amaideach) do  (ie. ‘a’) scríobh anois i ndeireadh aoise, ach dúradh ris (ie. ‘leis’) go mba dhoilge (ie. ‘níos deacra’) a dhéanamh ar dtúis, gona uime sin (sa tslí gur mar gheall ar an méid sin), do thug sé an iarracht so (is ‘seo’) arís faoi.)

(Bhí sá sean nuair a scríobh sé an méid seo in 1834.)


(Cuid de Chorra-Ghliocas na mBan'...)

'Má bhíonn tú i’d gráthóir ag mnaoi agus gur mhaith leat conneáil amhlaidh, caithfir (caithfidh tú) a bheith dícheallach chun í do shásamh, agus a bheith ar garda chun í a chosaint ó chomh-ghráthóiri, nó muna ndéanfair sin, is amhlaidh a bheidh do chailíni amhail feadán pléasacáin: cuirfidh an piléar déanach an rith ar an gcéad philéar.

Ná cuir tú féin in oiriúnt don mhnaoi do bheadh go gear i ngrá leat, óir má ghní tú agus go bhfaighidh sí do ghrá-sa ag méadú, fuarfaidh sí a cuid fén le ro-dheimhneacht as do chuid-se.'(d 9)


Eala an bhean, mar dhea, agus fiolar an fear...



18/11/21

Ba gnáth mé ag siúl le ciumhais na habhann

Ar bháinseach úr ‘s an drúcht go trom,

In aice na gcoillte i gcoim an tséibhe

Gan mhairg gan mhoill ar shoilse an lae.

Do ghealadh mo chroí an uair chínn Loch Gréine,

An talamh ‘s an tír i’s  íor na spéire,

Taitneamhacht aoibhinn suíomh na sléibhte

Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.

Do gheallfadh an croí bheadh críon le cianta

Caite gan bhrí nó líonta (d)o phianta,

An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas

D’fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte,

Ar lachain ‘na scuainte ar chuan gan ceo,

I’s an eala ar a bhfuaid ‘s í ag gluaiseacht leo…

Tús Cúirt an Mheon-oíche le Brian Merriman. Thógas ón leabhar 'Cúirt an Mheon-oíche le Brian Merriman,' eag. Liam P O Murchú, An Clóchomhar, 1982 (an t-eagrán is fear) é.



17/11/21



Amhrán ó thuaisceart na Mí. Is i 'bPeadar O Gealacáin, Scríobhaí' le Ciarán Dawson (An Clochomhar, 1992) a fuaireas-sa é. (Leathanach 73-4). Thóg Dawson ó lámhscribhinn leis an Gealacánach é.

An gcluin sibh mé, a dhaoine, tá macanta saoithiúil,

an gcuala sibh an gnímh úd, do rinne Pilib Bán,
Cat geanúil, croíúil, aigeanta, líofa,
Ghoid sé as an tír é, a’s nár thaga sé slán.
Ba le Para Héat é, crónthaí na céadtaí é,
Tá Anna le buairimh, go suarach ina luí,
Tá fir agus mná ina farradh gach lá,i
A’s tá daoine á rá nach n-éiríonn sí choíche.
 
Do you hear me, you people well-bred and wise,
Did you hear about the feat that Pilib Ban performed?
He stole an affectionate lively, intelligent, skilled cat
Out of the place, and may bad luck attend him always.
The cat belonged to Para Heat, and was beloved by all.
Anna is devastated, lying dreadfully ill,
And men and women are there by her bed, day and night.
What they’re saying is that she may never get up again.
 
Tháinig Bríd Ní Chumhna aníos casta ina gúna
Ar maidin Dé Luain, á fháil faisnéis gan stad,
Labhair sí go ciuin le hAnna bheag chumhartha,
'Is é chuala mé go siúrálta go bhfuair tú do chat
thuas ar an dún, a insíodh i gcuid ruin dom,
Go dtáinig sé ar shiúl oíche ‘bhaile ‘na sac,
Go scuaba an slua sí ar shiúil san oíche
An té a thug  an scríb ar do phisín beag breac.'
 
Brid Ni Chumhna came down with her gown wrapped ‘round her,
Monday morning, diligently seeking for the news.
She spoke kindly with sweet little Anna:
“I heard for a fact that you got back your cat
Up at the dun –it was told to me secretly –
That he came back in the night in a sack,
And may the fairy host carry away every night
The one who snatched away your little speckled cat.”

(There is a hint here that Brid was --humorously? -- thought to have intercourse with the fairies, or claimed to)
 
 
Tháng Cathal Mac Cléirigh go moch ina léine.
“A Phádraig, a théagar, an bhfuair tú do chat?
Fhad a’sa bhí sé sa tír, lán bosca snaoisín
De mo chuid coirce a fuair luchóg nó rait.
M’anam a’s dar fia, cé go bhfuil mo cheann liath,
A Phádraig, dá mbeadh a fhios agam cé ghoid do chat,
Cha n-íosfainn gréim bia, a’s cha chodlóinn oíche,
Go mbainnfinn géarríoc as, a’s go ndéanfainn a shlad.”
 
Cathal Mac Cleirigh came early, not yet fully dressed:
“Padraig, my friend, did you get back your cat?
As long as he was around, no mouse or rat ever
carried off a snuffbox’s worth of any of my oats.
On my soul, and by gosh, though my hair’s now gray,
If I knew who it was that stole your cat, Padraig,
I’d eat not another morsel of food, nor sleep in the night,
Until I’d made the thief pay, and destroyed him completely.”
 
Arsa Anna bheag mhodhmhar, “A Chathail, ba tú an chomharsanach
Nach ngoidfeadh a’s nach bhfuadódh madadh nó cat,
A’s bheirim mo mhóid ar bhiobla na Róimhe
Nach bhfuil aon fhear sa chomharsanach chomh macanta leat.
Dar mo choinsias, a Chathail, dá mbeadh an pisín ar fáil
Gheobhfá é, agus fáilte, roimh céadfear.
Chan fhuil sé sa tír, a’s cha bhíonn sé choíche,
Fear a’b fhearr ná thú féin fá thamall dochair.”
 
Dear polite Anna told him: “Cathal, you’re a neighbor
Who would never steal or carry off a dog or cat,
And I will take an oath on the Catholic Bible
There is no man in the neighnorhood as honest as you..
By my conscience, Cathal,  if the little cat was to be had
You’d have him from me, and welcome, before anyone else.
There is no one around, and there never will be (Use of habitual for future)
Anyone at all, a better support in a time of trouble.”

(There was a strong Protestant missionary movement through Irish in north Meath, Cavan, Monaghan etc in the early/mid 19th century that supplied (Protestant) Bibles in Irish and opened small schools that taught reading in Irish. The Catholic clergy were strongly against it and persecuted the teachers (usually Catholic Irish poets and manuscript men who were happy to be able to finally make a living from Irish), and the whole thing turned many people against Irish, as a "Protestant" thing. That's why the line specifies a Catholic Bible here)

 
Ar maidin Dé Sathairn, tháinig Scalaí ’na seanroith:
“A Phadráig Uí Dhálaigh, cha maith liom do chreach,
A’s dar a bhfuil de ghabhair ó seo go Baile Fhóbhair.
Chaill mé mo mheabhair ó d-imigh do chat.
O luíos an ghrian, le corradh agus bliain,
Char chodail mé néal a’s char cheangail mé mart,
Ach ó thiteas na hoíche, mé féin a’s mo mhnaoi
Le dhà bhata droighean, mé ag ruscadh na rats.
 
Saturday morning, Scalai arrived at a full run:
“Padraigh O Dalaigh, I am sorry for your loss,
And I swear by all  the goats from here to Nobber,
I quite lost my mind since your cat went away.
For more than a year now, any time after sundown,
I slept not a wink, nor tied up a cow,
But every time night arrives, myself and my wife
With two blackthorn sticks chasing away rats.”
 
Níorbh fhada ina dhéidh sin go dtàinig  Taimí O Géartaigh
Ag mairgneadh a’s ag éagcaoin a’s ag gréadadh a làmh.
Thàinig Néillí go céllí ina dhéidh insa téirim.
“A Thomais, a théagar, bí thusa I do thànaí.
Stad de do ghlaerthú, a’s na bídh ortsa buaireamh.
Nach bhfeiceann tú Scàlaí nach gcodlaíonn aon oích’?
Cé go bhfuil àr gcuid millte, agus ar ghar  ‘bheith caillte,
Déanfaimid sibhte ar na luchógaí à chloí.
 
It was not long after that Tommy O Geartaigh appeared
Lamenting and weeping and striking his hands together.
Neilli came after him, and she in a great hurry.
“Thomas, my dear, now please take it easy,
Stop all your shouting, and do not be sorrowful.
Don’t you see Scalai who does not sleep at night?
Although our provisions are destroyed, and close to gone,
We’ll find some way to defeat all the mice.”
 
Thàinig Para Rua go dian anall lena scian
Agus tamall de bhiobla leis ina làimh.
Spalp sé go fíor é i bhfianaise na tíre é,
Go sàifeadh sé an scian sa ngadaí go cnàimh.
“Níl coirce nó líon dà bhfuil agam sa tsaol
Nach bhfuil coganta spíonta ag luchógaí agus rats.
Scríos agus dícheannú, gorta agus íota
Ar an ainchríostaí  ‘scuaib as an uainn do chat.
 
Para Rua came over, vehement, and he with his knife
And a bit of a Bible there in his hand.
He proclaimed it truly in front of everyone
That he would stab his knife to bone, into the thief.
“There is no oats or provisions I have in this world
That’s not chewed and destroyed by mice and by rats.
Destruction and beheading, starvation and endless thirst
On the evil one who swept off your cat from us.”
 
Thàinig Brian Beag go cróga gan stocaí gan bhróga,
Gan hata gan chóta gan vist ar a dhroim.
Sheas sé mar leon os cíonn Alt Mhic Uí Ghabhann
A’s ghlan sé an currach mor go tí Phàdraig le léim.
Tharraing sé a claíomh amach óna thaobh
A’s d’fhiafraigh sé de Phàdraig an raibh gadaí sa tír.
“Mà bhím ina dhéidh go Là an Luain, cha phillim go suain
Go scoithfidh mé an ceann dà cholaínn go fíor….
 
Brian Beag arrived bravely without shoes without socks,
Without hat or coat or even a vest to cover him.
He stood like a lion there over Ailt Ui Ghabhann,
And came over the big wet place in just one leap.
He drew forth his sword from by his side
And then asked Padraig was there a thief in the land.
“If I must pursue him until the end of time and the world.
Never will I return here ‘til I sweep his head from his body.”
 
Thàinig Phildigh O Cearbhlàin, ‘s é a choiscfeadh gach starmàn
Idir chomharsana agus luch margàin le binnghlórtha béil.
Ar seisean le Pàdraig, “Gheobhaidh tú flaitheas (in easnamh san lss.)
Ach bíodh agat foighid mhaith, agus nà bí gan chéll.
Gheobhaidh mise an féirín mà tà sé istigh in Eirinn,
Agus cuirfidh mé in ngeibhinn an gadaí gan mhoil.
Beidh again mórphléisiúr, agus ól fada in éineacht
Ag gabhàil à gcuid véarsaí agus ag canadh gach grínn.”
 
Phildigh O Cearbhlain came, he who’d pacify any argument
Between neighbors and fairgoers with all his smooth talk.
He said to Padraig: “You’ll reach Heaven (Line missing in manuscript)
But take good patience now and don’t lose your mind.
I’ll find your dear cat, if he’s still somewhere in Ireland,
And the thief I’ll see in prison, it will not take long.
We’ll all take our pleasure then, and drink long together,
Singing out our verses and rehearsing every good thing.”
 
Fuair Pilib càsa piostal agus claíomh géarr nach mbrisfeadh.
Fuair Màire réidh go cliste dó bunóg a’s cearc bhreac.
Tràth ‘ ghluais sé chun imeachta, d’fhàg sé léi beannacht,
Agus d’ardaigh sé a lón ar a mhuin ina sac.
Chuaigh sé thart síos go Doire agus aníos Loch an Chuire,
Ó shin go Cill Scíre, aniar go Droim Breait.
Ach ar thaobh Gleann an Smól, ar eilit sa tóir,
Fuair sé là spórt, an pisín beag breac.
 
Pilib took a case of pistols and a keen sword that won’t break”
Maire prepared handily for him a loaf and speckled chicken.
As he prepared to set off, he gave her his farewell thanks
And raised up his provision in a sack on his back.
He went all the way to Derry, then to Loch Curry,
From there to Killscirry, east then to Drum Breait.
There by Glensmole was he found the little speckled cat
Enjoying itself the day, running after a deer. (Reference to an Ossianic tale)
 
Nuair a thàinig sé abhaile, bhi féasta agus cuireadh,
Ag Pàdraig ina choinne le hollghairdeas a’s sport.
Bhí fuisce ‘na thuile le n-ól ag gach duine
Agus borda thart leagtha le bia de gach sort.
Bhí uasal a’s íseal, anuas agus aníos ann,
Mar a fuagraíodh sna nuacht go bhfuarthas an cat.
Bhí ól agus aoibhneas, a’s ceol ar feadh míosa ann,
Agus thart insan tír, níor fhan luchóg nó rat.
 
There was feasting and celebration, once he was home,
A meal Padraig had waiting with joy, delight and fun.
There were floods of whiskey to drink for each person,
And a table beside laid out with every kind of food.
Nobles and commoners were there, people from every place,
Once the news made its way, that the cat had been found.
There was drink and pleasure, and music that lasted a month,
And all around the country, mice and rats all were cleared out.



14/11/21

Nach trom an codladh atá ar mo chéile –

Cha chluin sí mé, agus is ard a srann,

Níl faill aithrí agam lena dearn mé de bhréaga—

Tá an ghaoth so ag méadúa’s ag éirí teann;

Dá mbeadh na daoine mar ba choir daofu,

Chuirfí cuaille leis an taobh úd thall,

Nach beag a shaoil mé fán tráth seo inné

go raibh deireadh mo shaoil insan Chaisleán Cham.

 1ú chuid de An Caisleán Cam, amhrán le Cathal Buí Mac Giolla Gunna. D.63, Cathal Buí: Amráin, eag Breandán O Buachalla, 1975

 


06/11/21

Gaoth an iar: iasg a’s bainne:

Gaoth tuath: fuachd a’s gaillean: (droch-aimsir; stoirm)

Gaoth deas: teas a’s toradh:

Gaoth an ear: do fhearaibh a’ chuain (fir: fairrge)

 D26, Aithris is Oideas, Traditional Gaelic Rhymes and Games, 1964

(Tá mórán abairtí ó Eirinn ar aon dul le seo.)




05/11/21


Dá ngealltá mil ar gach mír (geallfá: méar)

Dhamhsa, a bhean ó a mbím i bpéin,

As t’fhocal ní fhuilim teann – (do fhocal)

Each do buaileadh ‘na ceann mé.

 (ó dán le Eochaidh O hEóghasa, Fir Manach. D. 21, Laoithe Cumainn, eag T. O Rathile, ClóOllscoile Chorcaí, 1969. (In 1925 a foilsíodh ar dtiús.)


An t-amhrán: ‘ábhar bhróin go dtiocfaidh bláthanna a’s duillóga arís ar na crainn, ach ní fheicfidh mise iad – beidh mé féin faoin talamh.’

Sórt rapaire an duine sa scannán a sheasaigh in aghaidh tiarna talún.


04/11/21


Abair leis ná déanadh éad;

A’s gur bréag an scéal do cuireadh faoi:

Aige féin atá mo ghrá

A’s mo fhuath de ghnáth ag a mhnaoi. (Dative case ‘bean’)

 

Má mharbhann sé mise trí éad

Éagfaidh a bhean de mo dhith,

Éagfaidh seisean de chumha a mhná: (Genitive ‘bean’)

A’s mar sin thiocfas bás an trír. (triúr)

 

Gach maith ó neamh go lár

Chun na mná ag a bhfuil m’fhuath, (Genitive ‘bean’)

A’s an fear ag a bhfuil mo ghrá

Go bhfaighe sé bás go luath. (subjunctive)

 

A théagair, is duit do bhéarfainn mo mhíle grá,

A’s ó do ghéar-shearc nach féidir domh Críost do fháil;

A Dhia ghléigil do bheir réalta agus grian ar aer,

Nach léigtear gach aon neach mar a mbíonn a ghrá?  (‘mar’ – san áit)

 

(d. 28, Trí Rainn agus Amhrán, eag C O Dochartaigh agus Colm O Baoill, 1996. I láimhscríbhinn ó Chuige Chonnachta, 1729.)


1/11/21

(Tá an Gobán Saoir ag moladh bean áirithe dá mhac le í a phósadh.)

Mac an Ghobáin Saor: Ach coigraim è seo leat: nach dream botháin agus gabhair iad sin agus ní lucht bó ná capall?

G: Thit, a bhreall…Ná bíodh do mhuinín go deo i muintir macha bó a’s muc na i lucht na loinnide. An iomarca den bhia, a’s è ro-bhog, isea dèineann siobhraithe agus snámhaite desna pásti. Na ceathanna bláthaí, a dhuine: cnoca’s cruacha leitean, a’s rabharta bainne ramhair, go n-airofá bruchtáil a’s geon ina ndróllana ar nós plubail na meadrach. Líonadh thar sáth, a’s an tocht dá múchadh. Damsa dalta an bhuilg fothrais nó smèarachán samhaí do leanbh a mbeadh mrotamas ar liobarna leis, dhèanfaidh sin leadhb gan lúth. Ach an coileán caol-deas a fuair gorta i mbruinn, agus a tógadh le lótaí min-bhuí agus casmairt prátaí, caol-deoch gláise um neoin nó anglais le linn cuigean a dhèanamh ag lucht ime,  a’s gan leath ná trian a dhóthain a fháil dó ó Oíche Shamhna go Bealtaine anonn: heuch, bheadh rón mar a bheadh fraoch ar chlár a uchta sin. Tá deallradh agus dath air, tá righe  cait ann, tá sláinte bric ann, agus do dhíolfadh sè scata deichniúr a’s dachad de chlainn feirmeoirí ar aonach Choill Mhic Thomáisín.

M: Tá an ceart agat. Bíd na cnámha ró-chaol a’s an iomarca de’n bhlonaig orthu. Bíonn an leather ró-liobarsach orthu. Ní gnáth teann iad. Ach…ca bhfíos duit gaois a’s gastacht a bheith sa ghearrchaile seo le Bil Rua an tSean-Bhríste?

(15) Watch | Facebook


O 'Cor in Aghaidh an Chaim agus Cam in Aghaidh an Choir' le Piaras de Hindeberg (Port Lach). 


31/10/21

O “Cor in Aghaidh an Chaim agus Cam in Aghaidh an Choir” le Piaras de Hindeberg,  Co Phort Lairge (Port Lach). (Drama)

Teachataire: Bail ó Dhia oraibh.

Goban Saor: Dia a’s Muire dhuit a’s Pádraig. Súig síos chun na tine. Nach fiain an aimsear í, mile buíochas le Dia?

T: Táim buíoch dhuit. Is fiain sin. Níl aon fhuacht orm. Ní ro-fhuar an lá è ar aon chor, don tè a bheadh ag corraí, Ní fuacht, ach fán atá orm.

G: Muise, is iomadh duine a mbíd araon air.

T: Is iomdha sin. Ach ní beag liom-sa an t-aon cheann amháin orm.

G: Agus cad è an fán atá ort?

T: Tá, siúil rèidh a’s ród, a’s cnoc a’s cruach, món a’s machaire, áth a’s uisce, droichead a’s daingean, sliabh maol agus slí motharach ar fuaid na hEireann, óna bárr gá bun, agus ó Bhaile Atha Cliath Laighean go lèim Chon Chulainn aniar.

G: Muide, b’fhada iad so shiúlta. Agus cad a thug ort an chuaird sin a chur díot, muran mhiste leat a fhiafraí dhíot?

T: Ní misde sin. Ba mhóide è m’eolas go ceann mo chonaire, fios mo thuras-sa a bheith ag cách.

G: Agus cad èan rud è?

T:  Lorg an Ghobáin Saoir agus a mhic. Rí shean’Shasana a chuir uaidh mè a lorg. Tá caislean aige le tógáil, agus adeirtear ag an choiteantach gur bhuaidh seo agus a mhac ar a bhfuil de cheardai ar domhan…”

28/10/21


Cuimhneachain do Ealasaid agus Anna Nic Mhaoileain (Memorial for Elizabeth and Anna MacMillan) le George Campbell Hay, file Albannach ó Tarbert, Cinn Tíre, baile beag atá chomh congarach do Bhéal Feirste agus atá do Glaschú, b’fhéidir. Má tá suím agat ann féach ar an bpost, Stories and a Few Bottles of Wine.)

 Is ann ‘nan laighe an Cill Aindreis

Tha dithisd bhan a dh’altrum mi,

Mnài ‘chuir maise air a’ bheatha-s!

Ged bu sean iad, le’n cuid gnìomh;

Ealasaid maraon as Anna,

Bha iad farsuing, caomh, neochrìon.

Thug iad saoghal mòr ri fialachd.

Is thug aon bhliadhna iad do’n chill.

 

It is in the graveyard in Tarbert

that two women who raised me lie;

two women who made life beautiful,

with their deeds, though they were old.

Ealasaid and Anna together;

they were hospitable, gentle and gracious.

They lived a long time giving,

And one year took them both to the grave.

 

Uaisle ghiùlain, cainnt ba chiùne,

Suairceas, sùnnd is crídhe mor,

Có a shaoileadh mnathan aosda

A bhith ‘nan aobhar ionghnaidh leò?

Mar sin bha Ealasaid is Anna,

Le sgairt a fhreadradh do’n aois òig:

Bha sean fharsuingeachd nan Gàidheal

A rìsd ‘nan gnàths a’ tighinn beò.

 

Nobility of bearing, gentle speech,

affable, cheery and great-hearted;

who would think that would be a cause

of wonder in old women?

That is how Ealasaid and Anna were,

with vigour as though they were young.

They had the old Gaelic breadth of spirit,

come alive again in the here and now.

 

An sean saoghal còir bha ‘nochdadh

Riamh tromhaibh ann gach ceum.

Feumaidh sinn a’ ràdh, mo thruaighe.

Gu’m “b’aisling uair éiginn e.”

Is maith a bhiodh sin dheth, a dithisd,

Na’fàgadh sibh mar ghibht ‘nur déidh,

S na’m faigheadh daoine an tsaoghail ghoirt seo

Leth nan sochair bh’annaibh fhén.

 

You called into being the old decent world

In everything you did,

but I must admit to my sorrow,

that this was a thing that was, and now has gone.

We would be better for it, you two,

if you had left a gift behind you,

and the people in this bitter world today

had half the virtues that you two did,

 

Ealasaid, you never bent your head or mind

To any worthless soulless thing.

Anna, who was generous and good-natured,

never closed her hand to others, or her door.

I see you gently smiling, at the head of the table,

sharing with everyone.

If you are still here in the old place,

you are a kindly and welcoming spirit.


 27/10/21

An Laighneach soilbhir solasta súgach sámh;

Is binn an Connachtach oirfideach, clú na ndámh:

Is groí gan sosa in am troda an tUlltach grách:

I ngníomh ‘s i bhfocail is follas an Mhumhain i mbláth.

 

An Laighneach soirbh-ghlic corach, do lóbaibh lán:

Is cainnteach Connachtach, conablach clamhach gan cháil;

Bladhmann foclach folamh san Mumhain do ghnáth;

Sainnt a’s formad obair an Ullta, a’s grain.

 O Bhúrdúin Bheaga, eag T O Rahilly, Browne and Nolan, 1925. O lámhscribhínni ó Chontae an Chláir a tógadh: (H 6 21 (Trinity) agus 25 L 35 (RIA) (17-18ú Aois?)




26/10/21

Má bhíonn tú i’d gráthóir ag mnaoi agus gur mhaith leat conneáil amhlaidh, caithfir a bheith dícheallach chun í do shásamh, agus a bheith ar garda chun í a chosaint ó chomhghráthóiri, nó muna ndéanfair sin, is amhlaidh a bheidh do chailíni amhail feadán pléasacáin: cuirfidh an piléar déanach an rith ar an gcéad philéar.

Ná cuir tú féin in oiriúnt don mhnaoi do bheadh go gear i ngrá leat, óir má ghní tú agus go bhfaighidh sí do ghrá-sa ag méadú, fuarfaidh sí a cuid fén le ro-dheimhneacht as do chuid-se.(d 9)

Ach anois is dóigh gur leor ar chuireas síos dhuit chun tú a chur ar t’aire i gcoinne an dainséar. Agus adeirim leat go dearbh, i dtoghadh mná, gur choir do dhuine aire mhaith do thabhairt do mhacánacht a muintire, óir is gnáthach an chlann a tógtar go múinte ó nadúr, do leanúin ceneol a muintire, ní hé ná gur iomdha crann do loitear ‘na ghearradh. (d 73)

O Chorra-ghliocas na mBan le Dáibhí de Barra, Carraig Tuathail (Oirthear Chorcaí), agus é ina dhéagóir

circa 1775-80, in eagar  ag BreandáO Concúir, An Chlóchomhar, 1991)



25/10/21

Agus ní raibh podataí in Eirinn an t-am sin, go dtugadh an síol ón Spáinn Nua dhá chéad agus ocht mbliana ar seasga roimh an mblian so ina bhfuilim ag scríomh: i mbliain 1565. Agus air (tar éis) a gcur do na daoine ar dtús, do mheasadh leo gurab iad na húllaibh a bhíodh ar na gasaibh ba chuid toradh agus mairiúna iónnta, agis air mblaiseadh na n-úll dóibh, níor thaithin siad leó, go (chun: le) nár bhfiú leis na ministéiri (Protastúnach) fáltas ad (a) iarra orthu. Ach air mbreithniú do na saóthraí gurab insa rúta bhí an fáltas, do chuiridís iad i puathithisibh agus i bpollaibh faoi thalamh, i lúbaí cluthara d-fhághala, i ndóigh nách faighidís na ministéiri faisnéis ná mion-thuairisg orthu, go radhadar amhlaidh sin suím blianta. Ach do bhí gliocas sionnaig agus súile lynx – beathaíoch atá in Africa, do sháraigh gach ní ina bheatha ar ghearr-radhairceacht – ag na ministéiri, gur tochladh leó iad, go nach féadfadh fearaibh Eireann cuid aon uaire do fholach orthu dhíobh as sin amach.

 O 'Cath na Deachmhún air Thraí Rosa Móire, an dara lá dhe Mhithiomh a mbliaghain 1833,' le Dáibhí de Barra, Carrigtwohill, oirthear Co Chorcaí. (Foilsíodh i bProceedings of the Royal Irish Academy, 1960, faoi eagar Brian O Cuív.



21/10/21

Comhrá ó An Introduction to the Irish Language le Rev. William Neilson, ministéir Phreispitéireach i gContae an Dúin a rugadh in 1774. Gaeilge an Dúin atá innti. Chuireadh ath-chló ar an leabhar leis an Iontaobhas Ultach in 1990. (Anseo direach faoi mar atá sa bhún-leabhar (ie fadaithe in easnamh)

Mothaighiom-sa me fein tuirseach, is ba mhaith deoch leanna ól.

Ta leann fior mhaith ag comhartha an tairbh dhuibh.

A ghiolla, tabhair chugainn cuarraighin don leann is fear a bhfuil agat.

Gheabha sibh gan mhaill e, a dhaoine uaile.

Is sámh an deoch i sin, san aimsir teithe seo.

Deanam anois; biom dul ‘na bhaile.

Go de ta le n-ioc?

Deich bpighnidh, dhaoine uaisle.

So dhuit e.

Go de mur mhian leat na caoirighe a dtabhairt ‘na bhaile?

Fuigfe me ann foraois (móinér) chomhgarach anocht iad; agus bhearaidh mo bhuachaillighe fen ‘na bhaile iad amarach.

An feidir feur maith faghail sa gcomharsanact-san?

Fior-mhaith, ach ro-dhaor.

In aircis na Lughnosa, beidh se nios saoire.

Slán leat, a dhuine uaisle.

Slán De leatsa, a dhuine mhaith.

Ca hait a raibh tu?

Thainig me anois on margadh.

Go de cheannaigh tu?

Spoll chaoirfeola, sliasad mairtfheoil, is ceathramh usin.

Sud fear ag iomchairt éanlaithe: glaoch air chugam.

Ge de na héanlaithe so agat?

Giorcoga oga ‘ta ionnta.

Go de mheid iarras tu orrtha?

Deich bpighnidh an ceann.

Ma ghlacann tu iad uile, bheara me air ocht bpighin déag an dís iad.

Nach bhfuil géidh no turcaigheanna agad?

Ta cail de gheidhe breadh ramhar san mbaile agam, agus ta comharsan dhamh a bhfuil ealta do thuircaigheanuibh aige.

Do bhí lochana agam fó, ach do thog an sionnach iad uile ar siubhal leis.

Ba mhor an truagh sin.



 20/10/21

Is aisteach an rud é, ach tá sé fíor, bíonn an duine faoi gheasa ag na seanfhóide; bíonn sé faoi dhraíocht .

Fear acu, bíonn siad á tharraingt agus á mhealladh, bíonn sé créachta acu.  Is cuma dó cá bhfuil na seanfhóde céanna. Féadann siad a bheith i gcúlsráid igcathair dhúr dhoicheallach, nó san iargúltacht i measc na gcnoc, nó ar charraig mara, ach cibé áit a mbíonn said, tá an draíochr céanna ag baint leo agus de reir mar a théann duine anonn i mblianta, beireann siad greim níos daingne ar a chroí agus ar a cholainn: cuireann said mothú fiánta ina chuislí; bíonn a óige á athshamhlú dó féin: bíonn sé beo ar ais arís tamall, beo i measc a mhuintire agus seanbhallaí a thí féin.

Más i dteach leanna i Londain nó i Nua-Eabhrac atá sé, déanann sé dearmad den chomharsanacht thart air: ní fheiceann sé an ghloine leanna ina láimh nó an fear ar a ghualainn, ach é ar a sháimhín suilt sna seanfhóide. Tá sé ina ealaíontóir anois: tà pictiúr aoibhinn taitneamhach dá dhathú aige: tá laethannta a óige os comhair a shul: feiceann sé an cnoc agus an gleann, an chreag agus an trá, an bhó sa bhàitheach agus an mhadadh faoina shála, ach mo lean, éalaíonn an aisling…Tá an slua doicheallach thart air, agus é arís ina chadhain aonraic gan ainm gan aitheantas.

 d.5  O Rabharta go Mallmhuir, le Seán ‘ac Fhionnlaoich, FNT, 1975. Fear a tógadh ar Inis Gabhla, amach ó chósta Ghaoth Dobhair ab ea é.

19/10/21

(Litir ó Aodh O Neill (“The Great O Neill”) chum taoiseach dúiche Mhic Cochlainn (Iar-Mhí), tráth go raibh Mac Uí Neill tar eis ionsaí a thabhairt ar an gcuid sin den tír (1600)

Ar mbenacht chugoip, a Még Cochláin: do glacamair bar litir acis is é thuigmíd  uirre, nach ffuil agoip agá déanumh acht millsecht bríathar leinn, acus sínteoracht aimsire. Ar gcuid-ne do’n adpar, cé bé duine nach biadh leinn acus nach gcaithfe ar son na córa, tuig mí gur duine inár n-aghaid an duine sin. De bhrígh sin, gach áit a ndéna sipsi bar maith féin, dénaid ár n-olcus, an méide go roichfidh leip do dénumh de, acus do dénaim-ne bur n-olcas fá ár ndíthioll, maille toil Dé.

 Ag Cnoc Dup Maine , 6 februairii, 1600. O Neill.

(From Catalogue of Irish Manuscripts  in the British Library, Vol I, ed. Standish Hayes O’Grady, Dublin Institute for Advanced Studies, 1992. O’Grady took it from State Papers, Ireland, cxcv: 2nd inclosure in 4th of February 1599, marked 244c.)

(Our blessing to you, Lord Mag Cochlain: We received y our letter and what we understand from it is that all you're giving us are sweet words and delay. For our part, whoever is not with us and who will not exert himself for justice, I understand that that person is against us. Consequently, wherever you can work for your own advantage, hurt us as much as it is possible for you to do, and we will work t o harm you to the greatest extent possible, please God.)

 

Gáire an tSasanaigh; dranntú madra: adharc bó; nó tón capaill – cheithre rudaí nach iontaoibh.



18/10/21

Lá n-aon dá rabhas re hucht Bealtaine, dhá lá d’éis lá Samhna, I gceartlár Mhárta an earraigh, nó, mar a shaolim, I ndeireadh an tsamhraidh, ag siúl go lán-uaigneach liom féin agus dop tharla, gan airiú, gan fhios dhamh mé ndiamhair uaigneach, do-eolais agus I dtír ainiúil, anaithnid, gan fios a hanma nó a haithne, a hiú nó a heolais. Ach atáí cheanna, ní chuala cluas agus nífhaca súil tír a macsamhla ar bhreácht a foinn, a sreabh, a foraoise agus a fiobhal, óir nas leor d’ath bheoú ar dhaoine marbha éisteacht le caoincheol labhartha na n-éanlaithe agus le ceiliúr fírbhinn nabhfíorbheach agus le forfhuighle na sreabh ag teibearsain agus ag síor shní seachnóin na tíre lánmhaisí sin, agus í ina haon toínn fheoir agus fháigh. Iar bhfaicsin na tíre lánmhaisí dhamh=sa, do ghlac lúáir áhal mé, óir do shaoileas go lándearfa gurb é parrthas do bhí ann agus gurb éDia neartchuímseach neimhe do threoraigh mise dom naomhú agus do leasú mo bheatha ann. Ach dar mo chúis, do ba olc an bharúil dhamhsa sin, óir ní mhaith an searbhónta do Dhia roimhe sin riamh.

Ach amhail is dual agus is dleacht foircheann agus finíd ar gach ní ach flaitheas Dé amháin, is mar sin a tharla don lá soin, i. go raibh dúnéala dreachuafara duibhseacha na híoche ag folach glan-ghnú lánsoilbhire na firmimíte, agus go ndeachaidh an ghrian dhealraitheach ghlansholasta dá hadhbha chodalta…

(d 132  Mac na Míchomhairle, scéal ón 16ú aois (?) ó Bhreifne nó Fearmanach. Teacs ó Mhac na Míchomhairle, Seosamh Watson, an Clóchomhar, 1979


16/10/21

 Agus, ós ag cainnt air é, cad é mar short daoine iad an dream thiar? ‘Beannaim uaim siar sibh,’ a dúirt Naomh Pádraig leo, agus cad ab áil liom ag cainnt go maidean? Ach do ‘b fhada ó bhaile an beannachadh é, agus ba shaoráideach.

 ‘N’fheadar ab eagla éigin a bhí air romhainn, ‘agus a rá nár tháinig sé inár measc,’ ars an Cárthach, m’úncail, aon lá amháin le Seán O Mainnín. Leámharaic ceart ab ea an Cárthach, fear cleas agus córdaí, trasnálaí, scoláire tuatha, ach fear nár tháinig aon droch-fhocal as a bhéal riamh. Ní hé gach aon duine a raghadh i dtreis focal agus argóna leis, ach fear ná beadh ró-bhuíoch de féin ina dhiaidh.

 D. 8 Na hAird O Thuaidh, le Pádraig Ua Maoileoin, 1960. (Corca Dhuibhne)

15/10/21



Soraidh Slán

Soraidh slán don oidhche a-réir,
fada géar ag dul ar gcúl;
dá ndáiltí mo chur i gcroich,
is truagh nách í a-nocht a tús.

At
áid dias is tigh-se a-nocht
ar nách ceileann rosg a rún;
gion go bhfuilid béal re béal,
is géar géar silleadh a súl.

Tocht an níchuireas an chiall

Ar shilleadh siubhlach na súl;

Cá feirrde an tocht do-ní an béal

Sgéal do-ní an rosg ar a rún.

 

Uch, ní léigid lucht na mbréag

Smid tar mo bhéal, a rosg mall:

Tuig an ní-se adeir mo shúil,

Agus tú insan chúil úd thall:

 

‘Cuinnibh dhúinn an oidhche a-nocht,

Truagh gan sinn mar so go brách”

Ná léig an mhaidean is-teach,

Éirigh ‘s cuir a-mach an lá!’

 

Uch, a Mhuire, a bhuime sheang,

Ó’s túis ceann ar gach cléir,

Tárthaigh agus gabh mo lamh—

Soraidh slán don oidhche a-réir!

 

 

A passionate farewell to last night,

for all that it seems so far away now.
Though I were fated to be hung for it,
alas, that tonight is not its beginning.

There are two inside here tonight

whose eyes cannot hide their secret;
though they are not mouth to mouth,
their eyes flash a message vehement.


Alas, the gossipers won’t allow

a word from my lips, you with quiet eyes;
Understand then the message of my eyes,
you in the corner over there:

'Hold this night for us,
alas that we cannot be here forever

do not let the morning inside,
get up and force back the day!

Oh, Blessed Mary, graceful foster mother,
since you are patron of every poet,
come to my aid, take my hand,--
a passionate farewell to last night!'

Dánta Grádha, le T. O Rathile, 1926. D.51-52

 Le Niall Mór Mac Muireadhaigh (c1550-post 1613), bard Albannach. Gaeilge atá ann, faoi mar a chleachtaí a scríobh in Eirinn agus in Albain.

😟Mhíll Blogger an ‘spacing’ agus níor éirigh liom slí a aimsiú ar a cheartú





 14/10/21

(Bluire eile ó "A Chead Ghrá)

Bhí an oiread san (sin) de shaothar agus de dhua meabhrach faighte aige ag casadh leis na heachtraibh (dative case of eachtra) seo a mheabhrú, go raibh pian buile ina cheann, agus bhí a cuisle aige ag preabadh ar luas reatha.  Lena linn sin, thug sé fé (faoi) ndeara go raibh bean ina seasamh tamall ón leaba agus í ag cur na súl tríd. Ní raibh cor aici a chur di ach oiread agus a bheadh ag iomhá, ach bhí rud éigin san uaigneas do-labhartha a bhain leí, a d’iompuigh a aigne chun nithe neamh-shaolta agus, in aoinneóin a dhíchill, tháinig sort sgeoin ann agus ghluais codladh grifín (pins and needles) fana bhall beatha. D’fhan síi na coilg-sheasamh ansan (ansin) gan friotal a labhairt, gan oiread agis an fhuaim ba lúa dhéanamh. Bhí a haghaidh agus a brághaid  ar dhath an tseachta nó na céireach, agus bhí folt ciar-dhubh ag sgaoileadh leí siar thar a slinneánaibh (dative of ‘shoulders’) agus é ceangailte sa chúl uirtrhi le banda.

13/10/21

Do dhúisigh an t-othar fé (faoi) dheoidh. Do leath-oscail sé a shúile, ach b’éigean dó iad a dhúnadh arís, mar bhí an solas a dhalladh ar a shon go raibh an seomra beagnach dorcha. Níorbh fhada gur oscail agus gur dhún se ar an gcuma gcéadna arís iad, agus do lean air mar sin, á n-oscailt agus á ndúnadh go dtí gur chuaidh sé i dtaithí an tsolais, agus gur fhéad sé iad a choimeád ar leathadh. D’fhan sé ag feachaint uaidh ansan (ansin) ar feadh sgathaimh bhig gan aon rud seachas a chéile a thabhairt fé (faoi) ndeara le haon chruinneas ceart, ach oiread le leanbh an chéad uair riamh a d’osclochadh sé súile ar an saol so (seo).

(The patient woke up at last. He half-opened his eyes, but he had to close them again, as the light was blinding him, though the room was almost completely dark. It wasn't long until he opened and closed them the same way again, and he continues like that, opening and closing them unt il he became accustomed to the light, and he could keep them open. He stayed looking out for a little while without noticing anything in particular very accurately: no more than would a child who had opened his eyes on this world for the first time.)

 Tosach ‘A Chead Ghrá’, scéal le Seán O Conchubhair a foilsíodh sa ‘Branar’,  (vol.1, #4, 1919).

D’fhoghlaim an Conchubharach an Ghaeilge óna athair agus ó shean-daoine eile in iarthar Luimhnigh.



10/12/21

Mar a dúirt mè i dtús an leabhair seo, gur thug an talamh fosadh dá clann, ag oscailt a broinne agus ag tabhairt luibheanna leighis agus gach íce eile a bhí riachtanach chun bua a thabhairt ar gach toirmeasc dá raibh le teacht ina slí, agus amhail agus atá mórán aicíd marfach ag brath ar dhaoine agus ar eallach, is mar sin is líonta an talamh de gach iocshláinte agus biseach. Agus ar bheith domsa aineolach ar na níthe seo, ach beagán d’fhás mo thíre fèin, ní thig liom ach tuairisc bheag a thabhairt ar na níthe a bhfuilim cleachtach leo i mo chomharsanach fèin, agus fós ar chuid de na galair is fios dom a leigheas leis na luibheanna seo atá ag fás go ró-líonmhar i ngach áit den oileán seo dá ngairtear Eire.

D. 19, Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, eag, Colm Beckett, An Clóchomhar, 1967. (A natural history and herbal.)

Múinteoir i dtuaisceart Co na Mí (1802 – 1853(?) ab ea Aodh O Domhnaill.

(As I said in the beginning of this book, earth gives shelter to her children, opening her breast and giving healing herbs and every other remedy that is necessery to triumph over every difficulty that comes their way, and since there are many deadly diseases threatening people and their animals, the earth consequently is full of every remedy and cure. And since I am ignorant about these things, except about some of the plants of my own country, I can only give a short explanation of the things that I am acquainted with in my own neighborhood, and also about some of the diseases that I know can be cured with the herbs that grow very commonly everywhere in this islansd that is called Eire.)


11/10/21

Ni rabhas (raibh mè) amuigh le coicís a’s an lá inniú roimhe seo, aon lá, ach san oíche do dhèanainn spaisteoireacht ar Fhaiche an Aonaigh agus cois na gCalaíthe síos go hAbha Bheag, mar an ulchabhcán, éan na hoíche agus an aeir. Agus is é fáth mo’fhanúin istigh sa lá, súilín dubh agus súil eile níos duibhe ná sin fuair mè ó Ollamh Leá Builtéar, oíche Dia Domhnach, an t-aonú lá dèag den mhí seo láithreach, nó b’fhéidir d’èis mean oíche maidin Dia Luain.

So mar do tharla. Bhás (bhíos: bhí mè) féin agus gasra grinn ag ól ag tigh Mhaeraeidín mhín Chomartún. Bhí beathuisce buille bog te le huisce agus siúcra a ól go húr again. Rug Tomás O Ceallaigh, óigfhear ceannaíochta, ar Sheán Forastal, ábhar leá, ag iomrascáil leis. Shíl Tomás O Luanaigh, ábhar leá eile, gurb é cogadh na gcarad bhí eatarthu, agus bhuail sé plab san aghaidh ar O Ceallaigh agus leag sé ar lár é. Seo suas O Ceallaigh, agus ó nach raibh a fhios aige cia a bhuail é, chrom sé ag ruascadh gach nduine a tharla ina shlí, agus thug sé leadhb do Sheán O hAithiarrainn, duine uasal óg, noch do thug liúradh breá dó ina ionad, ag cur preabán dubh ar a shúilín easóige.

Seo Micheál O Meantáin, fear ‘scrob scrab” nó veidhleadóir, ina léine, inár measc, go rabhamar uile inár dtorc chró mar Bhruidhean Bheag na hAlmhuine…

d. 18-19, Cin Lae Amhlaoibh, eag. Tomás de Bhaldraithe, An Clóchomhar, 1982.

(Maistir scoile i gCalainn, Co Chill Choinnigh, ab ea an Súilleabháineach, c 1827-1835).


(I haven't been out, this fortnight today, any day, but I would do a bit of a walk on the Fair Green at night, and the Meadows and Awbeg River, like the owl, the bird of night and air. And the reason I have stayed inside is a black eye and another even blacker eye I received from the Professor Doctor Butler on Sunday, the eleventh dsay of this month, or perhaps after midnight on Monday morning.

Here's how it happened: I and a fine crew of others were drinking in sweet M. Comerton's house (public house). We were energetically drinking fine strong whiskey with water and sugar. TOC, a young merchant, grabbed hold of SF, a medical student, wrestling with him. TOL, another medical student, thought that they were really fighting (War of the Friends), and struck a blow on TOC's face and felled him. TOC gets up, and since he didn't know who had felled him, he commences shoving whoever got in his way. He gave a blow to SOhA, a young gentleman, who (in turn) gave him a good beating, and gave him a black patch on his weasel eye.

Here's MOM, a scrib-scrab man or fiddler, among us, jacketless, until we were one heap of gore, like BB na hA...(The Little Brawl at Allen, an old Fenian tale.)




 



Mist and Pigs

I mentioned last week that an Irish/Scots Gaelic king or lord had serious obligations to his people and was expected to be absolutely just a...