30/5/22
Tús
scéala i dtaobh Fearchar Mac Iain Oig óTransactions of the Gaelic Society of
Inverness, 1984-6, d 486. Donnchaidh MacMhathain (Duncan ‘Stalker’ Matheson),
Camas Loinidh, Cionn tSáile (Kintail).
Nis (anois), bha duine eile ann air am bithin (air a mbinn) a’ cluinntin iomradh (caint), agus ‘se an t-ainm a bh’ air an duine seo, ‘se Fearchar MacRath neo Fearchar Mac Iain Oig mar bu (ba) trice (minicí) bhiodh iad (siad) ag éigheachdainn air. Bha e (ag) fuireach (fanacht) a shuas air a’ Mhorbhaich, is bha e ‘na shealgair (fiagaí) aig an t-Seafortach Mhór. Bha e posd’ anna a sin...Latha bha seo, bha e air folbh (amuigh) a’s a’ mhonadh (sliabh) agus có tháinig a’ rathad (bóthar) ach a’ Siamarlan (Chamberlain) aig an t-Seafortach agus e ag iarraidh fiachan mál (fiacha cíosa) a bh’ aca ri (le) pháigheadh. Cha robh sgillig airgead a’s an taigh agus thuirt a‘ bhean seo ris (leis). Cha robh an Siamarlan toilichte (sásta) leis a’ seo: chan fhac’ e na b’fhearr na an coire bha ri taobh an teine (a) thoir (tabhairt) leis. Agus charr e (chuaidh sé) ‘n a’ bháthach (‘bothy’) aca is thug e leis an aon mhart a bh’ aca, is d’fholbh e (d’imigh) leotha. Goirid (gairid) as deasghaidh sin, thainig Fearchar Mac Iain Oig a dhachaigh (abhaile) dhen a’ bheinn (sliabh) agus cha robh a ann an ordugh ro-mhath co-dhuibh (ar aon cuma). Tha e coltach (cosúil) nach d’fhuair a beathach (fia). Thuirt a bhean ris (leis) dar (nuair) a thaining e, “Nach truagh an duine thusa (a) leig leis a’ mhéirleach folbh leis a’ mhart again! De (cad é) tha thu (ag) ciallachdainn?”
Nuair a dh’inns i dha dé a thachair
(tharla), ghobh (gháibh) e leithid de dh’fhearg agus gun deach e as deaghaidh (i ndiaidh) a’ Siamarlan agus aig an am a rug e air, bha e (ag) dul anull Amhainn Chàineag
mu choinneamh (os comhair) Dorus-dubhain. Bha leithid de chuthach (cochal) air leis a’
rud a rinn e air, is gun (gur) do loisg e (ie Fearchar) air (scaoil urchar
leis) as a deaghaidh, agus mharbh e e. Nis, dar a chunnaic e a’ rud a rinn e,
bha aithreachas air agus b’fheudar (b’éigean) dha teicheadh. Char e dh’fhalach ann
an creig bha shuas fos (os) cionn Allt a’ Chruinn airson (do) latha na dha...
1/6/22
Gaelic
Words and Expressions from South Uist and Eriskay: 1958
The different stages or degrees of
drunkenness: 1) Beothachadh 2) Bláthachadh 3) Frogan 4) Gu math aige 5) Eadar
(idir) a’ chluas ‘s an adhairc 6) an daorach
7) an dallanach
Seachd bliadhna aois a’ chait,
Gu h-éibhinn ‘s gu h-ait:
Seachd bliadhna eile gu troma-cheannach,
Golla-cheannach, cadalach (ceann mór)
Beannacht do na beithigh (ba) agus iad ag dul amach ar an sliabh:
Siubhail beinne! Siubhail coille! Is (agus) blianagan fada (‘far green spots’)! Siubhail gu réidh
fada farsuinn! Buachaille Mhoire (Mhuire) fo’d chois!, ‘s guma slán a thig thu
as
Ceann eile: Gum bu dúinte gach sloc, ‘s gum bu réidh gach cnoc:
Buachailleachd Chaluim Chill’ oirbh, gus an tig sibh dhachaigh (Nó go
dtiocfaidh sibh abhaile)
"Pears’-Anmanna": a particular prayer said over a dying
person...applying the sign of the cross as formed by crossing the thumb on
forefinger to the lips of a person dying...
A Thighearna Iosa, a cheannaich an t-anam-sa,
Gabh a staigh air do chúram e.
“s gun robh Mícheal geal ‘na chómhdhail
"Sloc an áirich": (the grazier’s hollow), a little hollow near the tail of a cow which indicates when cows are likely to calf.
Diocar: Uist for deacar, difficult. An car a bhios as an t-seann-mhaide, is diocar a thoirt as.
Bocadaich: cutting capers, jumping, irregular dancing.
3/6/22
Na Cruacha: Scéalta agus Seanchas, eag. Áine Ní Dhíoraí, An Clóchomhar, 1985, d. 138. (Na Cruacha Gorma...(Blue Stacks)
Thug sé (Colum Cille) a mhallacht uair eile do dhuine ar bith ina dhiadh féin, do dhuine ar bith a chuirfeadh bróg agus stoca ar chois amháin, sula gcuirfeadh sé an dá stoca air. Is cosúil go raibh an tóir ina dhiaidh aon am amháin eile, agus tháinig siad air agus leathstoca agus leathbhróg air, D’imigh sé an rása, ach chuir an leathbhróg oiread de chrapall air agus rug an tóir air. Dá mbeadh an dá bhróig air, níbhearfadh siad air, nó an dá stoca, ach oiread, agus ón lá sin go dtí an lá inniu, thug sé a mhallacht do dhuine ar bith a chuirfeadh leathbhróg agus leathstoca air féin.
3/8/22
Riobard Bheldon: Amhráin agus Dánta: eag P. Ó Macháin, Poddle Press, 1995, d 65. Nuair nár thug an t-oireachtas (i mBaile Átha Cliath) aitheantas do dhán a chuir an Bheldonach (c 1835-1914: Cill Rosanta, Co Phort Lairge)) isteach ann in 1902.
Dánta i mbun sásaimh a tháthu ní fhéadaim,
Ach racaireach scáineach, cúischáinteach, gan éifeacht (ie dar leo
siúd),
Mara mbeinnse ceanndána, údarásach gan éirim,
Ní thomfainn mo phrata i bpláta na n-éigeas.
Is gnó suarach, cágúil, rafálaí míbhéasach.
Bheith ag machnamh ar dhánta a chur go sárcheart le chéile,
Ní gnáthúil siúd bláthanna a fhás ar dhruim sléibhe,
Is ó bascadh san Áth mé, mo shlán leo go n-éagfad. (Go n-éagfaidh mé)
27/5/22
Ó
Láimhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (ie. Art Mac Bionaid, 1793-1879, Co Ard
Macha), eag R. Ó Muirí, Eigse Oirialla, 1994, d. 198-199) (Faoi mar a scr
(Ealú
Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill athuair, 1592)
Sul dar tugadh chum dinnear iad, bhain siad
a gcud boltaidh dhuibhtha agus fuaradar amach an bealach ceadhna, agus air
n-aisde cheadhna mar fuaradar aroimhe. Agus a n-uar a fuaradar air an taoibh
ele don treinse a bhí’tiomchiolladh an chaislean, do bhí seirbhiseach dilios
aige feitheamh ortha (oir budh ghnath leis a theacht do bhfios agus leigeadar a
ruin leis.) Thug se leis trid na sraidibh iad gan cusnamh. Bhí geataigh na
cathracha foslaidh agus níor sgur siad
go dtangadar chuige an tSliabh Ruadh arísd le dorchadas na haoidhche. Le
deithne na ratha agus le heagal teoraigheacht, sgaradh Heanraigh O Neill
diobhtha…Bhí a n-aoidhche ‘cur shneachta agus níor bhfuras dhoibh a dhol ar
aghaidh, oir d’fagbhadar a gcud eadaigh mur aoin le na gceimleach ansa tuigh uagnach
‘na ndeigh…
25/5/22
Ó
Mhicheal Óg Ó Longáin’s Collection of Irish Proverbs (circa 1808), eag T. Ó
Raithile.
Trí nithe is sia ina bhfanann a rian: rian
guail i gcoill, rian siséil i líg agus rian suic i gcrích. (Chisel, block of
stone: ploughshare, furrow)
Trí nithe is giorra ina bhfanann a rian:
rian éin ar chraoibh, rian luinge ar linn agus rian fir ar mhnaoi.
Cheithre nithe nach togtha d’Ėireannach
ionntaoibh leó: adharc bhó, crúb chapaill, dranna madra, agus gáire Sagsanaigh.
Fiacail chon, dealg dóibe (mud), agus focal
amadáin: na trí nithe is géire le fagháil.
Cúngarach tighe, cúngarach croidhe,
cúngarach bídh: trí anacra móra.
Tá trí saghas fear ann: fear graftha
(worker): fear fiadhaigh, agus fear gaoithe.
Trí saghas fear go dteipeann ortha bean do
thuisgint: fir óga, fir aosda, agus fir mheadhon-aosta.
Trí nithe nácha féidir fhoghlain: guth,
féile agus filidheacht..
Trí nithe ná réitigheann le chéile
choidhche: beirt bhean phósta i n-aon tigh: dhá chat os cionn luiche: beirt
bhaitsiléir i ndiadh aon óigmhná.
Luimneach a bhí, Baile átha Cliath atá,
agus Corcaigh a bheidh.
Rann
as Cailín Deas Bhréachmhuigh, leis an athair Pól Mac Briain, Co na Mí, (C 1762-1820) Ó Amhráin na Midhe, eag. Ė Ó Muirgheasa, Comhlucht Oideachais na hĖireann,
1933 (?), d. 64.
Tá cailín déid-dheas ‘mo dhiadh i mBreachmhuigh,
‘Sé ábhar m’éagcaoin’ nach bhfuil sí liom,
Ar uaigneas coilleadh, nó i ngleanntán sléibhe,
Mur (ie. ‘mar’) mbéinn dá bréagnadh faoi bhruach na dtom.
Mar Bhláthnaid ghléigeal le Cúroi d’ealuigh,
Tar éis gach géibhinn go críochaibh Chuinn:
Nó mar Naois’ Mhac Uisnigh fa n-a annsacht Déirdre
‘S go dtriallfainn féin léithe ‘un na Gréige anon.
21/5/22
Ó
Book of the O’Byrnes, lámhscríbhinn le Micheál Ó Bruin, 1726 (Co Wicklow: an
Sliabh Rua, go háirithe. ( Leabhar Branach, eag Seán Mac Airt, Dublin
Institute for Advanced Studies, 1944: d. 441).
Ag so duth (duiche) Sémus mhic Cathaoir Uí Bhruin mac Murcha m. Cathaoir m MUleachluinn m. Murchaidh m. Cairpre Ceis m. Gearailt m. Donnchadh m. Cathaoir m. Gearailt Bhlaith m Donnchaidh m Taig na Fhiach m. Dubluinn Dubhchlouana m Doncha Mhór m Domhnaill na Sciath cc. Agus do bhí an Semus reimhraite a bhorlaimhus a dhuithe go haimsir Chromuill no gur díbre go heagórach é le foirneart eachtran, agus do bhí da heaspa go teacht don daradh Semus ina chroinn, agus do bhí ina forlamhus an fad do bhí an Righ ina riactuibh agus fós is ionsan aimsir do fuair sé bás agus do cuire go mordhálach ion a heampall duithchuis é a Gill Comain a contae Chille Mantán.
Scéilín ó Ghaoth Dobhair: Seanchas Ėanlaithe Iar-Uladh, S. Ó hEochaidh, Béaloideas , d. 249-50
Bhí bean i n-a chomhnaí ag taoibh Loch
Alltán thuas faoi’n Earagal. Ins an am sin, bhí na mrá toighe chomh graitheach
leis na fir, agus nuair a rachad siad amach, chaithjfead siad an tachráin a
thabhairt leó agis a gcaitheamh ansin, agus cead acu lámhacán leó.
Bhí an sliabh lán iolar ins an am udaí,
agus bhí scrios mór a dhéanamh acu ar chaoirí agus ar ‘achan chineál éanlaithe,
agus ar ‘achan seórt a bhí siad ábalta a iomchar i n-a gcuid crúba móra.
Tháinic eallach na mrá seo anuas ó’n chroc
a’n lá amháin, agus rug sí ar a páiste, agus thug sí léithí é go gcuiread sí
arais an t-eallach. Bhí an páiste i n-a shomachán throm, agus chaith sí sios ar
an talamh é, agus shíl sí nach rabh rud ar bith le baint leis go bpillead sí.
Nuair a d’imthigh sí as amharc an pháiste,
caidé a tháinic an bealach ach iolar! Thóg sé leis ais an páiste… (Rinn siad
cuartú ‘achan áit…)
D’imigh sé leis ar a lorg, agus ceart go
leor, fuair sé an tachrán ins an fháir agus gan deargadh creabhair air. Thug sé
arais ‘soir a mháthair é…Ba de Chlainn tSuibhne an lánúin seo, agus d’fhág an
chlann an ceanntar ar fad i n-a dhiaidh sin.
Blúirín de Eachtra Léithín, eag Douglas Hyde, Celtic Review, No 10, 1915-16, d. 134-35.
Agus as iad do rin an cómradh, eadhon fiolar dár bh’ainm Léithín agus éan d’à éanaibh ag agallamh fria go ciúnlànach gearránach aig caoine a bhfuachta go truagh tuirseach imshníomhach, go ndubhairt an t-éan risan bhfiolar:
‘A Léithín,’ ar sé, ‘an cuimhin leat
macsamhla na maiden aniugh ná na hoidhche arúoir do theacht ar t’eolas
roimhe-se riamh?’
‘Ní cuimhin,” ar Léithín, ‘go gcualas ná go
bhfeaca a samhail ná baramhuil di ó cruthuigheagh an domhan, agus an cuimhin
leat féin no an gcuala tú a leithéd?’ air an fiolar ris an éan.
‘Atáid daoine le na cuimhin,’ ar an t-éan.
‘Cia hiad féin?’ ar an fiolar.
‘Dubhchosach Binde Gulban,’ ar an t-éan, ‘eadhon
damh diomhór dilean atá ag Bind Gulban, agus asé óglaoch as sine cuimhne da
choimhshíne féin a n-Ėirind é.’
‘Ort do chol agus do chol dhuais! Dar
ndóith, níl a fhios sin agad-sa! Gidheadh, ciodh fada sin uaim-se, rachad dá
fhéachuin an bhfaghaind scéla uadha.’
18/5/22
Scéilín
ó A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraígí Feasta!. Eag Ó Catháin/Uí Sheighin, Cló
Chonamara, 1987, d.98-99.
Cén chuma a bhéadh ar an ghréin dá mbeadh
uair mhaith air? Bheadh sí crua glan dearg agusan-dearg, ag dul faoi dí. Nuair
a bheadh drochuair air nó aimsir fhliuch, bheadh sí riascach meirgeach agus
dath dorcha uirthi. Dá mba sneachta a bheadh air, beadh na scamaill dorcha
agusdath dearg orthu. Dá mba sioc a bheadh air, bheadh an spéir glan crua gear,
agus na réalta preabadach. Dá mbeadh gaoth air, bheadh sínteacha fada sa spéir
agus bheadh an ghrian ag cur dealraithe uaithi. Bíonn fáinne mór bán tharet ar
an ghealaigh go minic, agus nuair a bhíonns an fáinne gar di, bíonn drochuair
air agus nuair a bhíonns an fáinne I bhfad uaithi, bíionn uair mhaith ann. ( ó Mhicheál Ó Conólaigh)
16/5/22
Blúirín
ó sheanchas Hugh MacKinnon, Eige, (oileán in Alban). Ag tagairt do iomáint atá
sé, sna 1920s.
Agus co-dhiúbh (ar aon chuma), ri (leis)mo
chuimhne-sa, ‘se Latha Nollaig, ‘Latha na Bliadhn’ Uire is Latha nan Trí
Righrean, se sin na trí latha tha cuimhne agam-s air am biodh daoine dol dh’ iomain sios. Ach an ginealach a bha romham agus ginealaich eile roimhe sin, bha
ásan (iad-sin) a’ tóiseachadh Latha Samhna. Bhiodh Latha Samhna aca, Lathe Fheill
Amharast (??) agus Latha Nollag , ‘s Latha Bliadhn’ Uire is Latha nan Trí Rígh.
Bhiodh na coig latha aca agus bhon (ó’n uair é agus gur) a se Latha nan Trí
Rígh a’ latha fo dheireadh a bhiodh aca dhen iomain, nan (Dá) leigeadh a’ lán
leotha e (ar an trá a bheidis), bhiodh iad shios gus am biodh an oidhche air
(tar éis) titeam, ‘s na rionnagan (realta) air an adhar (spéir), mun (Sula)
tigeadh iad dhachaidh (abhaile), agus bhiodh iad cho sgíth (tuirseach) is nach
toireadh iad am bainne a (as) spáin (Spunóg) nuair a thigeadh iad dhachaidh.
…Tráigh Lathaigh shios a sin…ach nuair bha mi ‘nam bhalach a’ dol dhan sgoil, ‘s sinn ó, suas chuile car, agus eadhon dha no trí bhliadhnachan an déidh a’ cheud chogaidh, bhiodh iomain glé mhaith ann. Bhiodh a chuile duine san eilean a’ cruinneachadh a dh’ionnsaigh na trághad. Agus gheibheadh tu, tha mi cinndeach, cruinn air fad iad suas mu mhiadhoin latha, mun dá uair dheug.
6/5/22
Fealsúnacht Aodha mhic Dhomhnaill (Co. na Mí, 1802-1867) d.173
Is iad seo na héanlaithe a thaithíos agus a shíolraíos sa tír seo, agus is iad atá ann ó shinsearacht; agus mar sin féin, is níos gainne atá siad ag éirí gach lá dá bhfuil ag teacht, ionas gur ní deacair do dhaoine nead aoin díobh a fháil—eadhon in aimsir a síolraithe—ach mar sin féin feicimid na hálta gach bliain. Ach is é a thaibhsítear domsa, gur le linn shaothar an talaimh agus ghlanadh na n-adhmad ar shiúil, óir níl coillte ná rosáin ar an uair seo mar a bhí sa seanracht….Ach ní thig liom-sa ciall a bhaint as seo (gainneacht na n-éanlaithe móra ar nós an iolair) ach go silim gur mar seo a ordaíodh na nithe seo a bheith ó thus: óir dá mbeadh an t-iolar nó an chuid eile de na dronga cíocracha chomh líonmhar leis na mion-éanlaithe, ní bheadh éan eile beo gan scios.
4/5/22
Cinn Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, Callan, Co Chill Choinnigh d.31-32, 1828.
Cluinim go raibh dhá liathróid órga Bhealtaine ag buachaillí óga na mbánta inniu, noch do fuaireadar ódhá lanúin phósta um Inid seo ghabh tharainn. Bíonn craobh Bealtaine acu ar bharr baitin nó cliath fhada, agus an liathróid órga ina lár, agus iad féin agus mná óga ag rince ina thimpeall.
Ní raibh liathróid Bhealtaine i gCallainn ón bliain 1782, an tan do maríodh an Buitléarach le Seán na Sál.
Lastar sop ar gach taobh den bhearnain agus cuirtear na beithígh trés na tinte, Sean-nós é seo ó aimsir na ndéithe…
2/5/22
Clann na gCnoc, Maghnas Ṓ Domhnaill (Anascaul (?) Co Chiarraí), Oifig an tSoláthar, 1940 d.131
Bhí madra ruadh sa chomharsanacht agus is minic a ghéibheach Muiris a lorga ar fuaid na háite agus oídhche amháin, chonnaic sé ag ealú leis thar an tigh é nuair a bhí na gadhair ‘na luighe ar úrlár na cistineach istigh agus solas an lampa ag taithneamh go ciuin sámh ‘na dtimcheall. Do rith Muiris go dtí an doras, dhruid isteach é agus do scaoil na gadhair amach ‘na dhiaiddh—an madra caorach, an gadhar gorm agus an chú—agus do leanadar síos suas ar fuaid na bpáirceanna é agus tamall maith suas an cnoc. D'fhan Muiris mar a raibh sé le hais an dorais mar bhí fhios aige go raibh sé ró-dhorcha chun iad do leanamhaint, ach bhíodh fhios aige an áit ‘na mbíodh an tóir mar bhí an madra caorach ag amhastraigh is ag sceamhghail gan sos gan suaimhneas ar fuaid na bpáirceanna solasmhar ndrúchtmhar…
30/4/22
Blúirín
as An Introduction to the Irish Language le Rev. William Neilson, 1808, agus
1990. Gaeilge Cho. An Dúin atá ann. (Faoi mar a fuarthas...)
An mbeara tu ni eigin di?
Cia an t-abhair a bhfuil tu ann so? (Why
are you here?)
Cionnas ta sibh uile?
Do de sin ort?
Bhfuil dúil agat a dhul? (Do you want to
go?)
Bhfuil mian agat a dhul? (Do you desire to
go?)
A dtiocfa tu liom?
Nil fios agam agus is cuma liom.
Na te amach go foil. (Don’t go out yet.)
Nior eirig se go seaid. (go foil…)
Muna he go ndearnadh me amhluigh. (If it
hadn’t been that I had done so…)
Ca fada rachas tu?
Na beir greim cruaidh air.
Tabhair fa deara brigh an sgeil. (Pay
attention to the meaning of the story)
Bhfuil amhras agan ann mo bhriathraibh? (Do
you doubt what I say?)
Go de d’imthig air a maoin? (d.52) What happened to his goods?
Fuar na dlighteamhnaighan chuid is mo
de (The lawyers got most of it.)
28/4/22
Blúiríni
as Gaelic Words and expressions from South Uist and Eriskey, Dublin Institute
for Advanced Studies, 1958. (Cnuasach ó circa 1886-1899.)
D 134: Gádruisg, too much insipid
nonsensical talk Tuilleadh ‘s a choir de bhruidhinn gun dóigh gun bhun gun
bhárr
D 135: Gabhail: a flame, gabhail an teine.
A draught, gabhail na gaoithe. Gabhail, entertaining or hospitality. “Far am bu
ghreadnach a ghabhail,” where hospitality was on a magnificent scale. Gabhail
aig (idiom): Tha na brogan an am gabhail aca. Time to mend the shoes. Tha e an
am gabhail aige, It is time to look after it, attend to. Fhuair mi mo ghabhail
agam gu maith, I was well cared for. Tha e air gabhail agam, he has engaged with
me for service. Gabhail roimh: Co an té a tha gabhail roimhe? Who is his
housekeeper? Gabhail romh. Entertaining. Fhuair mi deagh-ghabhail romham ann, I
was well entertained there. Gabhail air” Ghabh iad air, They thrashed him, beat
him—in sense of overcoming. Gabhail air, to pretend. Gabhail dha, to set to.
Gabhail uime, to look after. Tha e ‘n am gabhail uime, it is time to attend to
it. ‘Gan gabhail mar a chéile’ Taking them as they come. (ie. dha a gabhail…)
D 135: Gannaisg and Gathan Gannaisg, a kind
of rough grass with wheatlike ears. Bunches of it gathered in Skye for Halloween
night, and boys throw it at each other saying “Mo shaighead air do
shaighead-sa, Fionnlaigh,” :My arrow on thy arrow, Finlay.” This is believed to
keep the fairies from doing harm during the year.
Séamus
Ó Duilearga’s Antrim Notebooks – I: Texts, Zeitschrift fur Celtische Philologie, Seosamh Watson, 1984, (Litriú faoi mar a
fuaireas…) Bhailigh an Duileargach na rudai seo sna 1920s)
Shumad (Is iomadh) uair a chuala me na
sheanduine ag áhrsa sgéaltaí ag an teine ins a gheivreadh, ach chanil (chan eil) mo chuivne chó maich anish. Ahrsai
me sgéal dúit(ch) (bh)ón t-am a chói na hĖireannaí chun a choga ar Slua na Muc
go hAlbain agus tá mé shiúrailte nach il a haon ellik in Ėirinn a thúka leo a
sgéal shin áhrsa.
Ví nei guishki nin (in a) cónuí aig a
chuishlean ava geerig. Ví siad a tul (dul) ga húile (gach uile) gevra seilg gu
shliav Lochair (Sliabh Luachra). Nuair a ví siad ar shiúl, henny (tháinig) lé-duine as Albain
chun Cuishlean ava geertig. D’issirí sé do bven a taighe (bean an tigh) ca ró
na fir. D’áhrs sí do go ró siad a seilg ar shiúl in Shliav Lóchar. Duairt sé
léichi mur vé (bheadh) shiad aigen cúirt éisean in Albain ruhve (roimhe) léis
an am sheo márach, go gcúrhí shé Slua na Muc orsa. Nuair a thenny siad no vóla
(‘na bhaile), d’áhrs sí dófa guide duairt sé…
After the extended social upheaval that resulted in the shift from Irish to English language, ordinary people kept making songs and poems, and these songs – most notably sports songs -- continued to have a place in local life up until the mid-twentieth century in some places. (In other places, they disappeared much earlier.) They were an often much-appreciated and enjoyed element of social cohesion, but their importance is now more sociological than literary. Irish society continued to prize ability with words, but the literary models available to the new English-speaking society were folk songs in English – often pretty recent and unskilled, compared to Irish songs – and poems learned in school. The resulting poems and songs are not that great. (At all.)
In translation, the following very minor Irish song about the theft of a cat (recorded in mid-nineteenth century county Meath) might look like one of these clumsy songs – and indeed it was a very local song that would have long ago disappeared without notice, but that someone wrote it down -- but I want to talk about why such an impression would be very inaccurate.
But, I mean, words are just words, aren’t they? If I put equivalent English words in the place of the Irish words of the original, I still get the song, don’t I? The point is what the song says, and maybe secondarily the form in which it says it.
Isn’t it?
It is more complicated than that. A translation into English immediately places the song in a new context: that of English literature in all its geographical and social varieties, and in that context, an Irish poem or song becomes a new thing. Why? A piece of literature is never an individual artifact; it exists in connection with and in “dialogue” with many other elements of the literature – maybe with all of it. When the poem or song is lifted out of that sea (so to speak) and placed on the beach, it loses that context. Like a stone, it no longer glitters; not only because it dries out, but because the many strands of connection that nourished it (Okay, the rock metaphor just stopped working) are gone. All someone looking at it can see is an object that they perceive and understand in the contexts supplied to them by their own (English) culture and literature.
For example, a poem about fairies, say, for an English-language reader awakens associations based on experience with that kind of thing in English literature: associations that may be wildly different from the associations of those of a person familiar with Irish literature.
A bare translation of what the words of a poem or song say thus can give a very incomplete and inaccurate idea of the original. We get a recipe on a page, as it were, rather than the actual cake or stew or whatever. When we use the recipe to make the cake, we supply our own ingredients, and apply our own cooking skills to it. The cake may be something very different from what the author of the recipe intended.
Also relevant is the fact that the “meaning” of a piece is transmitted not only by what the words say, but by sound: by cadence, and by general patterns of sounds in the poem or song. The words’ “meaning,” and the poem’s “meaning”, is partly generated by the aural effect. The tunes that native Irish sings, even in ordinary conversation: the aural effects and “meaning” generated by them, are different from English.
In addition, sound patterns in a piece generate a maybe mostly unconscious (but not always) awareness of previous pieces that used similar patterns, and awareness of these creates part of the meaning we take from the new piece.
A poem or song loses all these things when translated, uprooting and impoverishing it. That’s not to say that translation is impossible: it is, but it demands knowledge and skills far beyond simple knowledge of grammar.
Well, here is the original, plus translation. Afterward, I’ll try to touch on some of the elements that I think disappear in translation. (The translation was done in ten minutes, and it is a good argument against translation.)
An gcluin sibh mé, a dhaoine, tá macanta saoithiúil,
an
gcuala sibh an gnímh úd, do rinne Pilib Bán,
Cat
geanúil, croíúil, aigeanta, líofa,
Ghoid
sé as an tír é, a’s nár thaga sé slán.
Ba le
Para Héat é, crónthaí na céadtaí é,
Tá Anna
le buairimh, go suarach ina luí,
Tá fir
agus mná ina farradh gach lá,i
A’s tá daoine
á rá nach n-éiríonn sí choíche.
Do you
hear me, you people well-bred and wise,
Did you
hear about the feat that Pilib Ban performed?
He
stole an affectionate lively, intelligent, skilled cat
Out of
the place, and may bad luck attend him always.
The cat
belonged to Para Heat, and was beloved by all.
Anna is
devastated, lying dreadfully ill,
And men
and women are there by her bed, day and night.
What
they’re saying is that she may never get up again.
Tháinig
Bríd Ní Chumhna aníos casta ina gúna
Ar maidin
Dé Luain, á fháil faisnéis gan stad,
Labhair
sí go ciuin le hAnna bheag chumhartha,
“Is é
chuala mé go siúrálta go bhfuair tú do chat
thuas
ar an dún, a insíodh i gcuid ruin dom,
Go
dtáinig sé ar shiúl oíche ‘bhaile ‘na sac,
Go
scuaba an slua sí ar shiúil san oíche
An té a
thug an scríb ar do phisín beag breac.”
Brid Ni
Chumhna came down with her gown wrapped ‘round her,
Monday
morning, diligently seeking for the news.
She spoke
kindly with sweet little Anna:
“I
heard for a fact that you got back your cat
Up at
the dun –it was told to me secretly –
That he
came back in the night in a sack,
And may
the fairy host carry away every night
The one
who snatched away your little speckled cat.”
Thánig Cathal Mac Cléirigh go moch ina léine.
“A Phádraig,
a théagar, an bhfuair tú do chat?
Fhad
a’sa bhí sé sa tír, lán bosca snaoisín
De mo
chuid coirce a fuair luchóg nó rait.
M’anam
a’s dar fia, cé go bhfuil mo cheann liath,
A
Phádraig, dá mbeadh a fhios agam cé ghoid do chat,
Cha
n-íosfainn gréim bia, a’s cha chodlóinn oíche,
Go
mbainnfinn géarríoc as, a’s go ndéanfainn a shlad.”
Cathal
Mac Cleirigh came early, not yet fully dressed:
“Padraig,
my friend, did you get back your cat?
As long
as he was around, no mouse or rat ever
carried
off a snuffbox’s worth of any of my oats.
On my
soul, and by gosh, though my hair’s now gray,
If I
knew who it was that stole your cat, Padraig,
I’d eat
not another morsel of food, nor sleep in the night,
Until
I’d made the thief pay, and destroyed him completely.”
Arsa
Anna bheag mhodhmhar, “A Chathail, ba tú an chomharsanach
Nach
ngoidfeadh a’s nach bhfuadódh madadh nó cat,
A’s
bheirim mo mhóid ar bhiobla na Róimhe
Nach
bhfuil aon fhear sa chomharsanach chomh macanta leat.
Dar mo
choinsias, a Chathail, dá mbeadh an pisín ar fáil
Gheobhfá
é, agus fáilte, roimh céadfear.
Chan
fhuil sé sa tír, a’s cha bhíonn sé choíche,
Fear
a’b fhearr ná thú féin fá thamall dochair.”
Dear
polite Anna told him: “Cathal, you’re a neighbor
Who
would never steal or carry off a dog or cat,
And I
will take an oath on the Catholic Bible
There
is no man in the neighnorhood as honest as you.
By my
conscience, Cathal, if the little cat
was to be had
You’d
have him from me, and welcome, before anyone else.
There
is no one around, and there never will be (Use of habitual for future)
Anyone
at all, a better support in a time of trouble.”
Ar
maidin Dé Sathairn, tháinig Scalaí ’na seanroith:
“A
Phadráig Uí Dhálaigh, cha maith liom do chreach,
A’s dar
a bhfuil de ghabhair ó seo go Baile Fhóbhair.
Chaill
mé mo mheabhair ó d-imigh do chat.
O luíos
an ghrian, le corradh agus bliain,
Char
chodail mé néal a’s char cheangail mé mart,
Ach ó
thiteas na hoíche, mé féin a’s mo mhnaoi
Le dhà
bhata droighean, mé ag ruscadh na rats.
Saturday
morning, Scalai arrived at a full run:
“Padraigh
O Dalaigh, I am sorry for your loss,
And I
swear by all the goats from here to
Nobber,
I quite
lost my mind since your cat went away.
For
more than a year now, any time after sundown,
I slept
not a wink, nor tied up a cow,
But
every time night arrives, myself and my wife
With
two blackthorn sticks chasing away rats.”
Níorbh
fhada ina dhéidh sin go dtàinig Taimí O
Géartaigh
Ag
mairgneadh a’s ag éagcaoin a’s ag gréadadh a làmh.
Thàinig
Néillí go céllí ina dhéidh insa téirim.
“A
Thomais, a théagar, bí thusa I do thànaí.
Stad de
do ghlaerthú, a’s na bídh ortsa buaireamh.
Nach
bhfeiceann tú Scàlaí nach gcodlaíonn aon oích’?
Cé go
bhfuil àr gcuid millte, agus ar ghar
‘bheith caillte,
Déanfaimid
sibhte ar na luchógaí à chloí.
It was
not long after that Tommy O Geartaigh appeared
Lamenting
and weeping and striking his hands together.
Neilli
came after him, and she in a great hurry.
“Thomas,
my dear, now please take it easy,
Stop
all your shouting, and do not be sorrowful.
Don’t
you see Scalai who does not sleep at night?
Although
our provisions are destroyed, and close to gone,
We’ll
find some way to defeat all the mice.”
Thàinig
Para Rua go dian anall lena scian
Agus
tamall de bhiobla leis ina làimh.
Spalp
sé go fíor é i bhfianaise na tíre é,
Go
sàifeadh sé an scian sa ngadaí go cnàimh.
“Níl
coirce nó líon dà bhfuil agam sa tsaol
Nach
bhfuil coganta spíonta ag luchógaí agus rats.
Scríos
agus dícheannú, gorta agus íota
Ar an
ainchríostaí ‘scuaib as an uainn do
chat.
Para
Rua came over, vehement, and he with his knife
And a
bit of a Bible there in his hand.
He
proclaimed it truly in front of everyone
That he
would stab his knife to bone, into the thief.
“There
is no oats or provisions I have in this world
That’s
not chewed and destroyed by mice and by rats.
Destruction
and beheading, starvation and endless thirst
On the
evil one who swept off your cat from us.”
Thàinig
Brian Beag go cróga gan stocaí gan bhróga,
Gan
hata gan chóta gan vist ar a dhroim.
Sheas sé
mar leon os cíonn Alt Mhic Uí Ghabhann
A’s
ghlan sé an currach mor go tí Phàdraig le léim.
Tharraing
sé a claíomh amach óna thaobh
A’s
d’fhiafraigh sé de Phàdraig an raibh gadaí sa tír.
“Mà
bhím ina dhéidh go Là an Luain, cha phillim go suain
Go
scoithfidh mé an ceann dà cholaínn go fíor….
Brian
Beag arrived bravely without shoes without socks,
Without
hat or coat or even a vest to cover him.
He
stood like a lion there over Ailt Ui Ghabhann,
And
came over the big wet place in just one leap.
He drew
forth his sword from by his side
And
then asked Padraig was there a thief in the land.
“If I
must pursue him until the end of time and the world.
Never
will I return here ‘til I sweep his head from his body.”
Thàinig
Phildigh O Cearbhlàin, ‘s é a choiscfeadh gach starmàn
Idir
chomharsana agus luch margàin le binnghlórtha béil.
Ar
seisean le Pàdraig, “Gheobhaidh tú flaitheas (in easnamh san lss.)
Ach
bíodh agat foighid mhaith, agus nà bí gan chéll.
Gheobhaidh
mise an féirín mà tà sé istigh in Eirinn,
Agus
cuirfidh mé in ngeibhinn an gadaí gan mhoil.
Beidh
again mórphléisiúr, agus ól fada in éineacht
Ag
gabhàil à gcuid véarsaí agus ag canadh gach grínn.”
Phildigh
O Cearbhlain came, he who’d pacify any argument
Between
neighbors and fairgoers with all his smooth talk.
He said
to Padraig: “You’ll reach Heaven (Line missing in manuscript)
But
take good patience now and don’t lose your mind.
I’ll
find your dear cat, if he’s still somewhere in Ireland,
And the
thief I’ll see in prison, it will not take long.
We’ll
all take our pleasure then, and drink long together,
Singing
out our verses and rehearsing every good thing.”
Fuair
Pilib càsa piostal agus claíomh géarr nach mbrisfeadh.
Fuair
Màire réidh go cliste dó bunóg a’s cearc bhreac.
Tràth ‘
ghluais sé chun imeachta, d’fhàg sé léi beannacht,
Agus
d’ardaigh sé a lón ar a mhuin ina sac.
Chuaigh
sé thart síos go Doire agus aníos Loch an Chuire,
Ó shin
go Cill Scíre, aniar go Droim Breait.
Ach ar
thaobh Gleann an Smól, ar eilit sa tóir,
Fuair
sé là spórt, an pisín beag breac.
Pilib
took a case of pistols and a keen sword that won’t break,
Maire
prepared handily for him a loaf and speckled chicken.
As he
prepared to set off, he gave her his farewell thanks
And
raised up his provision in a sack on his back.
He went
all the way to Derry, then to Loch Curry,
From
there to Killscirry, east then to Drum Breait.
There
by Glensmole was he found the little speckled cat
Enjoying
itself the day, running after a deer.
Nuair a
thàinig sé abhaile, bhi féasta agus cuireadh,
Ag
Pàdraig ina choinne le hollghairdeas a’s sport.
Bhí
fuisce ‘na thuile le n-ól ag gach duine
Agus
borda thart leagtha le bia de gach sort.
Bhí
uasal a’s íseal, anuas agus aníos ann,
Mar a
fuagraíodh sna nuacht go bhfuarthas an cat.
Bhí ól
agus aoibhneas, a’s ceol ar feadh míosa ann,
Agus
thart insan tír, níor fhan luchóg nó rat.
There
was feasting and celebration, once he was home,
A meal
Padraig had waiting with joy, delight and fun.
There
were floods of whiskey to drink for each person,
And a
table beside laid out with every kind of food.
Nobles
and commoners were there, people from every place,
Once
the news made its way, that the cat had been found.
There
was drink and pleasure, and music that lasted a month,
And all
around the country, mice and rats all were cleared out.
(The
song is in north Meath Irish, which is now extinct. It was basically an Ulster
dialect similar to the Irish of Louth and south Armagh, which were much better
recorded before they died. (One last native speaker of Omeath (Louth) Irish
still alive.) If you are interested in the dialect though, Aodh O Domhnail is
your man. He was a friend of O Gealcàin, and among many other things wrote a
sort of natural history that was published in 1967 as Fealsúnacht Aodha Mhic
Dhomhhaill, edited Colm Beckett. Aodha wrote in strong north Meath dialect,
fairly phonetically, and the edition reproduces his original text face to face
with normalized Irish. Beckett includes a 60 page discussion of the dialect.)
I took this text from Peadar O Gealcàin, Scríobhaí, (1992). (O Gealcàin wrote many Irish manuscripts in mid-19th century north Meath. This book discusses them, with copious extracts of poems and songs.) Ciaràn Dawson, the editor, comments about the cat song (translated):
'The poet succeeded well in creating a mocking portrait of the neighbors by using their most salient points in ways that don’t fit them. This is no nasty satire, though, but a humorous harmless poem, and if anyone was offended by it, it was probably because he or she was not mentioned in the poem….In the end, this was a little local matter concerning local people, but the poet has turned it into a substantial and funny poem through the use of exaggeration.'
So why is the song not stupid doggerel?
It echoes a genre of mock-heroic tales and poems characteristic of the southeast Ulster/Northeast Connacht areas in the maybe 16th through nineteenth centuries. These described self-important self-impressed “antiheroes” engaging in activities that looked ridiculous to everyone but themselves. Something like Cervantes, though, this is not done in an angry black-hearted way, but fondly, and with much human insight.
The cat poem shares the earnest, breathless, conversational tone of “Eachtra Aoidh Mhic Goireachtaigh” and the others. It shares its lyric absurdity and fond mocking humor that, not least, is founded on changing the context of ordinary “heroic” and Otherworld tales, so that their motifs now have a very different effect. It would have awakened in its original listeners many of the associations of these other tales and poems which included, along with the obvious ones mentioned just above, an affection for people, and for the world in all its specificity, joy and heartbreak, and an awareness of imminent Otherworld presence. (I should probably explain and document a bit better, but this is only a freakin’ blog, not a learned article, so I won’t.)
23/4/22
Tosach dáin i dtaobh chláirseoir nár thaithnigh go ró-mhór leis an bhfile Tadhg rua Ṓ Conchubhair san 17ú aois. (Measgra Dánta, Cuid 1. Eag Tomás O’Rahilly, Cork University Press, 1927
Saoi le searbhas Eóin man Eóin,
Daoi le’r dearbhadh cóir ‘na locht:
Mar chráin ag crónán dá cluinn (clainn)
Fuinn (foinn) a lámh, dórdán a dhocht.
Is mó do-gheibhtear I nguaillibh (dative plural) Eóin
Do shult ceóil ná i luas a lámh:
Alpa a dhá amhchrobh ‘na bhfeidhm
Mar chreim dá chlamhchon ar chnámh.
Mar bhíos céis ag coin ar chluais
I nguais ag ceisneamh a cáis
Ó n-a chlos is céasta cluas,
Crobh gan luas ag pléasgadh práis.
Ní aithneann aon a phort féin,
An tan théid i gcaschrobh Eóin:
Tuar tuirse tafann a lámh,
Blas na gcrann gafann (henbane) ‘na ngeóin…
21/4/22
Blúirín de scéal Mis agus Dubh Ruis, ó lamhscríbhinn le Piaras Mac Gearailt, file, in 1769. Gabhaim pardún as an ngairsiúlacht agus an gnéasachas… Mis agus Dubh Ruis, eag t. de Bhaldraithe, Scríobh 4, 1979.
…agus tháinig sí maille re dronghbhuíon ag lorg corp a hathar ar feadh an áir (Cath Fionn Tráigh), agus iar bhfáil an choirp go n-iomad créachta di, gabhas ag sú agus ag ól as na creachtaibh gur imigh fá dheoigh ar faoi foluain le fiabhras gealtachais go Sliabh Mis gur fhan ann leis an ré roimhráite (300 bliain)…D’fhásadar fós ingní a cos agus a lámh chomh hinmheánach san ionas nach raibh duine ná beithach do theagmhadh lé ná stróicfeadh sí gan fuireach…ionas go ndearnadh fásach ar uatha daoine agus airnéise le heagla roimpi den taoibh dúiche dá ngairmthear Brantacht Chlainne Muiris…Triallfad mórán (laochra) dá hionsaí diaidh i ndiaidh gur cailleadh a n-úrmhór san eachtra léi…
(Sa deireadh, téann Dubh Ruis, cláirseoir, chuichi, bíodh a’s go bhfuil an rí ag fonóid faoi mar gheall ar tabhairt faoi a leithéid.)
…Níor chian dó mar sin an tan táinig sí chum láithrigh ar gcloistin an cheoil di agus do sheasaimh sí go n-iomad fiántais ag éisteacht leis agus ag feitheamh air.
‘Nach duine thú?’ ar sí
‘Is ea,’ ar sé
‘Créad é seo?’ ar sí, ag cur a láimhe ar an gcruit.
“Cláirseach é,’ ar sé.
“Hó, hó,’ ar sí’ ‘is cuimhin liom an chláirseach. Do bhíodh a samhailt ag m’athair. Seinn dom í.’
‘Déan,’ ar sé, ‘ach ná dein dochar ná díobháil dom.’
‘Nocha ndéanfad,’ ar sí.
Féachas ansan ar an ór agus ar an airgead, go ndúirt:
‘Créad iad so?’ ar sí.
‘Ṓr agus airgead,’ ar sé.
“is cuimhin liom,’ ar sí, ‘do bhíodh ór ag m’athair, och ón.’
Sméide súl dá dtug sí, ad-chonairc sí a dheá-nocht agus na baill súgartha, go ndúirt:
‘Créad iad so?’ ar sí, lena mhála nó lena eoin eadhbhair, agus do inis di.
‘Créad é seo?’ ar sí leis an rud eile ad-chonairc sí.
‘Atá, crann clis,’ ar sé.
…”Crann clis,’ ar sí arís. “Créad é, an cleas?’
…’Suigh taobh liom,’ ar sé, ‘agus déanfaidh mé cleas an chrainn sin duit.’
‘Déanfad, ‘ ar sí, ‘agus fan I m’fhochair.’
‘Fanfad,’ ar sé, gur luigh agus go ndearnaigh feis léi, go ndúirt sí:
‘Ha, ha, ba mhaith é an cleas. Dein arís é.’
‘Deinfead,’ ar sé, ‘Gí ea, seinnfead an chláirseach dhuit ar dtúis.’
‘Na bac an chláirseach, ‘ar sí, ‘ ach dein an cleas.’
“Is mian liom bia nó beatha do chaitheamh,’ ar sé. ‘óir atá ocras orm.’
‘Do gheobhaidh mise fia dhuit,’ ar sí.
…Ní cian do bhí s íuaidh an tan táinig agus fia tarlaithe faoina hascaill aici…’
19/4/22
Blúirín de amhráin a cumadh i gCanada, circa 1850. Kenneth MacDonald, fear ó Ghairloch, Alba, a rinne. Cumadh mórán filíocht agus amhrain Gaidhlig i Meiricea. D 99, The Emigrant Experience: Songs of Highland Emigrants in North America, eag Margaret MacDonnell, University of Toronto Press, 1982.
Tha Ceap Breatunn seo cho fuar
Reóthadh e(sé) na cluasan fhéin:
Theid (téann) e cho domhain san tua(igh), ((an reo)
‘s an lasair a dh’fhuasglas innt’ e.(that you need fire to thaw it.)
Nuair a thig (thagann) an cóta bán,
Falaichidh a na mágain fhéin. (Cover: magh: plain)
Fuirichidh e leth bhliadhna slán. (fanfaidh)
‘s bidh an talamh ‘na thamh gun fheum. (‘codladh’)
America a’ chóta bháin.
B’fhearr leam a bhith ‘n Geárrloch fhéin.
Far ‘m biodh Earrach agus Márt, (Mar: ‘san áit’)
‘s far am biodh am bláths sa ghréin… (teas)
Rann as amhrán eile le Dunan Blair, 1815-1893 ó Chowal. (d100)
Thig an áird leam gu Bráigh
Abhainn Bhárnaidh don choille;
Far am fás an subh lair (Sú talmhain)
‘s cnothan lána gun ghainne.
An lon árd bidh ‘na uaill (moose, proudly)
Gabhail cuairt ann gu loinneil (splendidly)
‘s bidh an fheórag le srann ( squirrel: whizzing)
(a)null ‘s anall feadh a dhoirean (thickets)
15/4/22
Rannta as Reicne Fothaid Canainne (sean-Ghaeilge: 9ú aois?). Laoch (Fothad
Canainne) a maraíodh tar eis dó a leannan a fhuadach óna fhear chéile. Tagann
an bhean chuige, agus é marbh. (Fianaighecht, ed. Kuno Meyer, 1910. Leis an
uasal Meyer an Béarla, den chuid is mó de.)
1)
A ben, náchamaicillé! Ní friot atá mo menmo. Hush, woman, do not speak to me! My
thoughts
Atá mo menma colléic isind
imairiuc oc Féic. Are
not with thee. My thoughts are still in the encounter
at Féin (in aice Slane)
2)
Atá mo corpán crúach I
taobh Letrach dá mrúach, My
bloody corpse lies by the slope of the
Atá mo cenn cen nighe eitir
fiena for garbhslighe. Two brinks. My head, all unwashed, is
Among warrior bands in
fierce slaughter.
3)
Dochta do neoch dales dáil fácbas dáil n-éco fri láimh: It is blindness (closeness) for anyone
In dál dálto co Clárach
tuarnect im robánadh making
a tryst, to set aside the tryst
With
death. The tryst that was made
By
me in Clárach, has been kept by me
Pale
white.
23) Ná tuinithe aidche
úath illeircc lectaibg úan, Don’t wait for the terror
of night on the
Ní fiu cobraim fri fer marb
fodruim dot daim, ber lat m’fadb.
Battlefield among the resting places of
Hosts; One should not
hold converse with a dead man. Betake thee to thy house, carry thy spoils with
thee
49) Is é in lon
teimhen tibius imchomarc cáich bes
hires, It is the dusky ousel that
laughs a
greeting to all who are faithful: my
Síabra mo chobra, mo gné a
ben, náchamaicillé speech,
my shape, are spectral -- hush
Woman, do not speak to me.
13/4/22 Rannta as lámhscribhinn 23 D 38 (RIA), circa
1688. Oisín atá ag caint, mar dhea. Measgra Dánta, eag T. O’Rahilly, Longman’s,
Browne and Nolan, 1969 (1927)
Binn sin, a luin Doire an Chairn!
Ní chuala mé in aird sam bhith
Ceól ba binne ná do cheól
agus tú fá bhun do nid.
Aoincheol is binne fán mbith—
Mairg nach éisteann ris (leis) go foil.
A mhic Arphluinn na gclog mbínn,
‘s go mbéarthá a-rís ar do nóin.
Agat, mar tá agam féin.
Dá mbeith deimhin sgéil an eóin,
Do dhéanta déara go dian,
‘s ní bhiaidh th’aire ar Dhia go foil…
Sgolghaire luin Doire an Chairn,
Búithre an daimh ó Aill na gCaor,
Ceól le gcolladh Fionn go moch,
Lachain ó Loch na dTrí gCaol…
11/4/22
Rann traidisiúnta ó Inishowen, (Charlie McGlinchey (1861-1954), The Last of the
Name, Blackstaff Press, 1986. Gaeilge ó dhúchas aige. Scríobh sé an chuid is mó
den leabhar seo chuimhní cinn i nGaeilge Inis Eoghain freisin, ach níl agam.
Tá mise ag dul ag iarraidh madaidh;
Madadh a ruaigfeadh cat;
Cat a lighfeadh im;
Im a chuirfidje ar chosa gadhair;
Gadhar a shnámhfadh uisce;
Uisce a chuirfidhe ar chloich;
Cloch a chuimleochaidhe ar
thuaigh:
Tuagh a ghearrrfadh slat:
Slat a ruidhfeadh 'na masaí ag na buic
Atá ag déanamh milleadh mire ar an tír.
8/4/22
Dán
le Séamas Dall Mac Cuarta, (circa 1650 – 1720?) (Mí/Lú/Ard Macha), ó Séamas
Dall Mac Cuarta, eag. Seán Ó Gallchóir, An Clóchomhar/Coiste Eigse Oirialla,
1979. D.48
Fáilte don éan is binne ar chraoibh,
Labhras ar chaoin na dtor le gréin:
Domhsa is fada tuirse an tsaoil,
Nach bhfaiceann í le teacht an fhéir.
Gach neach dá bhfeiceann cruth na n-éan,
Amharc Eireann deas is tuaidh,
Bláth na dtulach ar gach taoibh—
Is dóibh is aoibhne a bheith dá lua.
Cluinim, cé nach bhfeicim a gné,
Seinm an éin dar bh’ainm cuach:
Amharc uirthi i mbarra géag,
Mo thuirse ghéar nach mise fuair.
Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m’amharc a dháil,
Go bhfaicfinn ar uaigneas uaisle an duilliúr ag fás:
Cuid de mo bhua nach gluaisim ag cruinniú le cách,
Le seinm na gcuach ar bhruach na gcoilleadh go sámh.
6/4/22
Dánta a fuarthas i dtrachtas ag cur síos ar
chursaí meadarachta san 11ú agus san 9ú aois. Early Irish Lyrics, eag Gerard
Murphy, Oxford, 1970. D.6
Int én bec The
little bird which has whistled from the end of a bright
Ro léic fet yellow
bill: it utters a note above Belfast Loch—a blackbird
Do rinn guip from
a yellow-heaped branch (ie. gorse).
Glanbuidi:
Fo-cheird faíd ós Loch Laíg
Lon do chraíb
Charnbuidi.
Int én gaires asin tsáil The
bird which calls from the willow: beautiful beaklet of
Alainn guilbnén as glan gair: clear
note: musical yellow bill of a firm black lad: lively the
Rinn binn buide
fir duib druin: tune that is played,
the blackbird’s voice.
Cas cor
cuirther, guth ind luin.
4/4/22
…”He was diffident and shy, but his burning love of Irish, and his
poignent regret…at the rapid decay of the language in Clare overcame his
shyness…Before he died, 20 years later, he had sent to the (Folklore) Commission
over 11.000 pp. of all kinds of follore, 4,000 pp. of this fine collection
being diaries in which besides much else, he recorded his experiences as a
collector from Ballyvaughean to Miltown
Malbay and from Aill Bhéal na Tulach (Doolin) to Ennistymon—a huge area to cover for a working man on Sundays and
church holidays mainly, for the spade was more familiar than the pen. Seán Mac Mathúna (? – 1949) must have walked
thousands of miles in all weathers in search of oral tradition.”
‘Tá mé gofa im chrá’anna
(cnámhanna) tar éis lá iomlán a thabhairt le buaint. Dearg-náire ‘on gcorrán.
Is í an t-arm í chun pianta do chuir san druim…Ach ní buanaí mise, agus sin é
is ciontach leis an nós a bhfuil mé anocht!’ (ó Notes on the Oral Tradition of Thomond, le Séamus Ó Duilearga,
Journal of the Royal Society of the Antiquities of Ireland, #95, 1965.
Gaoth adtuaidh, bíonn sí fuar agus cuireann sí gruaim ar dhaoinibh,
Gaoth aneas, bíonn sí tais, is cuireann sí rath ar shíoltaibh,
Gaoth anoir, bíonn sí tirim is cuireann í brat ar chaoiribh,
Gaoth aniar, bíonn sí fial is cuireann sí iasc ar léontaibh.
Agus scéilín:
Do ghabhail scoláire bocht an bóthar sa tseana-shaol. Bhuail sé isteach i dtigh feirmeora. …Bhí fear an tighe ag leigh péipéir; bhí spéaclaí ar a shúile. Do bhí an scoláire bocht ag an mbórd ag ithe blúire aráin agus braon bainne a thug an bhean dó. Ba bheag leis a bhfuair sé.
D’fhiafraigh an scoláire bocht d’fhear an tighe: ‘Cad é an rud-san ar do shúile?’
‘Rudaí a dhineann mórán den bheagán.’
Thóg an scoláire bocht an t-arán suas: ‘Dá mba é do thoil é, an ndéanfá mórán de seo?’
Do d’fhéach an fear (agus) dúirt lena bhean smuid eile aráin a thabhairt dó.
28/3/22
Blúirín de scéal ó Mhicheál Ṓ Súilleabháin, Tuath Ṓ Síosta, Co Chiarraí (Siar ó’n Néidín.). Seanchas ó’n gCeachainn (Caha Mountains): Béaloideas,
Is fadó is cuimhin liom, seacht nó ocht is dachad de bhlianaibh ó shin ann, do bhínn ag dul ó dheas go daoine muínnteartha dom uair sa mbliain ag gearra fhéir dóibh – ag gearra fhineáin dóibh. Uair des na uaireanntaibh deirionnacha go rabhas ann, chuadhas ag gearra Dé hAoine agus ghearras Dé hAoine agus Dé Sathairn in eisc idir lochanna beaga atá ann. Thugas an dhá lá ag gearra ann. Ní raibh aoinne lem chois. Do bhíos leath-uaigneach ionam féin an lá deireannach, mar bheadh neamhracht uaignis orm. Ní chuala ná níor bhraitheas aon nidh. Ghearras dorn maith féir: bhí fineán maith agam ann.
Do thána abhaile Dé Sathairn, agus ní dheaghadar chun an fhéir chun go dtáinig an Luain. Do chuaidh Cruthúr Ucaire agus an inghean agus fear eile atá fós ann – Donncha Ucaire – Dé Luain a’ bailiú an fhineáin agus á túirt leo ‘na bheartaibh abhaile.
30/3/22
Ar Lean
Amach i lár an lae dóibh, do chualadar ruchar (urchar) san eisc ba ghiorra dhóibh bhí buinte (bainte), agus do shíleadar gur mé féin a bhí ann mar do bhínn ag túirt ghunna – bhínn ag lámhach uaireannta—agus do chuadar ‘na threo chun go mbainnfidís girré dhíom. Agus má chuadar, ní bhfuaireadar mé, agus do thanadar thar nais, agus do chaitheadh ruchar eile in eisc in aice leo arís. Do chuadar ag cuardach, agus ní bhfuaireadar mise ná mo leithéid. Bhí na ruchair ag déanamh amadáin díobh. Do bhíodar ag bailiú mar sin féin.
Lá’s na máireach, do thanadar arís agus do bhíodar ag bailiú arís, agus amach idir meadhon lae agus thráthnóna dhóibh, do chualadar an ceól, dar leo héin, ba bhreatha chualdar ariamh, agus é an-fhaid go deo ó bhaile uatha. Do bhíodar ag eisteacht leis, agus ambasa, féin, má bhíodar, ba gheárr gur dhruid sé leo, agus bhí sé laistíos díobh, agus bhí sé lastuais díobh, agus bhí sé ar gach taobh díobh. Dubhairt an sean-fhear leó i ndeire bháire, dul abhaile. Agus chomh maith tháinig.
2/4/22
Ar Lean
Buaileadh an sean-fhear breóite, agus do thug sé seacht nó h-ocht de sheachtaiíbh ar aon leabaidh, agus slán mar a n-ínnstear é, thit píosa dá chois amach as (an tsál) agus ní raibh aon mhaith ann gur cailleadh é.
Do buaileadh mise breoite sa bhaile, agus do thugas aon tseachtain déag ar aon leabaidh amháin. O’n lá san go dtí an lá indiu, ní dheaghaidh aoinne ag bainnt fhineáin ann riamh ó shoin.
4/4/22
Blúirín ó Cath na Deachmhúin air Thráigh Rosa Móire (1833 (Tithe Battle on the beach of Rossmore), le Dáibhí de Barra, Carrigtwohill, oirthear Chorcaí: A Contemporary Account in Irish of a Nineteenth-Century Tithe Affray, le Brian O Cuív, Proceedings of the Royal Irish Academy, 1960) (Litriú an lae inniú curtha air, den chuid is mó de.) (Ag troid le saighdiúri a bhí ag tógaint beithigh ó dhaoine ná raibh sásta deachuinn deich faoin gcéad a dhíol leis an Eaglais in Eirinn, a bhí na mná seo, agus na fír leis)
…Agus ní bhfuaradar amus ná amharc ar Sheághan an Mhála (ie. an tithe server) ris an ré sin, óir do bhí sé cois chlaí na trágha agus marcshlua don armneach ina thíiompall dá ghárda. Fá dheoig, do ghluais drong do mhná cróga dá lorg ar measc an tsluaidh, dár ba díobh Maighréad agus Cáit Ní Shúilleabháin, go mba samhalta le Cuilleann Cheannrua agus le hIarnait .i. dís iníon Chonarán de Thuatha De Danann iad i misneach agus i mórchrógacht agus Cáit Ní Ghearailt mar rínn thosaigh orthu…agus an chuid eile don chomhar ba ‘na ndíadh ag feitheamh gach áird on champa nó go bhfuaradar amharc air. Agus lingid dá ionnsaí, agus ba náir leis teitheadh ó sna mná, agus gabhaid (na mná) dá chíora agus dá shraca óna chéile agus ag bualadh doirne míneacha sa smúsaigh airgo dtug sé saomh-léim seachaint orthu, gur ghaibh Cáit Ní Ghearailt ar fholt agus ar fhionnaghabhail é, agus chuirios a lámh acfuinneach go lán-tapaidh i ngabhal a thriúis agus thug bog-thógáil fhearúil uréadthrom ó thalamh dho, gur bhuail faile dá chreatlach um chloca cru ana trágha, agus cuirios a troig ar a bholg gur cheangail idir a bonn ‘s a talamh
26/3/22
Leathsgéal
Ėamonn Caplas (Copley), agus é ag scríobh cúpla rud isteach i lámhscribhinn
cara leis, Tomás Ó Conchubhair (greasaí) i London, 1835. Beirt ó cheantair
Mitchelstown , Co Chorcaí ab ea iad. (Lámhscríbhinní Gaeilge, Cnuasach Uí
Mhurchú, Ollscoil Chorcaí. D. 127
Gaibh mo leathsgeul, a cáirde grádhach, do
cionn neamh-bhláithmhaireacht an bheagán scríbhinne so: óir má tá lochtuídhe
innte (ó is dearrbh go bhfuil an iomdha) is droich-ghleus, meirbh-intin,
neamh-chleachta, et cam-chathaidhe an tsaoghal is cionntach ris (leis), níbhus
mó inná an intinn agus ná an t-ainbhfios.
24/3/22
Tús
Sgeul an tSeoid, ó sean-fhear ó thuaisceart Chiarraí (Causeway), 1904. Series
1, Vol. 8, 1975, Kerry Historical society (??) Journal. (Níl an tagairt agam
anseo.)
‘Neosfad féin mar a chuala a’s ní
dheunfaidh mé duainearacht bhréige. Dá mbeinn dall, ní fheicfinn; dá mbeinn
bodhar, ní chloisfinn; dá mbeinn i dtúis n hóige, ní dóigh go mbeadh sgeul
agam. ‘Neosfad sgeul anois agus mara chuirfidh mé focal leis, ní bhainfidh mé
focal uaidh….
Do chrom sé agus do rug sé ar na tràithníníbh (dative plural) ‘na dhóid agus d’éirigh faid agus leithead doruis den túrtóg leis. Do bhí staighre ag imtheacht síos fé thalamh ó’n dtúrtóg agus d’imthigh sé leis a’s do dhún an túrtóg n-a dhiaidh. Bhí sé ag imtheacht a’s ag imtheacht ar feadh dhà là agus dhà oidhche agus an tríomhadh maidin ag breacadh an lae, do shaitill sé ar talamh réidh nà feaca sé riamh éan àit leath chomh breagh leí. D’iompaigh sé ar thaobh a làimhe dheise. Do bhí bóthar fé n-a chosaibh chomh sleamhan le gloine Chuaidh sé ar aghaidh gur thàrluig pàlàs leis. Nuair a chuaidh sé go dorus an pháláis, bhí sé leath-osgailte roimis… (Sgéal 17 duilleog atá ann: ana-sgéal go deo.)
22/3/22
Dán
le Laoiseach Mac an Bhaird, (16ú aois?). Dánta Grádha, eag T. Ó Rathaille, Cló
Ollscoile Chorcaí, 1976. D7
Do-bhéaram seal le saobhnós, (bheirimid:
ie. bhéirfidh mé)
Ní bhiam re baothghlór banda: (Ná bíodh
sinn…)
Na mná dhíobh ba díol tola
Ní hiad a-nosa is annsa. (anois)
Acht gidh iad na mná sgiamhdha
Is mó iarrthar le fearaibh, (dative plural)
Isí an bhean díobh badh Gráinne (ba)
badh sáimhe liom i’m leabaidh.
Agam dá mbeadh an bhantracht
mná Alban is mná Sagsan,
Do b’fhearr liom beagán páirte
Ón mnaoi is Gráinne dá bhfaca.
Bheith gan choirce gan chruithneacht
Beag do thuigeas gur bh’easbhaidh:
Ní ionnta do bhí ar gcáis-ne,
Acht bheith gan Ghráinne is eagail.
Níor cheist oram dá ndéineadh
Goid nó éigean ó dtiocfainn:
Mo mhallacht ar m’fhear páirte
Nár fhágaibh Gráinne i’m iothlainn.
Bean is Gráinne don bhantracht,
Bheith ‘na hannsa ní shéanfam:
Tug sí mo chiall ar claochlódh,--
Seal re saobhnós do-bhéaram!
21/3/22
Scéal uaim féin…
Breis
beag a’s bliain ó shin, tráthnóna Samhraidh, d’airigh (chuala) mise agus mo
bhean screád uathbhásach an bháis ón gcoill mór atá taobh thiar dár teach. “Ní
foláir no go bhfuil uan ag na daoine
taobh linn, i ngan fhios duinn,” duirt mé le’m bhean, “agus go bhfuil an t-uan
san ar strae sa choill.” Ach lean an t-uan air ag screadaigh in anaithe a
bheatha. “In ainm Dé!” dúirt mo bhean.
Ritheamar
isteach sa choill a lorg; agus fuair.
Ní
uan a bhí ann, ach oisín, agus fisher cat – easóg mór, craosach, neamthrócaireach
– a fiach; greim aige ar mhuineál an oisín, ag iarraidh é a leagadh, chun a
stracadh as a chèile.
Chomh
luath agus a thanamar-na ar an lathair, theith an fisher
Ni
ghá dom scéal Madra na n-Ocht gCos a dhéanamh de. D’fhéadfaímis siúl amach as an
gcoill arís, agus ligint don uain (na raibh ach coicís, dearfainn, slánaithe
aige) agus don fisher: ligint do chúrsaí”Nadúir” dul ar aghaidh…ach níor dhin.
Thugamar agus na daoine taobh linn, thugamar-ne
an t-oisín abhaile, agus é ag cur fola go tiubh agus ag meigligh go
truaimhéileach.
Ní
bhíonn cead ag aon duine baint le fia -- dul ag foirithint air no faic, -- sa
state seo Mheiriceá (duiche mhór fiagaí í, ina mealltar an-chuid airgid ó
allmhúraigh gach bhliain nuair a thagaid isteach chun dul ar thóir fia), i dtreo na raibh
cabhair nó comhairle ar fáil duinn, áit ar bith. Ag crith le huamhan romhainn a
bhí an t-oisín, ar ndoigh, ach dhineamar puball beag do taobh thiar den teach
s’againne, sa tslí go bhféadfadh an mhathair teacht air istoíche.
Níor
tháinig sí.
Is
amhlaidh gur airíomar (chualamar) an oíche roimhe sin ann, coyotes ag fiach sa
choill in aice linn, agus is annamh a
théann siadsan ar tóir creatúir, na go
faigheann siad gréim air sa deireadh. Ní folair nó go raibh mathair an
oisín marbh acu siúd, agus ba shin faoi ndéar don oisín a bheith ar strae ón
áit dideán a bheartaigh a mhathair dó.
Cheannaíomar all species milk replacement sa tsiopa feirm. Gach dara uair ar feadh seachtaine, mar sin, lá agus oíche, ghabhamar chun an oisín le buidéil, duine againn a choimeád ina sheasamh é, faid agus a bhí an duine eile ag tabhairt deoch don uan.
18/3/22
Blúirín
de Mhac na Míchomhairle, scéal ó’d 15ú/16ú aois (?) (Co Liatroma?Fer Manach??).
Mac na Míchomhairle. Eag Seosamh Watson, an Clóchomhar, 1979
(I sí-bhrú atá, cé nach eol dó an méid sin…)
…Níor chian damh-sa iar sin (tar eis) an tan (t-am) do ghluais mo chiunniún
chrosta, choirpe, míchomhnaitheach a bheith dom sporadh i gceann m’aimhlis ar
mhodh nár fhéadas suan sail nó síorchodladh do dhéanamh nó gurbho h-éigean
dhamh éirí go hiníon an Ghruagaigh. Gluaisim ansin go réimdhíreach dá hionsaí
agus an tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire dá leabaidh is é áit a
bhfuair mé m’eolas i ndiamhair uaigneach, dho-eolais coilleadh gan taithí duine
nó ainmhí ann. (ie. Imríodh draoícht air.)
Ach atá ní cheana do thuigeas nach rabhas
gan aimsiú áibhirseoireachta dá imirt ag mo lucht tí fon am sin orm. Níor chian
damh iar sin ag eisteacht le bánánaibh agus le bocánaibh agus le heithidí
adhuafara, ró-urchóideach na coilleadh ain an tan do chualas an uaillghuth
urchóideach, adhuafar agus an screadfach guth-ard, géarloiscneach chugam sa
ngleann gach ndíreach.
16/3/22 Tuilleadh de (ar lean)
Ní raibh de mhéad mo chearthaí nó m’eagla
nár chuir sin spiorad gealtacht ionam ionas gur ghluaiseas romham amhail geilt
ar n-imeacht as ár nó as gábh nó mar fhia ar ndúscadh as aleabaidh luí ag
faicsin a bhíobha agusa a eascaraid ullamh urlaicthe ar a cheann. Is é sin
trice, tairpí, dithne agus deine an torainn thréanreatha do ríneas.Agus nuair a
shaoilras réiteach as an gcoill amach, is é áit a bhfuaras m’eolas .i. ar má
taobhleathan taitneamhach i gceartlár an ghleanna agus isamhlaidh do bhí an má
sin .i. cnócán lán-chruinn, fíor-árd ina cheartlár agus do bhí d’airde an
chnoic sin gur mheas mise dá mbeinn thuas air, nár bhaol dhamh duine nó ainmhí
dá raibh sa gcoill an oíche sin. (Teitheann sé amach ar an bhfairrge ó’n
mbeithíoch, dar leis, agus ‘sean-áirc’ aige…)
14/3/22 Ar lean
…Ach atá ní cheana do bhí de dhoirbhe a
gcoimis re chéile agus d’olcas na seanáirce (bád, mar dhea) sin ina rabhas mar
aon re do-fhulaing na gaoithe agus de dhíchoiscithe na dtonn go raibh an sáile searbhrua na shrutha,
ina linntibh (dative plural) agus na chith-bhraonaibh ag teach isteach ar gach
taobh den tseanárthach sin orm. An tan do chonairc mise mo chríocha déanacha
comhchinnte agus sin agam, do léigeas éimhe fada fíorthrua agus gártha groda
géarchaointe os ard asam…
Do éirigh an iníon agus do las sí solas gan
mhoill agus do tháinig sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáin-se, agus
is é áit a bhfuair siad mise ar shíothail mhóir ‘mo shuí i gceartlár dabhcha
lánmhóire leanna nó díleanna do bhí istigh agus is amhlaidh a tharla an t-ionad
suirí sin dhamhsa, .i. nuair do éirigh mise go hioníon an Ghruagaigh, ní chian
do chuas an tan do thuigeas go rabhas ar seachrán agus do bhí cat fo
pheithreadh istigh agus do shaoil mise gurb beithíoch urchóideach eile do bhí ann. Glacaim scaoll agus scéin chugam
agus is é áit a bhfuaras m’eolas i siléar an Ghriagaigh.Ní chian do chuas ann
an tan do tharla an dabhach lánmhór so liom ‘na suí i gceartlár an
tseiléir agus í lán de leann úr do téadh
an lá sin féin… (An fhairrge, mar dhea…)
Rainig Mongán, ar sin (ina dhiadh sin) do
chum cúigidheach n-Ėireann nó go roch Nás (Naas) Laighean agus isé fa righ ar
Laighuibh an tan sin .i. Bran Dubh mac Eeachaidh agus d’eisiodar a bhfarraidh a
chéile an oidhche sin. D’éirigh Mongán go moch ar na mháireach ar (i ndiadh)
gceangal a gcaradradh le rígh Laighean agus ar n-éirighe amach dhó, do chonairc
trí chagad bó n-áluinn n-ó’dhearg agus trí chagadh laugh lán-gheal re a gcois
ar faithche an dúnaidh. Agus mar do chonairc Mongán iad, do shanntaigh go h-an-mheasardha
iad. Thug Bran Dubh sin dá aire agus adubhairt: ‘A rígh Ulaidh, dar liom do
ghrádhuis na ba úd go mór.’
‘Do ghradhas cheana,’ ar Mongán. ‘agus is
ait liom bheith dá bhfeachain, agus ní bhfuil in Ėirinn neach re ar chubhaidh a
mbeith aige, dom bharamhail, ach mo bhean féin .i. Dubh Lacha Láimh-gheal, óir
is í aon bhean is fear deilbh agus déanamh, innsgne agus urlabhra, méinn agus
maise, cruth agus caomh-dhéanamh, ciall agus ceadfadha do mhnáibh glan-áille
Gaedheal í, agus rug an oiread bó úd an geall céadna ó bhuaibh an domhain go
h-iomlán.’
(Tugann Bran Dubh na beithigh dó, ach aon
ní a iarrfas Bran Dubh air ina dhiaidh sin, a thabhairt dó.)
9/3/22 Mongán (ar lean)
As a haithle sin, (ina dhiaidh sin) rainig Mongán a n-Ultaibh
agus na ba leis. Comh luath agus do chonairc Dubh Lacha na ba, thug í grádh
iomurcach dóibh agus adubhairt: ‘A Mhongáin,’ ar sí, ‘cé thug na ba breághtha
úd duit-si? …Ní tugadh iad ach ar son ní éigin is fear go mór ionna iad féin do
thabhairt ar a son.’
Ro innis Mongán di mar fuair iad.
“A Mongáin,’ ar Dubh Lacha Láimh-gheal, ‘is
eagal go n-goillfidh an comhrádh sin ort go fóill.’
Níor chian, ar sin, go bhfacadur Bran Dubh
.i. rígh Laighean chucha. Ar dteacht do lathair, do fáiltigheas Mongán roimhe
agus fiafrioghios de créad thug san turas sin é.
“D’iarraidh Duibhe Lacha Láimh-ghile thánag
mé ó’m thigh,’ ar Bran Dubh.’
8/3/22
Blúirín
ó dhán le Dómhnaill Aonghais Bháin, (DonaldMacDonald, 1926-2000), fear ó South
Uist nach bhfuair mórán oideachais riamh agus a chaith a shaol mar sclabhaí
agus nár phós ariamh (ro-bhocht), ach a chum mórán dánta. (Smuaintean fo
Eiseabhal, eag. Ronald Black, Birlinn, 2000, d.8.)_
An
t-Eun Fuadain
Chan i seo an dúthaich dha’n dhúthchas dhut bhith támh:
Chuir stoirm is gaillean faoiltich thu ar faondradh thar an t-sáil:
Dh’fhág thu cridhe brúit’ again thu dhol a-null cho tráth
A dh’aoinneoin ar cuid cungaisich, cha d’chum sinn thu bhon bhás.
Tha itean bóidheach ciatach ort cho dubh ri fiamh ne teárr
Is broilleach mar an sneachda bhíos ‘na stac ar feadh nan cárn:
Tha spógan beaga ríomhach ort cho min ri canach bláir
Is dearbh iad dha mo shuilean gum bu dúthchas dhut bhith snámh.
Rinn mi uaigh bhóidheach dhut bho fhóirneart air do dhíon
Is rinn mi úrnaigh shoisgealach, óir toil leam ceól nan ian:
Nuair thig an latha sónraichte chaidh órdachadh le Dia,
Bidh thusa snámh go sólasach air bóc-thuinn a’ Chuain Siar.
Béarla Ronald Black air.
The Stray Bird
This is not the country where it’s in your blood to stay:
Storm and wolftime gale have sent you off your ocean’s course:
You’ve left us broken-hearted that you passed away so soon
Despite all our attempts to help, we failed to keep you from death.
You have fine and splendid featheras as black in hue as tar
And a breast like the snow that piles up on rock-strewn slopes:
You have lovely lovely talons as smooth as cotton in the marsh
And they have proven to my eyes that swimmming’s in your blood.
I’ve made a lovely grave for you to save you from attack
And I’ve said a prayer from the gospel, for I love the music of
birds:
When it comes to that special day which God has ordained,
You’ll be swimming happily on the great Atlantic waves.
6/3/22
Blúirín ó scéal ó Sheán Ó
hEinirí, Cill Ghallagáin, Maigh Eo. (Scéalta Chois Cladaigh, Comhairle
Bhéaloideas Ėireann, 1983, d.68)
Bhail, bhí dream eile i bPort an Chlóidh chomh maith fad ó shin. Bhí siad féin santach ag marú rónta, ar ndóiche, le haghaidh na hoibre céanna, ag leaghadh na feola is ag baint ola aisti agus ag ithe na gcámhóg: cnámhóga a thugadh siad ar an bhfeoil a bhí fágtha. Ba shin é mórán an tslí bheatha a bhí le fail thart le cladach an uair sin..
…D’éirigh Eoghan Rua Phort an Chlóidh amach agus a mhaide leis agus fear eile a bhí leis agus thoisigh siad ag treascairt, ag marú. Ach bhí an rón mór seo thuas in íochtar an chladaigh agus nuair a tharraing Eoghan an buille ar an rón:
‘A bhó,’a deir an rón, ‘a Eoghain Ruaidh,’ a dúirt sé, ‘Ná buail, ná buail!’
Ach bhuail Eoghan Rua ina dhiaidh sin an buille ar an rón agus mharaigh sé é. Ach tháinig Eoghan Rua abhaile agus chuaigh sé a chodladh. Níir éirigh sé go bhfuair sé bás.
Sin é anois an chaoi ar mhoithigh mise é.
4/3/22 Fealsúnacht Aodha MhicDhomhnaill, (Co. na Mí, 1802-67), d. 177.
Is é an bheach is rí den slua seo uile, agus is ámhaí, géarchúiseach, griongalach an créatúr é féin, ach is ó nádúr atá seo uile, de bhrí go bhfuair an bheach ó nádúr gach ní dá raibh de riachtanas air chun a intleacht agus a bheart a chur i ngníomh. Is iontach leis an duine an créatúr beag, éideoirach seo a bheith breith bua air féin tar éis gach tíolactha dá bhfuair sé ó Dhia agus ó nádúr. Ach más léir don duine é, teagascann an bheach lena bheatha, suailce do-chuimseach.
3/3/22
Blúirín de sheanchas i dtaobh “Middlemen” Bearra san 18ú agus 19ú aois. Ó Ghort Broc: Scéalta agus Seanchas ó Bhearra ( ó Phádraig Ó Murchú), eag M. Verling, 1996, d. 1
Is minic a chualag seandaoine á rá nuair a bhíos óg (1873-1950), ag eachtraí dhom agus dos gach nduine a bhíodh im chomhluadar san oíche…conas a bhíodar ages na Cithearnaigh (Middlemen gustalach) agus ages na máistrí a bhí ar na daoine sa tsaol shara raibh dlí ná acht in Ėirinn. Anois sa ló so, tá dlí agus ceart aiges nach aoinne, agus fianaise mhaith go bhfuil, mar faigheann nach aoinne ceart mar is cóir do, cé na fuil mórchuid acu sásta: deir siad gur saol dochrach, dealbh, daor é, agus ná féadfaidh siad mairiúnt a dhéanamh in aon chor. Ach deirimse féin gur saol maith é seachas bliain an Ghortaigh gur cailleadh na daoine, agus blianta a tháinig ó shoin, leis, agus mórchuid.
2/3/22
Amhlaoibh Ó Súilleabháin, 1827, Callan.
7/1/27: Bhí mile ógmhná agus óganaigh ag rince le ceol ar mhullach an Mhóin Rua (ardá I lár Phoill an Chapaill). Chrith an cnocán rua faoi na coisiní lúfara.
6/23/27: Lá brea dorcha ciúin caoin: gaoth aniar…Fuaireas ann Lasair léana i mbláth buí cúig chodcha go mbleidhe cúig chodcha: agus fuaireas síoda móna nó ceannbhán bán, agus mismín dearg nó mismín na móna, agus neantóg loiscneach. Táid aosóga agus ógmhná ag rince ag an tine chnámh.
1/3/22
Amhlaoibh arís, 1827
Bhí i dtigh an duine chéanna…nead smólaí agus aon ubh amháin. Théadh an smólach gach lá agus thugadh isteach leí ina gob brobh féir, tar éis a thimadh i rianán uisce, bhí láimh leis am dtigh: agus do rinne an nídín cluthar cruinn di féin sa bhfeoilchiste, áit a mbíodh sprúilleach agus blodhairí aráin le fail aici. Ach an tan a fuair sí a clumh cluthar agus a sciatháin láidir go leor, d’eiteall sí amach faoin úllord, agus níor chas ar ais ar a nidín ná ar a haon ubh. Agus ní locht uirthi seo, óir is ionúin le gach dúil faoi neimhe saoirse; agus is romhaith do rinne sí gan a hál óg do thahairt suas i ndaoirse nó i mbraighdeanas. Ní rinne sí fala an tan d'imigh sí ar éigean on dream noch (a) thóg í ó thaobh cluthar a máthara, óna nidín cluthar i gclaí na sceach cois na coille, áit a raibh foscadh is fothain is saoirse aici.
28/2/22
Blúirín de amhrán ó Oileán Mhanainn
Ec na fiddleryn ayns yn Ollick (Ag na fidléirí san Nollaig)
V’eh chied voayl veeit mee rish graih my chree. (bhí an 1ú bhall (áit) ( a bhuail mé le …)
Dy graihagh graihagh hie shin sheese cooidjagh (Go grámhar: shuí: síos; cuideacht)
As hug shin toshiaght da’n tooree. (Agus thug sinn tosach do’n gcúirtéaracht)
26/2/22
Amhráin ó’n grúpa
Albannach, Runrig. (Le baois agus le Béarla a chuadar ó(s)na 1990s i leith…)
"An Toll Dubh" (ie. poll)
Suidh aig bord
Cha bhi biadh 's cha bhi fion ní bhíonn
Taobh cuil an doruis cha bhi grian
Cha bhi biadh 's cha bhi fion
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain (Is ar éigean : ár)
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
An Gaidheal 'sa leabaidh
An Gaidheal 'na shuain
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
Thainig e a Sasainn ann
Thainig e
Le eachaibh luath is iuchair throm (eich)
Thainig e a Sasainn ann
Le eachaibh luath is iuchair throm
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
An Gaidheal 'sa leabaidh
An Gaidheal 'na shuain
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
Air lar 'san toll-dhubh cha bhi grian
Cha bhi gealach
'S dubh an oidhche chaidleas sinn
Air lar 'san toll-dhubh cha bhi grian
'S dubh an oidhche chaidleas sinn
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
An Gaidheal 'sa leabaidh
An Gaidheal 'na shuain
Le eiginn ar n-eirigh as ar suain
25/2/22
Blúirín ó leabhar Aindrias Ó Baoighil, An Dílidhe, Cómhlucht Oideachais na
hĖireann, 1930.
Thug na buachaillí buidheachas mór don
fhear a réidhtigh as a gcruaidh-chás iad, agis i ndiaidh slán agus eannacht
fhágáil aige, Phill said ‘un an bhaile mhóir go bhfagadh siad grim bricfeasta.
Bhí cuma shuaithte ortha, agus ní rabh aon bhall in a gcorp nach rabh frithear,
acht chárbh iongnadh sin agus a dtainic said fríd an oidhche aroimhe. …Bhí maidin dheas shochmaidh ann
agus bhí an saoghal go suaimhneach, mar ní rabh acht fíor-bheagán daoine le
mothachtáil fa na bealaigh go foil.
(Ciarraíoch
é an t-údar, is doigh liom…)
(B’as ceantair na Gleannta (Glenties) dó, actually)
24/2/22
(Dán
ón 9th nó 10th century a bhaineann le scéal Diarmaid is
Gráinne. Níor mhair ach toisc gur luadhadh in aguisín le hAmra Cholum Chille.
Early
Irish Lyrics, eag G. Murphy, d. 160.
Ut dixit Gráinne ingen Chormaic fri Finn:
Fil duine (tá)
Frismad buide lemm díuterc,
(ar (leis) ba dheas liom féachaint)
Día tibrinn an mbith mbuide (go dtabhrainn dó an domhan geal)
Huile, huile, cid díupart.
(uile, uile cé nach margadh cothrom é.)
23/2/22
An
1ú rann ó dán le Giollabrighde Ó hEódhusa, a d’éag in 1614. Ó Mheasgra Dánta
II, eag. T. Ó Rathaile, Cló Ollscoile Corcaí, 1977, d. 134
Truagh an t-amharc-sa, a Ėire!
Le’m chroidhe is cúis deirbhile
Learga t’fhuinn
ghéagaigh ghairthe (fonn: land: tree branchy)
D’fhéagain do
dhuim dealaighthe. (féachain: mar gheall
ar… )
Blúirín
ó shearmóin a scríobhadh síos in iarthar Chorcaí, circa 1800. (Do Lochtuiv na
Tangan, eag P Ó Fiannachta Ėigse, d2-3 (Níl tagairt do bhliain a foilsithe anseo
agam anocht.)
Anis a níamuis na bacaí gan áiriov do néid
lucht chlachtihe an éihig le calís a n’íol agus a ginnach… (Ní raibh scríobh na Gaeilge ag an té a scríobh…)
Anois i n-éamais na bpeacaí gan áireamh do
níd (deinid) lucht chleachtaithe an éithigh, le calaois I ndíol agus i
gceabnnach etc., agus leis an míscéala do chumaid agus do leathanaid (a chumann
said agus a leathanann siad), agus lena ndéinid dochar agus díobháil mhór dhos
(do na) céadta, tá aon árdchoir amháin inar dóigh liom go mbíd mórán acu
ciontach, sé sin, i gceilt a bpeacaí i bhfaoisdin nó go háirithe i gcur slachta
bréige orthu, ar chor na tugaid staid fhírinneach a gcoinsiais chun soiluis.

No comments:
Post a Comment