Teacsanna II (Ȧbhar Nua Gach Aon Lá)

19/2/22

Cuid de dhán le Iain MacLachlainn. Rahoy, Morvern, (1804-74). Dochtúir ab ea é. Trachtann sé anseo ar ‘Clearances’ in Ardnamurchan in 1828. Tuath is Tighearna, eag Donald E. Meek, Scottish Gaelic Texts Society, 1995.

Direadh amach ri Beinn Shianta    (Dul: le)

Gur cianail tha mo smuaintean.

 

A’ faicinn ne beinne ‘na fásach

‘S í gun áiteach air a h-uachdar.

 

Sealltainn -síos thar a’ bhealaich,  (feachaint)

‘S ann agamsa tha ‘n sealladh fuaraidh.    (radharc)

 

‘S líonmhar bothan bochd gun áird air

Air gach taobh ‘nan láraich uaine.

 

Agus fárdach tha gun mhullach   (teach)

Is ‘na thulaich aig an fhuaran.

 

Far an robh ‘teine ‘s na páisdean.

‘S ann as áirde dh’fhás an luchair.

 

…Ach, fhir shainntaich rinn an droch-bheairt,

Liuthad teaglach bochd a ghluais thu:

 

…Smuaintich fhéin, nuair théid thu null bhuainn    (théann: uainn)

Mar bheir Rígh nan Dúl do dhuais dhut.

 

B’fhearr gun cuimhnicheadh tu tráth air, (Chuimhneachfadh: moch)

Mun tugadh am bás don uaigh thu.

 

An ceannaich thu le beirteas trócair?  (saibhreas)

Cha dean ór gu bráth a bhuannachd.

 

Bheil thu ‘n dúil gum faigh thu saorsainn

Leis na caoraich ‘s do chuid bhuailtean?

 

(“At one Sweep, the whole place was cleared, and the grounds added to the adjacent sheep farm of Mingary…attended with many acts of heartless cruelty on the part of the laird’s representatives….The proprietor at whose instances these ‘removals’ were carried out was Sir James Milles Riddell, Bart.”)


 

 

18/2/22

Stair Eamuinn uí Chléiridh (le Séaghain O Neachtain, Co Ros Chomáin, circa 1640-1729); tús, ó Irisleabhair na Gaeilge, Vol III, #32, 1889.

 Do bhí flaith uasal onórach, gaoiseach, grin, gear-thuigseach, oirdhearc, áard-mheanmach, da m-budh comhainm Eamonn Cléire, a (i) ccrích aluinn fhéurúaithne chomh-chomhthrom Connacht, agus lá n-aon dár eirigh air thulaigh áard fhad-amharcach…do chonnairc maighre maiseach mná, budh bhreaghtha dreach dealbh agus déanamh…agus (dúirt sí leis) do naisg sé (ie. Dia) do bhaing dhoisheachanta orm…cómhnuidhe do dhéanamh frat-sa (ie. leat-sa) air an ccumadhsa, tu go suthain, siorruidhe, cuideachta, comhbáidh agus caidreamh an chlúanaire thásgamhuil, Cuirm Searbh a (i) n-Deire (ie. an t-ól), agus a ghaolta do sheachnadh, óir is fír-bheagán, mádh tá aon duine air bith, a chumaileas leis, nách bí lán  do’n inis (sin galar do thig ar an m-bochtaine)…

 


17/2/22

Eamonn arís… (Vol III, #27, 1887)

Níor chian ann sin dóibh fa’n am a dtárla Bulcán buaidheartha leó. Do fhear fíor-chaoin fáilte fhriu go báidhheamhuil miochair muinnteardha, d’á n-arraidh leis d’á árus féin o bhíodar a duain san tír.

A dubhairt ann so an iomchuidheacht (ie a bhean féin) le h-Eamonn: ‘A Eamoinn, a mhúuirnín, ar sí, na freagair an fháilte nó an chuireadh; óir do chualaidh mise tasg agus mío-chlú an mhealltóra so. Is minic, lena ainmhian agus lena olc, a chuireas sé d’fhiachaibh air lucht eolais gabhail do mhiodóga rinneacha rinn-gheura I n-easnacha agus I n-innidhe a chéile gan truagh, gan taise, gan trócaire…

 



14/2/22

Tús Aislinge Óenguso (Sean-Ghaeilge), ó Aislinge Óenguso, ed. Francis Shaw, athchló 1976, Cló Chois Fhairrge. Ó láimhscribhinn Egerton 1782 a chuireadh le cheile le muintir Uí Mhaoilchonaire  in 1517.

Boí Óengus in n-aidchi n-aili inna chotlud. Co n-accae ní, in n-ingen cucci for crann siuil ó. Is sí as áilldem ro boí I n-Ėre. Luid Óengus do gabáil a llámae dia tabhairt cucci inna imdai. Co n-accae ní: -sceinn úsad opunn. Nicon fitir cia árluid húad. Boí and co arabárach. Nípo slán laiss a menmae…

(Oengus was asleep one night. He saw a girl coming toward him as he lay in his bed. She was the most beautiful that had ever been in Ireland. Oengus went to take her hand, to bring her to him in his bed. As he looked, she leapt away from him. He couldn’t tell where she had gone from him. His mind was troubled…

 



13/2/22

Blúirín de ‘Mharbhrainn a rinneadh do Pheata Coluim, a Mharbhadh le Abhag’ le Alasdair Mac Mhaighistir Alasdair, (1690s – circa 1770). (Gaelic Poetry in the Eighteenth Century, Association for Scottish Literary Studies, 1993, d. 16-17.

Bhí sé ar na daoine deireannacha in Alban go raibh eolas ar an dteanga liteartha  ‘Ghaeilge’ acu.

Aistriúchan leis an eagarthoir, Derick Thomson.

Is túrsach mo sgeul ri luaidh,

‘S gun chách d’ad chaoidh,

Mu bhás an fhir bu leanbail tuar.

‘S bu mheanbh ri chlaoidh.

 

‘S oil leam bás a’choluim chaoimh

Nach b’anagrach gnús,

A thuiteam le madadh gam beus

Dóbhrann nan cárn.

 

‘S is truaigh linn do bhás nan eun:

Mo chrádh nach beó,

Fhir a b’iteagach miotagach trial

Ge bu mheirbh do threóir.

 

(11 rann eile…)

 

(Sad is the tale I have to tell-

Since theothers do not mourn you—

Of the eeath of one who looked like a child

Fragile, easily hurt.

 

I hate to think of the death of the gentle dove

That was not given to quarrelling,

that he was killed by a cur whose nature

Was that of the otter who lives among the rocks.

 

Your death affects us more than that of other birds”

It causes me pain that you are dead.

You who moved with mincing steps, showing your feathers

Slight though your strength was.)



 

12/2/22 Tús scéil Phinocchio, curtha i nGaeilge ag Pádraig ó Buachalla, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933.

Bhí ann tráth…’Rí’ adéarfaidh na léightheóirí beaga láithreach. Níorbh é, a leanbhaí. Tá dearmhad orraibh. Smután adhmaid a bhí ann.

Níor smután d’adhmaid dhílis féin é, ach smután choinnídh—ceann de ba smután a cuirtear sa teallach chun na teíne a dheargadh agus chun na dtíghthe a théidheadh.

Ní fheadar sa cheart cionnus mar a thuit sé amach, ach seo mar a bhí an sgéal ag an smután adhmaid. Do ráinig do  bheith i gcéardchain siúinéara gurbh ainm do Antonio Céardai. Do tugtaí Silín Céardaidhe air, mar bhí dath cróndearg ar a chuingcín (srón)  mar a bhíonn ar shilín aibidh.


11/2/22 Blúirin ó sheanhas Tadhg Uí Bhuachalla (‘An Táilliúr’ is. ‘The Tailor and Ansty’) ó Sheanchas an Táilliúra, eag. Aindrias ó Muimhneacháin, Cló Mercier, 1978, d. 86

Ní ghéillfeadh daoine do(s) na rudaí seo anois, mar níl aon ní den tsórt san ann, buíochas le Dia, ach ní raibh an scéal mar sin i gcónaí. Chuaigh an saol i bhfeabhas. Ní raibh sagairt agus bráithre ann an uair sin mar atáid said anois. Ó Dhroichead na Toinne siar go Cóm Rua, ní raibh ach sagart amháin sa tseana-shaol. Sin seacht mile déag slí. Ansan, tóg thall is abhus é, ar a fhaid agus ara leithead, agus sin dúthaigh mhór. Tá trí sagart ann anois (1942). Cailleadh a lán daoine gan Ola nuair ná raibh na sagairt ann, agus is dócha gurbh shin é an chúis go raibh Purgadóireacht orthu ansan, agus daoine ón saol eile á bhfeiscint go tiubh.



 10/2/22

Blúirín ó Fhealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill (1802-1867, oirthuaisceart na Mí), an Clóchomhar, 1967, eag Colm Beckett. D.144.

Ach an méid de na hearca (ainimhithe) seo a bhíos i seilbh an duine, ní bhíonn siad chomh heolaí leis an gcuid a chònaíos i measc namhad: nó (toisc; Béarls: ‘because’) tugann an nádúr sciath shabhála dóibh mar a thugas sí do na creatúir eile, de bhrí go bhfuil an duine ina sciath dhídine dóibh, agus go ndéanann faire agus reagaireacht os a gcionn á gcoimeád agus á gcumhdach.

 


9/2/22

Aodh Mac Domhnaill, d. 128.

Is luibh an gas searbhán (caisearbháin) ar a bhfuil aithne ar furmhór na ndaoine, agus atá faoi mheas mór acu, agus is fíor go bhfuil suáilce mhór ann. Má itear na duilleoge nuair a bhíonn siad óg, teannann siad an fhuil, agus leigheasann an scurchaí agus mórán eile e ghalair a bhís san fhuil. Agus má thógtar an rúta friseáilte agus a bhruith ar uisce agus a ólgo líonmhar, oibríonn sé go hiomarcach san fuail. Agus tugann leis cloche beaga, agus leigheasann cloche fuail, agus fós goropais agus a lán aicídí den sort sin.

 


8/2/22

Blúirín ó Arundel 333, láimhscribhínn a scríobhadh i gCo, an Chláir agus i gCo, Chorcaí circa 1514-1519., agus atá sa Bhritish Museum (British Library sa lá atá inniú ann), “Medical Metaphysical and Physical Tracts atá ann de reir Standish Hayes O’Grady. Tugaim a aistriàchain féin air, ós é is fear chuige sin de mhuinntir na hĖireann. (Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum, Volime 1, 1926,

Foillsigther and so an chúis ó tic dorcadus nádúrtha ar an ré re nabar eclipsis. Ocus adermaid dochum an derbaid sin ós ó an groin ghabus an ré solus (ocus ó) nach fuil ní ele ann do boinfedh an solus sin de acht an talamh, corab é scáili na talman bhís co dírech idir an gréin ocus an ré, téid a timchell an ré ocus benus solus na gréine dhe.

(Here is set forth the cause whence upon the Moon comes a natural darkness which is called Eclipsis. In order to which proof we affirm that (since ‘t is from the Sun the Moon derives her light, and since except the Earth, there is naught else to deprive her of that light), it is the shadow of the Earth, she being directly between the Sun and the Moon, which envelops the Moon and deprives her of the Sun’s light.)

6/2/22  

Kuno Meyer in Zeitscrift fur Celtische Philologie, II (Aistriúchain leis féin).

Lámhscribhínn H. 3,18 , d 478 .

Uch, a lám   ar scribhis do memrum bán!

Béra in memrum fá buaidh   is bethair-si ad benn lom cuaill cnám

 

Alas, oh hand, how much thou hast written of white parchment!

Thou wilt make famous the parchment, while thou thyself will be the bare peak of a faggot of bones.

 

Lebor Brecc, d 223

 

Mór an bét!  Immad sliged ocus sét

Tar lebaid ne sruthi soer   tar nar’chóir acht oóen do chét.



 

Great is the pity!  Many are the ways and roads

Across the beds of the noble rivers   across which but one in a hundred is right.4/2/22

Blúirín as dán le Cormac an Chúil mac Mathabhain Ṓ Luinín do Sir Richard Cox (Sasanach)(1650-1733). Cladhaire ceart ab ea Cox a dhishealbhaigh mórán daoine le cealg agus a chruinnigh saibhreas dó féin. Chabhraigh sé, mar Lord Chancellor, le Penal Laws an-docht a chuir i bhfeidhm.

Tosnaíonn an dán faoi mar ba dhán mólta do Cox é, ach masla gach cheann de na guí dó as sin amach.

Thogas so as ‘A Courtly Poem for Sir Richard Cox’, a chuireadh i gcló in Eigse. (Níl tagairt agam don uimhir anseo.) Shíl an t-eagarthóir (Donal O’ Sullivan) gur ghnáth-dhán é, nó gur chuir O Cuív (?) ar a shuile dó nach é.

Ní foláir nó gur fear léinn as Fear Manach an Luinníneach.

An litriú faoi mar atá sa láimhscribhínn, ach amháin gur scríobhas ‘i’ (Béarla ‘in’) in ionad ‘a.’

 

1)      1)                 A Risteárd mhuirnidh na gcreach

Go maire tú fá oineach;

Nár théidh tú go hifrion na gceall,

‘s go raibh tú beó again tamull.

 

7)            Ná raibh tú ‘do shuidhe air an lair bháin

                Is neasgóid cháoch ar do leath-mhás;

                ‘s má bhainionn chaoíche dhuit a dul amach

                Go seachnaidh Críost ort an spíoralach.

 

8)            Ná raibh gearbóg nimhneach ad chúl

                Is tú dul a bhoxáil le saighdúir:

                Nár thuitidh do bhrisde dhíot (i) gcath

                ‘s gan cnaipe nó poll ‘na bhásta,

                ‘s retréut ort go sgártha sganlach.

 


 

 

 

3/2/22

 Tuilleadh de ‘Cox”

 

10)          Ná raibh tú et (agus) cailleach an hata

                Ag crois margaidh lá geimhríota,

    Is caim-béul ort go suighe do chlúis,

    A’ bollscaireacht báiléd go crith-fhuar. (ie. Street singer)

 

11)          Galar sgrathach ná raibh ort

                Is sgafach iongan i n-éinfheacht

    Le bruid thochais, is tú ar crith,

                Ag síor-chur do thón le gríosaigh

 

12)          Ná raibh tú ‘do dheóraidhe bhocht

                Ar feadh Fódhla i’d fhuighioll mallacht,

                Gan bhiadh, gan éadach, gan mhaoin,

                Ag síor’dhéirce go diamhaoín.



3/2/22

Blúirín ó sheanchas William Ferguson, Morvern, Argyllshire, Alba, 1972-3. Cuireadh í gcló in Tochar, uimhir a 3, 1973 é. Níl aon Ghaidhlig i Morvern (Mor-Bheinn) inniú, muna bhfuil cuid de na daoine ó Hiorta (St. Kilda) a chuir fúthu ann nuair a treigeadh an t-oileán beo fós. (Ní duine de mhuintir Hiorta é William Ferguson.)

'S e duine míorbhailteach bha ann an (ie. ‘i’)  Lachlan Casruisgte (barefoot). Cha robh aodach air coltach (cosúil) ri (le) daoine éile – píos de phócannan (sacking), a’s sin uile. Bha e na ba trice (níos minicí) san uisge. Bha e coltach ri rón. Bha e cho math ri rón. Bha e cho tric san uisge ‘s bha e air sráid. Agus san oidhche, an áite dhol a laighe mar dhaoine eile, chaidleadh e air feadh a’ chruidh (Ba/Beithigh) Agus bha iad a’ cur as a leth (leith) gun cuireadh e an t-seine (cow’s teat) ‘na bheul. Chan eil fhios a’m, ach bha sin air a chur as a leth…


 

2/2/22

Lachlan Casruisgte arís.

Oidhche uamharraidh fhiadhaich (an-fhiáin) a’ tighinn (teacht) thairis (thar) air Caol Muile, bha Sheriff Nicholson (1827-1893?) a’ deanadh an aiseag (crossing), ‘us d’iarr Lachlann Casruisgte an t-aiseag air…’us nuair a tháinig iad gu meadhon a’ Chaoil, cha a’ coltas (cosúlacht) orra (orthu) gu robh iad dol fodha (fúthu), agus d’iarr Lachlann Casruisgte air an ailm (helm) thoirt dá, ach thug e glamhach air (snapped at him) ‘us thurt e ris (leis) gu robh fios aige na b’fhearr (níos fearr) na bha aige-san: ach co-dhiú (ar aon chuma), dh’fhás e cho dona ‘s mu dheireadh (sa deireadh) gun d’thuirt e (gur duirt) ‘Seo dhut e, ma tá,’ agus thuirt Lachlann, ‘Well, socair mionaid bheag,’ agus chaidh e air feadh a’ bháta (bád) agus d’atharraich e am (an) balance, agus a’sin, ghabh e an ailm, agus a’ chuid ‘s a chuid (de réir a chéile), ráinig (sroich) iad thall, agus nuair a ráinig iad an cladach, ‘s bha e a’ leum air tír, thuirt an siorram (sheriff) ris: “Dé mar a dh’aithnich thu gu robh am balance air feum atharrachadh?’ (gur ghá an balance a athrú).

‘Se ceist eile tha sin, a shiorram, a chiallan’ (‘mo chroí’), thuirt eisean, is dh’fhalbh e.



 

 

1/2/22

Amhrán Feabhra, dán le Máire Mac an tSaoin, Margadh na Saoire, Sáirséal agus Dill, 1971, d.54

Táim i mbun a réiteach

An mó Domhantaí agam

Caite ag siúil im aonar

                Sleibhte Átha Cliath dhom—

 

Is go mb’fhearr liom ná féadfainn:

                Ní haon abhar maíte

Oiread san de laethannta

                Caite i mbun baoise:

 

Ogbhean nár thug toil dom—

                Éireom as!

Bóthar fadafliuch romham—

Díomhaointeas glan!

 

Ach tagann an fhearthainn de ghualainn na gaithe

                Droim máma isteach…

Féach nach in aisce a baisteadh ort Bríde—

                Ní fuacht go hEarrach!

 


 31/1/22

 An Ceann Cait (Micheál O Súilleabháin, Tuath Ó Siosta (Ciarraí) (d. 138, Seanchas ó’n gCeachainn, Béaloideas, 19??)

 Tá éan eile, aguis ní héiríonn sé amach go dtí titim na hoíche…Sé an t-éan is boichte é do ch’nuic éinne ariamh. Tá sé ana-mhór nuair a bhíonn na sciatháin ar leathadh aige…Agus tá sé lán de chlúmh—níl aon bhlúire taobh istigh do’n chlúmh ach an cnámh.

 Is minic a startálas ceann aca sa lá, aguis ní raghaidís thar do fhaid féin uait go raghaidís go tor eile, agus dá mbeifeá chomh h-amadánta agus breith ortha, do stollfaidís leis an ngob aguis leis na cosaibh thú. Sé áit go ndeinid said a nead anuas ar an lic—Ní dhinid said nead ná blúire ach dhá uibhín bhána do bhreith anuas ar an lic agus iad a ghr. Sé dath a bhíonn ortha—iad crón-dubh ionnta féin agus clúmh deas ortha.


30/1/22

 Blúirín ó scéal Sheàin Uí Chonchuhair, (A Chéad Ghrádh), An Branar, vol. 1, #4, 1919. D’fhoghlaim an Conchúrach Gaeilge óna athair féin, fear ó iarthar Luimhnigh.

 Ndiaidh ar ndiadh, do reir mar bhí sé ag dul i dtaithí an tsolais,--nó an dorchadais—do bhrath sé go raibh sé ina luidhe ar leaba i seomra éigin. Níorbh é a sheomra féin é, ámh, níorbh í a leaba féin a bhí fé (faoi). Bhí pictiúirí ar na fallaibh ann agus conncathas dó anois go raibh an mhaidean agus an leanbh ar cheann aca so. Thug sé iarracht ar iompódh. Ní túisce thug, ná do chuir an doig do ghluais fan a bhall beatha in umhail dó go raibh sé leointe, basgtha; agus, san am chéadna, do bhraith sé go raibh céiríní casta timcheall a chin agus a cholna. Cad do bhí tar éis imtheachta in aon chor air? Ba léir gur thuit ciotrainn éigin amach dó agus gur gonadh go mór é. Ach conas?


29/1/22

 Tuilleadh ó scéal Mhurchaidh na Cointinne, Scéalta Johnny Shéamaisín Uí Dhónaill, Comhaltas Uladh, 1974, d.82) Feic 13/1/22

 Bhí buachaill bealachtach san áit a lig é féin le drabhlás. Nuair nach bhfuair sé lámh scaoilte ag Murchadh leis an ór, ní raibh faoi ná thairis ach cad é mar ghoidfeadh sé air. Lá amháin a chonaic sé Murchadh ag dul chun an mhargaidh, chuaigh sé chuig an bhean simplí agus thosaigh a chomhrá léi fána mac.

 ‘Maise, níl aithne agam ort,” ar sise. “An miste dom a fhiafrí cárb as thú?’

 ‘Ní miste,’ arsa an cleasaí. ‘’As na Flaithis mé.’

 “Orú,’ ar sise. ‘An bhfaca tú mo Mhurcadh beag?’

 ‘Chonaic,’ ar seisean. ‘Is mise comrádaí Murchaidh bhig.’

 “Cad é mar atá mo leanbh?’

 ‘Tá, go hocrach,’ ar seisean. ‘Níl ceachtar again ag fail a sháith le hithe.’

 ‘Agus nach bhfuil bia sna Flaithis ach mar sin?’ ar sise.

 ’Tá,’ ar seisean, ‘ach níl ór again lena cheannach.’


 28/1/22

 Amlaoibh Ó Súilleabháin, Callan, Co Chill Choinnigh, 27/5/1828 (Cín Lae. D. 37)

 Is cuimhin liomsa an t-am, timpeall 35 bliana ó shin ina mbíodh pís is pónaire ag gach scológ ábalta, ach chuireadar na potátaí as data iad. Is tearc duine anois a chuireann iad ach daoine uaisle amhain…

 29/6/28: Lá brothallach. Iomáin ar Fhaiche an Aonaigh. Fuaireas titim ó dhailtín, ach níor tháire domhsa é, óir thugas chum talún eisean. Is minic do leag cac bó fear maith.

Tá rás na raithní faoi gach ní ag fás anois.

30/6/28: Chím bean le lán a glaice den cheannabháin beag. Ní dhéanfaidh sí leis ach a chuimilt ar fhíoruisce fuar idir chos, duaille agus bhláth nó go mbeidh coipeadh air mar shobal gallúnaí, agus an t-uisce sin a thabhairt le n-ól do dhuine tinn ar fhiabhras beag.



1/27/22

 Blúirín ó Dialann Amhlaoibh Uí Shúillleabháin, 11/5/1830 (d. 79)

 Seo mar a roinnid muintir na tuaithe tráthanna an lae agus na hoíche:1)Breacadh an lae i. solas ‘fear le tor.’ 2) An chéad chamhaoir den lá. 3) Deargmhaidin.1. fainne an lae. 4) Eirí gréine. 5) Lá. glan. .i. lá geal. 6) Am céalacan do bhriseadh, vulgo aimsir bhricfeast. 7) Am chrúite na mba. 8) Maidin .i. ó bhracadh an lae go mean lae. 9) Meán lae. 10) Am proinne, vulgo aimsir dhinnéar. 11) Tráthnóna. 12) Deireadh lae. 13) Luí gréine. 14) Crónú lae. 15) Solas fear le tor. 16) Aimsir chodach. 17) Oíche. 18) Urthosach oíche. 19) Tosach oíche. 20) I bhfad san oíche nó láimh le mean oíche. 21) Meán oíche. 22) Céad ghlao an choiligh. 23) An dara glao den choileach. 24) Deireadh oíche nó teacht an lae.

 Seo an Béarla a chuir sé air:

 

ybreak 2) The first blush of Aurora 3) Aurora .i. the rosy blushes before sunrise 4) Sunrise 5) Full day of a cloudy morning 6) Breakfast time 7) Cowmilking time 8) Morning 9) Mid-day 10) Dinner time about one o’clock 11) About three o’clock in the evening 12) Evening 13) Sunset 14) Twilight after sunset 15) The extreme of day immediately approaching absolute night 16) Supper time, about eight o’clock 17) Night 18) First shades of night 19) First start of the night 20) Far advanced in the night or near midnight 21) Midnight 22) Forst cockcrow 23) Second cockcrow 24) Approaching day

 



26/1/22

Blúirín ó Mise an fear Ceoil, Séamas Ennis  - Dialann Taistil 1942-1946, Cló Iar-Chonnachta 2007, d. 294

Dúlainn, Co an Chláir, 1945: Chodlaíos píosa den mhaidin, mar bhí sé fliuch, bog. Chuas suas tráthnóna bealach an chaisleáin go dtí ‘Darby Griffy’, cara le O Duilearga. Féirín beag suaimhneach socair é agus é an-tsuáilceach. Rinne muid greas mór comhrá le chéile agus dúirt sé dhom dhá amhrán – sin é a bhfuil aige dhíobh --  A Dhia, Saor Eire!’ agus ceann ráiméisiúil eile ar fhonn An Lachóigín Bhán…

Duine den tseansaol é Darby Griffy seo agus facthas dom nuair a d’imigh sé uaim go raibh mé i ndiaidh siúl isteach arís insa saol atá mé féin is thú féin ag caitheamh inniu, agus ní de thairbhe an ábhar comhrá a bhí again é, ach bealach eicínt nach dtuigim. Agus ní hé Darby an chéad duine ar tharla sé seo dhom leis, nó bhí an chaoi chéanna ag gabháil le daoine eile a dtug mé tamall ina gcuideachtain fud na tire.

Shiúil mé siar liom féin ag iarradh an cheist seo a thaighde in m’aigne, ach nuair a tháinig mé tigh Miss Murphy, bhí sé chomh fada ó réitach is bhí nuair a chroith Darby lámh liom thoir.


 

25/1/22

Blúirín as Seanchas Thomáis Laighléis, eag Tomás de Bhaldraithe, an Clóchomhar, 1977. (d.104)

Fear ó Mhionlach, Co na Gaillimhe, trí mhíle ó thuaidh ó chathair na Gaillimhe, ab ea Tomàs. Gaeilge a bhí san àit fós, cé na raibh sí ag na daoine óga. Gaeilge Oirthir na Gaillimhe a bhí ann, seachas Gaeilge Chonamara.

‘Ag teacht aniar ón reilig tar éis é a bheith curthsa, d’iarr an tAthair Grogan orm na to the a theaspáint dó a raibh an fliú (Spanish Flu 1918) iontu. Ní raibh mórán eolais ar na daoine ná ar an mbaile aige.

‘Anois,’ a deirim ag teaspáint an chéad teach dó, ‘cuir gearradh éadain ar an mbaile ar fad mura bhfuil corr-theach.’

‘Bhfuil sé chomh dona sin?’ a deir sé.

‘Tá,’ deirim.

Níor bhuail an fliú san achar sin mé ná aon duine sa teach. Bhí daoine ag rá go raibh sé tógálach. Ní cheapfainn go raibh. Fuaigh (chuaigh) mé isteach i dtithe a raibh an líon tí ar fad thíos leis agus níor chuir sé blas strú orm. Bhí teach thoir ag ceann an bhóithrín agus bean leí féin a bhí ag cónaí ann. Ní raibh duine a bhéarfadh sop ná bolgam chuici, bhí an fliú orthu ar fad. Bhinn ag éirí dubh gach uile mhaidin agus chomh luath is a bheadh an tine lasta, théinn sáspan bainne agus rithinn soir chuici leis. D’éiríodh a croí nuair a bhuailinn rap ar an bhfuinneog ar maidin, an rímeád a bhíodh uirthi go raibh an oíche caite agus gur gear go mbeadh sé ina lá.




24/1/22

Ó Fhealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, eag, Colm Beckett, An Clóchomhar, 1967. (Cur síos ar luíbheanna agus ar ainimhithe atá ann.)

Múnteoir i dtuaisceart Co na Mí (1802 – 1853(?) ab ea Aodh O Domhnaill.

D. 193

An broc… Is é is gainne de na hearca seo, agus is annamh a fheictear é faoin mínleach, ach is ar feadh na sléibhte is gnáth leis síolrú. Bhí an t-oileán seo lán den sort seo mion-eallaigh sa sean-reacht, agus ba mhór an toghis leis na sinsir bheith á seilg. Ach is é an gcraiceann ba mhórluachaí den earc seo, mar nach ndéanann daoine úsáid dá fheoil…Ach sa tsean-aimsir, ba ghnáth leis na sealgairí bagún a dhéanamh den bhroc, ach anois síltear é a bheith neamh-ghlan.

Agus ní hionann beatha a dtiocfaidís suas air sa sean-reacht agus a dtagann siad anois, óir b’ionúin leis an mbroc measa, agus is orthu is mí a thiocfaidís i dtír nó gur gearradh na sean-choillte agus gur imigh na rosáin ar neamhní mar a bhfásfadh an bheatha laethúil a d’ithidís,



 

23/1/22

Cin Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, Callan, Co Chill Choinnigh, 28/10/1833

Bádh Seán na Gealaí O Donnchú aréir i ndig uisce i nGráig  Amlaoibh, ag imeacht abhaile go Doirín, láimmh le Tigh na hInse dó. Is cosúil gurb ar meisce  bhí sé, rud ba ghnáth leis. Is é fath fár (leis gur) glaodh Seán na Gealaí air, níor ghnáth leis imeacht abhaile ó Challainn an Chlampair go h-éirí na gealaí, oíche dhuibh-ré, agus ba ghnáth-fhocal ina bhéal ‘Imeod abhaile le solas na gealaí.’ Ach faraor cráite, bádh aréir é i ndeireadh a scribe, cia go raibh an ré lán agus solas na gealaí aige. Ach ní raibh solas ina shúilibh, óir d’ól sé ainiomad uisce beatha agus leanna. Ba mhac do Eamann Gearr O Donnchú é ón Doirín. Bhí Seán na Gealaí air mar fhorainm ina óigeacht, óir do measadh gur bhuachaill geilt é.i. duine faoi réim na gealaí.



 

22/1/22  Blúirín ó Fonn a Níos Fiach, úr-scéal le Pádraig Ua Maoileoin, Carbad, 1978 (d. 87)

Ag machnamh ar na nitha saolta seo a bhí Seán agus é ag druidim leis soir ag déanamh ar Ghleann Seathrúin. Ní mór ná go raibh an giorria caite as a cheann aige. Is ar oilithreacht a bhí sé, oilithreacht ná raibh aon bhaint le hanam ná le spiorád an duine aici, ach ceann diamhair do-thuisceanna éigin a tháinig chuige aniar trí na haoiseanna nuair a thiomáineadh an t-ocras an chéad fhear amach as a phluais ag soláthar creiche dó féin agus dá mhuirear. Fórsa éigin bunúsach a bhí ag pléascadh chuige aníos as a bhléantacha agus as bun a bhoilg a bhí á tiomáint. Bhí an t-ocras imithe, agus an fórsa seo tagtha ar barr ina ionad, seilbh glactha ar a cholann ar fad aige mar bheadh scailp. Ar thóir a anama féin a bhí sé anois.




 

21/2/22  Dán le Máire Mac an tSaoin Margadh na Saoire, Sáirseál agus Dill, 1971. (Ana-leabhar!)

Freagra

 

‘Ná tabhair chun seanabhróga é mar ghrá—

Éirímis as, anois an t-am again:

Grá bocht díamhaoin nár ghabh riamh thar chomhrá,

Nár theann go tráth na bpóg, grá scanraithe

A dhiúltaigh roimh adhmháil. Ná mealltar sinn

Fé ghrian aon pheata lae: ní fiú an barr

Fionraí go teacht an fhómhair—ó cabhraigh liom!

Do shroich an phréamh an croí is do chuaigh go lár!’

 

‘Och, a mhaoinín, nà goil go fóill—

Luigh leis an àthas atá anoid féd reir (Faoi do)

Nà santaigh síireiteach is síoréaló,

Ná féach chun cinn, ach glac gach ní ina chéim…

Sólás nó pian go humhal ó ló go ló…

                Ní briseadh croí is dán do gach aon spéir.’




 20/1/22

Sunt Lacrimae Rerum – Do Shéamus Ennis (nuair a d'éag sé)

Dán le Máire Mhac an tSaoi, mar a nocht ar dtúis san Irish Times.

 

Sianaíl ag síofraí. Geimhreata an gheoin!

Caoighol ag síomhná i bhfogus is fós

Siar go rinn duimhche! A Dhoinn, scaoil an sceol! (Tagairt do dhán le hAindrias Mac Cruitín, 18ù aois)

 

Suaiste í,

               Uaill an druma mhóir –

                Tarraing go tréan.

                Dlúigh iad,    gach buaille ina choir,

                Tuargan an léin.

 

Tiarna,

                Iar n-ídeach don gceol,

Gabhann chun an chré.

 

Fásach gan cláirseach, fad tharla an Teamhair ‘na fear:

Go h-anois áfach téarnamh ón éag

Níor chuaig dár ndóchas. Feasta tám tréith.

 

Ruaig ar

lucht leasa agus bhró,

 mathshlua an aeir!

 

Gruagaigh

na scairte i lí-sheol,

 chuchu an chíréip!

 

Grian-áras

                Aongusa ar Bhóinn

Spéirling do réab!

 

Iocht broinne an aithrigh bheir bláth ar bhachall droighin:

De shians chroit Oirféis an gallán cloiche rinc:

Ach, a ríphíobaire Eireann, clos duit ní dán arís (choíche)










17/1/22

Blúirín ó Sgéal Triúr mac na Bárr Sgolóige a d’inis Antoine Mac Aontaigh i 1903. (d. 24, An Lampa Draoidheachta agus Naoi Sgéalta eile, Micheál O Tiománaidhe do bhailigh, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1935.)

Bhí fadó shoin triúr mac na Bárr-Sgolóige. Ní raibh rud ar bith ciotach ortha, ach trí ní. Ní raibh ‘fhios aca goice aca (cé acu) ba ghoire dhóbhtha ifreann nó Flaitheas. Ní raibh ‘fhios acu cé ba ghoire dóbhtha an t-athair nó an mhathair, nó cé acu ar fhear an tighe nó ar an gcoithidheach bhí an chéad sgéal.

Dubhairt siad le chéile annsin, an triúr aca, go n-imtheochadh said agus nach stopfadh siad a choidhche go bhfágfadh siad amach na trí nidh sin. Dubhairt an fear ba sine gurb é an poinnte a b’fhearr dóbhtha, dul ar aimsir. Dubhairt fear aca go rachadh sé ag foghlaim bùistearachta. Dubhairt an darna fear go rachadh sé le feilméaracht, agus dubhairt an triomhadh fear go rachadh sé le fiannadóireacht.


Is ar éigin go bhfuil focal Ghaeilge in Acaill anois.


15/1/22

A cat poem from Waterford. It was made by an old man – a poet -- in Killrosanty sometime before 1903. He is sending a New Year’s card with a picture of a cat on it to the woman he had been in love with as a young man. (He seems to have stayed in distant touch with her after she and her family emigrated to America.)

 Bail ó Dhia ort, séan a’s rath,

        ‘s nàr bhaine spíach leat ar an mbliain seo ag teacht.

  • Bí i’d thost go fóill a’s cluthaig lem’ ais,
  • Go neosad sceol duit gan claon gan chleas.
  • Is cian mo chuaird ag trial thar lear,
  • Ó’n gComarach suairc na sruthàn geal,
  • Cónaíonn cois sléibhe ann fear bocht àit,
  • Is cuma cé hé; s é ‘luaigh liom teacht.
  • Dúirt sé liom go rabhais gan cat,
  • Lucha agus francaigh allta od’ chreach,
  • Ag struilleadh gach ball, gach am gan stad,
  • A’s poll sa trunc taobh thall den nglas.
  • Ní tóin le griosach mé, nà spreas,
  • Ach seíbineach groí den síolrach ceart,
  • Is gear mo ghaol leis an tseanchat glas
  • Bhí i gCom Machan na gcraobh agad’ mhuintír seal.
  • Muirnín gleoite do phléadha cheart,
  • Ag scíobadh gach spola bhíodh méith nó maith.
  • Fuair mé i’m thógaint leamhnach ba,
  • A’s bainne bhí sóil ó’n ngaibhairín breac.
  • Mà gheibhim siúd uaitse, cóir a’s ceart.
  • Togha gach só mar sport dom’ chab,
  • Ní luch nà francach thiar nà theas
  • Gheobhaidh an ball nà díolfaidh as:
  • Is géar mo shúil, ‘s tàim lúfar pras,
  • ‘s é an t-àdh a sheol chughat mé a Bhrídín deas.
  •  
  • (Original in Riobard Bheldon: Amhràin agus Dànta, edited by Pàdraig O Machàin, Poddle Press, 1995. A great book!)

  • Blessing of God on you, good luck and prosperity,
  • And may no misfortune happen to you in the coming year,
  • Listen a moment and come here beside me
  • Until I tell you something straight and true.
  • A long way over the sea I have traveled,
  • From the pleasant Comeraghs with their shining streams.
  • There beside the mountain lives an odd poor man:
  • never mind who he is, but he told me to come.
  • He said to me that you now had no cat,
  • with the mice and the rats destroying you,
  • tearing the clothes apart, all times of day and night,
  • With a hole in the trunk now beside the clasp.
  • I’m no lazer by the fireplace, no worthless fool,
  • but a bold bruiser of proper race,
  • a close kinsman of the old gray cat
  • your people kept long ago in leafy Com Machan:
  • a dear little thing who’d make his needs known,
  • carrying away any morsel that was fat or good.
  • I was raised on good fresh whole cow’s milk
  • And on the tasty milk from the multi-colored goat.
  • If I’ll get those from you, everything right and proper,
  • The choice of every good food as pleasure for my mouth,
  • There’s no mouse or rat, neither east or west,
  • Who, if they appeared, would not pay the penalty.
  • My eyesight is good, and I’m graceful and fast,
  • And it’s good luck sent me to you, fair Bridget.


14/1/22

A léitheoir, guim agus achainim thú, agus na tabhair breithiúnas obann agus na déan cinnsireacht ar an lag-ealáin seo, oir ní h-ionadh gan í a bheith in eager ceart, a’s gan m’intinn féin socair na suaimhneach, ó thaining bruiteacht agus gall-tochas na traibhlearacht i mo cheann. Ar an ábhar sin, na breathnaigh na focail go grinn nó go ro-staidéartha, ach lean mé ar mo lorg anois i mo shíor-shiúl trì gach conair inar ghabhas agus tar éis turais fada tríd an doi-ealaín seo, codlóidh tu (mo bharúil) go suaimhneach.
                                               
                                                                        -Tomas O Caiside, Eachtra Thomais Ui Caiside




13/1/22

Blúirín ó scéal Murchadh na Cointinne, ón leabhar Scéalta, le Johnny Shéamaisín uí Dhónaill  (1863-1948, Rann na Feirste), 1974

Ní raibh ag Murchadh na Cointinne agus ag a bhean ach aon mhac amháin. Murchadh beag ab ainm dó. Ní thabharfadh a athair leithead píonna ar óir dó. Agus i dtaca lenamhathair de, bhí sé chomh cúramach aici leis an tsúil a bhí ina ceann.

Níor mhór agus níorbh ann gur bhuail tinneas Murchadh beag agus go bhfuair sé bás. Ní raibh as a béal ó lá go lá ach a Murchadh beag, agus chaiagh an scéal ar fud na comharsan gur tháinig seachrán uirthi.

Charbh é sin don athair é. Nuair a fágadh gan mhac é a bheadh ina chuidiú aige i ndeireadh a shaoil, thosaigh sé a bhailiú agus a chruinniú fá choinne na coise tinne. Thaisc sé riamh go dtí go raibh lán leathstoca de ór aige.

D’inis bean an tí do bhean na comharsan go raibh an t-ór ag Murchadh. “Ní scéal ruin é ó chluineas triúir é.” Níorbh fhada go raibh a fhios ag an tír thalaimh fá ór Mhurchaidh na Cointinne…



12/1/22

Blúirín ó drama Piarais de Hindeberg (1863-1916, Port Lách, Co Phort Lairge) , Coir in Aghaidh an Chaim agus Cam in Aghaidh an Choir. Dob fhiú an cúntas air atá ar fail in Ainm.ie a léamh.    (Chuireas litriú an lae inniú air, ar an gcuid is mó de. Maith dom aon dearmhad, le do thóil…)

An Gobán Saor:  Bhfuil an rí istigh?

Doirseoir: Cé hé tusa?

G: Mise an Gobán Saor agus so mo mhac.

D: Scrios leat as sin in aimn an diachair, nó cuiridh mise na madaí leat.

An Rí: Cé tá ansin?

D: Tá falmaire geocaigh do mhuintir na hEireann dtugtar an Gobán Saor air agus a dhailtín mic.

R: O, scaoil isteach iad. Oscail na fuinneóga, ar son Dia.

G: An tusa an rí?

R: Is mé.

G: Gabhaim pardún agat. Isé thug i leith mé ach go dtáinig teachtaireacht uait a fhuráil orainn teacht agus caisleán a thógáil duit.

D: An bhfeacaidh aoinne a leithéid do mhustar ariamh? Bainidh bhúr hataí dhíbh agus luighidh ar bhur nglúinibh (dative plural). Maiste, sé sin féin é.



 

11/1/22 Ar lean ó 12/1/22

G: Go raibh maith agat, a dhuine uasail. Bainfead an tsean-phleidhe díom más meabhair leat é, ach ní fhéadfainn luí ar mo ghlúinibh, óir is siar atá meal mo dhá ghlún agus m’ioscaidí romham.

R: Ná feaca tú aon rí riamh?

G: Ní fheaca, a laoigh.

Rí leis a teachaire” Leig dóibh. Daoine bochta simplí is ea iad. An croí bog agus ceann gan chiall. Níl locht orra ach gur gnáth díomhain salach iad. Ach i gcúrsaibh gaoise, níl sí ag baint leo ach oiread is do bheadh le leanbh. Gheobhthá (ie. Dob fhéidir leat) iad do mhealladh le sop, a dtarraingt le broth agus a gcrochadh le súgán. Díolfad-sa fiach a sláinte leo nuair a bheidh mé réidh leo ar an ball. Ní bheidh i ndán dóibh ach córda caol-righin cnáibe agus a dtuitim i ngabhail na croiche. Ach leig dóibh feasta. Tabhair bia agus bladar dóibh anois agus scaoil ag obair iad.




10/1/22 Ar lean ó 11/1/22

Sa phroinn-tigh don Gobán…

Mac: Is maith fear, fear tighe i bhfuileam. Fear fáilteach, flaithiúil fairsinge. Ni fheadar ba laigche beo.

G: Sea, fear féile na bhfeillbheart. Drannadh an mhadra go deo agus gáire an tSasanaigh. Gamall bog maol tusa ná cruinneóidh ciall ná cruadhas go gcruaidhe an bás tú. Maiste, mhaise, geallaim-se dhuit go raibh meang go dubh linn ina chroí sin, agus rún ár míllte idir an dá shúil aige. O, tá sé istigh ansin go dóite. Do bhí an cam is an díreach fa n-a shaor-thoil agus rug sé an cam do rogha. Beidh an cam ina dhíreach nó bead-sa in iúl (ie maith mo dhothain) dó sin. Beidh pleidhe air sara bhead-sa réidh leis, ná bíodh eagla ort.

M: Cad a dhéanfaidh tú leis?

G: Cad a dhéanfaidh mé leis ach naoi gcleasa an cheardaí do imirt air…


1/7/22

Blúirín ó chín lae Amlaoibh Uí Shúulleabháin ó Chalann, Co Chill Choinnigh. 18 Iúil, 1830 (d 71-72, Cín Lae Amlaoibh, eag, T. de Bhaldraithe, An Clóchomhar, 1976. )

Bhíodh bia gann go maith, July an Ghorta (‘Buí-mhís’),  dóibh siúd a bhíodh i dtaobh  leis na bprataí: ie. furmhór na ndaoine nach raibh feirm maith acu is airgead: ie. furmhór na ndaoine.

Cuireadh triúr inniu, noch do fuair bás tré ghéarnimh, noch do bhí tré mhíthoisc san anraith noch d’óladar. Tá ainiomad tinn trés an gcúis chéanna. Is tré dhéirc do thug Dean Stephenson dóibh í, ach is í an deirc dhóite í, an t-athair, an mháthair is an leanbh dá gcur in aon lá amháin in aon uaigh. Is cumhach an chuma atá ar bhochtànaibh na hEireann anois. Ach do sciorr an gabha bocht ón mbroid bhlianúil noch do bhíonn ar bhochtánaibh na hEireann i mbuí-mhís bhia-ghann. Ní sciorradh do rinne sé ach sciobadh scanrúil santach do thug an bás air tré ghéarnimh ghonta.  Is maith mar a tharla a bhean is a leanh ar aon imeacht amháin leis, nachar fhanadar go cumhach cráite dubhach déarach doilbh dobhrónach ag féachain ar a uirlis chéartan gan lámh a gcurtha i bhfeidhm chum arán laethúil do thabhairt dóibh…

Bhí na trí coifiní taobh le taobhi i dtrucail faoi bhráillínibh bána. Fearaibh (ie. fir) go ceanntrom ag tarraing na trucaile le téadaibh chum an áras déanach, áit ar cuireadh an gabha go domhain ar thaoibh na fuachta, a bhean mhuirneach lena thaoibh agus a leinbhín ar a hucht mar ba ghnáth leo ina leaba phósta…


1/6/21 Blúirín ó scéal ‘Giogán agus Sgóidán agus Bolg Bocht O Lóigán’ ó ‘Sgéaltan Rachreann’ (Rathlin Island, Co Aontroma), eag A Mac Gréagóir. Gill, 1910. Gaeilge na hAlban atá ann, dairíre.

Bhá iad fuathasach leisg. Uair amháin, rith amach an min orra. Nuair fuair iad deireadh leis an min, agus nach raibh giota le ithe aca, dubhairt Giogán le Sgóidán,

‘Eirigh ar los choirce a bhuaileadh.’

‘Chan éirigh,’ arsa Sgóidán, ‘ach éirigh thú fhéin.’

‘Eireochaidh sinn uilig go léir,’ arsa Bolg Bocht O Lóigán.

D’éirigh iad is chuaidh iad uilig go léir, is bhuail iad an coirce. Nuair bha an coirce buailte, dubhairt Gíogán le Sgóidán, ‘Eirigh leis ionnsuidhe an aithche.’

“Chan éirigh,’ arsa Sgóidán, ‘ ach éirigh thú fhéin.’

(Agus mar sin de…)

Cha rabh í ach tionntuighthe aca, nuair a thainig sionnach isteach agus rug é sgóig ar an bannaigh agus amach an doras leis, agus an bannach ina ndiadh.

(agus mar sin de...)

(Deireadh)

Nuair a tháinig Giógán is Sgóidán is Bolg Boch O Lóigán go bruach an abhainn, bha an sionnach ar an taoibh eile. Leig é trí gáire as—gáire feargach, gáire sástach is gáire magach, agus caog é a shúil leobhtha, agus d’imthigh.




1/5/22  Cuid a dó d’Eachtra Reynard

D’imigh sé (an madra rua), d’fhág sé Cluainí, agus do chuaidh sé ar Ard Aodh (Ardea mar dhea…), agus tar éis dó Ard Aodha a shiúl, do chuaidh sé thar n-ais ar Chluainí, agus thug sé Cluainí soir air chiosa a’ locha, agus trí Chnoc Sandy agus de dhruim ti C’rúir (Conchobhar) Thaidhgín i nGleann Inse Chuinn, agus tríd an mBonán. Chuaidh sé as san go dtí áit go nglaodhaid said a’ Tunnel air agus as san (sin) go dtí an Eisc. Níor stad sé gur bhain sé ‘dir Chuimín Srúl agus Connta Chorcuí amach. Do bhain sé cladach amch ansan (ansin) le titim na hoíche ortha. B’éigean do na gadhraibh teacht abhaile Níor lean é ach trí cinn go deire bára.

An lá ina dhiaigh sin, tháinig sé thar n-ais agus do bhí sé um thráthnóna ar Cluainí t’réis trí fichidh mile do shiúl.







4/1/22

Micheál Ó Súilleabhán, Tuath O Siosta…(direach mar atá i mBéaloideas uimhir 10)

Is cuimhin liom tá roinnt blianta ó shin –níl sé i bhfad blianta ó shin—sa baile lastall díom go nglaodhaid siad Cluainí air, agus tù sé go diail chun madaraí rua. Tá cladach mór ois ciún na faraige an’ aguis isé a ngó a bheith ann.

Tá mórán gadhar fiaigh ar Neidín agus do thagaidís amach go mion agus go minic a gcluiche.

Do thanadar an lá so, pé scéal é, agus do bhuail sé seo leó leath-shlí idir Neidín agus Cluainí. Startaladar è ón áit go dtugaid said Lohart air agus do leanadar air síos agus suas gur bhain sé an tráigh amach.Chimeád sé ortha ‘n tráigh gur bhain sé a bhaile dhúchais, Cluainí, amach. Do bhí sé, is dócha, leath-chortha ‘ca, agus do chuaidh sé i dtalamh ortha. Do bhain sé poll i bpáirc féir amach.

Do thanadar le ráinnibh agus le sluaistibh, agus chromadar ar a’ bpoll, agus do nochtadar air. Ní leocaidis na gadhair chuige chun seans eile a thúirt dó. Leogadar amach é agus na gadhair ‘n-a dhiagh.

(Tuille le teacht



3/1/22

Blúirín ón drama Ar Thaobh an Locha leis an Athair Tomás O Ceallaigh (rugadh 1849), duine ón nGoirtín, baile atá i gCo Shligigh, ach a bhaineann le Co Ros Comáin i gceart, ó thaobh suíomh de. Foilsíodh in 1908 é. (Gaeilge ó dhuchais aige.)

Féilim – Níor shíleas go rachadh d’athair chuig an mbaile mór chomh luath seo. Is anamh a bhíos Maitiú O Ruairc le feiceál ar an tsráid ar a dó-dhéag sa lá.

Una – Tá faitíos orm nach raibh aon fhonn oibre indiu air. Imní a bhí air. Níor scríobh Micheál fós…Cad deir tú leis sin anois-- an dara lá roimh an Nodlaig agus gan litir ó Mhicheál!

F—Ní choir dóchas a chailliúnt fós. Is iomdha uair cuairtear moill ar litreachaibh ag teacht do’n Nodlaig.

U – Tá súil le Dia go mbeidh litir uaidh i mbárach ar chaoi ar bith. Is aoibhinn daoibh-se a bheas i dteannta ‘chéile fá Nodlaig.

F-A Una, leis an fhírinne ghláin a innseacht duit, ní ag lorg d’athar a tháinig mé istreach. Bhí focailín cainnte le rá leat féin.

U- Abair an focailín, a Fhéilim.

F-…Tá Eoin s’ againne tagtha ar ais anois, tá fhios agat. Níl mórán de’n fhiantas ag gabháil dó anois. Ní fhaca tú fear riamh atá mínithe ag an saol ach é. Ní bheidh aon ghá liom-sa sa mbaile feasda, agus táim at tí tighe do thógál thíos ag gob an locha.



2/1/22

Scéilín ó Mhicheá O Súilleabháin,  Doire an Locha, Tuaith O Siosta (‘Tuosist’) a foilsíodh mar chuid de “Seanchas ó’n gCeachainn, Béaloideas 10, d 130-131.

Sé mo thuairim ná fuil aon fhiadh-chat san áit go bhfuilim anois i’m chomhnuí, ach táid siad i n-áiteannaibh eile. Táid said thuas i gcoill go nglaodhaidh siad Dubh-Ros air. Tá mórán coillte an’. Agus tá an fhairige le n-a bun,. Agus trághanna an’, agus deineann siad ana-lámh ar a’ dtráigh nuair a bhíonn tráigh an’, ar a’ gcnuasach.

Do chuala duine muínnteara dom a reá go raibh sé a’ dul go siopa, agus capall iallaite bhí ‘ge, agus go bhfeaca sé ois ciún céad aca a’ t’acht ó thráigh, a crosadh ‘n bhóthair is a’ dul sa choill thairis síos. A’s go rabhadar óg is críona an’; agus gur éirigh cuid dos na cataibh, go rabhadar a’ búirthig ar a’ mbóthar roimis., a’ cosaint na gcatógaí: agus gur ghabh sé tharsta go deas agus go béasach gan cuir isteach orthu, Agus do ghlanadar leó síos sa choill chun na trágha uaidh.

B’é Conn a’ Bháin Mhóir an fear a c’nuic iad.




1/1/22

An Aislinn le Aogán O Rathaille (Go luath san 18 aois déag a cumadh.) Tá eolas ag gach éinne ar an dán seo, ach ‘s é tús na bliana atá ann inniúbh…)


Maidean sul smaoin Titan a chosa do luail                 (ie. an ghrian)

Ar mhullach cnoic aoird aoibhinn do lodamar suas,  (chuaidh mé suas)

Tarrastar linn scaoth bhruinneal soilbhir suairc—

Gasra bhí i Sídh Seanadh, solas-bhrugh thuaidh.  

 

Fearastar scím dhraíochta nár dhorcha snua

O Ghaillimh na líog lí-gheal go Corcaigh na gcuan:

Barra gach crainn síor-chuireas toradh agus cnuas,

Meas daire ar gach coill, fír-mjil ar chlochaibh go buan.

 

Lasaid sin trí coinnle go solus nach luaim

Ar mhullach Chnoic aoird Fhírinne Conallach Rua,

Fearastar linn scaoth na mban gcochall go Tuamhain  (Thomomd, Baineann na háiteanna go léir (Cnoc                                                                                           Fírinne, Connello Barony agus Seanadh le Co                                                                                             Luimneach, agus baint acu le lucht sí (seachas                                                                                             Connello…)

Is fachtaimse dhíobh diograis a n-oifige ar cuairt.

 

D’fhreagair an bhríd Aoibhill nár dhorcha snua:

‘Fachain na dtrí gcoinnle do lasadh ar gach cuan,

In ainm an rí dhíograis bheas again go luath

I gceannas na dtrí ríochta s’ dá gcosnamh go buan.’

 

As m’aislinn do shlím-bhíogas go hachomhair suas

Is do mheasas gurbh fhíor d’Aoibhill gach sonas dár luaigh:

Is amhlaidh bhíos tím-chreathach doilbhir duairc,

Maidean sul smaoin Titan a chosa do luaill.




 31/12/21

Orain (Amhráin) Luaidh (‘Waulking song’) d12  Orain Luaidh Máiri nighean Alasdair, eag K. C. Craig, 1949). Cnuasach orain luaidh ó shean-bhean in Uidhist a Deas atá ann, 122 duilleog ar fad.

 Bheir soraidh, soiridh bhuaim go srath m’eolais                                  (Slán: uaim: strath)

‘S gu leitir bheag a’ bharraich bhódhaich                                               (top branches: deas)

Fásaidh peasair ann, fásaidh pónair                                                        (fásann)

Fásaidh fochann ann, corca ‘s eórna.                                                      (grain)

Fásaidh líon ann, síorchur bódhach.                                                        (deas)

Is binn guth cuthaig ann, is binn guth smeóraich                                    (robin, thrush)                  

Is binn guth buachaille ag uallach bhó ann,                                           (minding)

Is binn guth banachaig ‘s meanbh chrodh óg reimhe                             (dairymaid: beag: beithigh)

Chí mí am báta falbh gu siúbhlach                                                         (imeacht: tapaidh)

Is í dol timcheall rudha an dúnain,                                                         (ros)

Is é mo leannan-sa an lámh ga stiúradh,                                                 (da)

Beul ga h-éibheach air an úrlar,                                                              (glaoch)

Beal beag cuireadach cuireadach cúbhraidh                                           (inviting: fragrent)

Gheobhainn cadal leat ann am búth iúile,                                              (tent, ??)

Do lámh farasda ‘s t’anail dlúth dhomh                                                 (tharam-sa)




30/12/21

Blúirín ó Thadhg O Murchú: Béaloideasóir le Tomás O hAilín (d 114 agus 115). I gcló san irisleabhar Eigse, ach níl tagairt níos iomláine agam faoi lathair.

Nuair a cuireadh Comisiún Béaloideasa Eireann ar bun sa bhliain 1935, bhíothas ar an gcaolchuid o thaobh airgid…Níorbh acmhainn don Choimisiú um an dtaca san (sin) ach beirt d’fhostú mar bhailitheoirí lánaimsire – Seán O hEochaidh ó Thír Chonaill agus Tadhg O Murchú, Ciarraóch. (B’as ceantair Cathair Dómhnall, Uíbh Rathach, dó.)

(Tadhg ag tagairt dá athair.)

Feirmeoir beag agus iascaire ab ea é, file agus staraí, an fear seanchais agus sean-aimsearachta a b’fhearr dár chuala ó shoin. Ní raibh aon teora leis an méid sean-eolais  bhí ina cheann. ..Chúm sé féin ana-chuid amhráintí agus ranna agus bhéarsaí ach níor scaoil sé riamh leis féin Is amhlaidh a bhíodh sé ad (ag) iarraidh é féin a chosc. Chloiseadh sé sean-daoine a rá nár lean aon rath riamh na filí ná an fhilíocht agus ba shin é fé (faoi) ndeara dhó a bheith ad iarraidh í a mhuchadh.

Blúirín eile…(D.127). Tadhg O Murchù féin ag caint…

Ba mhuar é tuiscint na sean-daoine i gúursaí na haimsire agus ba mhuar é a gcuid eolais de bhárr an staidéir a dhinidís uirthi. Do b’é a gcúram é ó aois go bás a bheith ag tabhairt comharthaí na haimsire fè (faoi) ndeara. Bhèdís ag faire ar a’ dtaoide agus ar bhuilgí na fairrge, ar na srutháin, ar na haibhnte agus ar ns heasanna, ar na cnuic agus ar na slèibhte, ar an spèir  agus ar na scamaill, ar na ranna nímhe, ar an ghrian. Ar an ré (gealach), agus na réilthínní, ar na héin agus ar na hainmhithe agus ar na feithidí, agus níl aon chor dá gcuirfidís sin díobh ná aon athrú ná sóinseál dá dtagadh orthu ná go mbaineadh na seandaoine a mbrí fùin as. Agus ar an slí sin, d’fhèadfaidís tuairim mhaith chruinn a thabhairt ar an saghas aimsire a bheadh chúcha.






29/12/21

Trí rann as dán fada  atá ar fail mar chuid de scéal Suibhne Geilt. As lámhscríbhinn Daibhidh O Duibhgheannáin (Co Shligigh, c. 1671) a tógadh é. (D122-137, Early Irish Lyrics, eag. Gerard Murphy, Oxford, 1956.) Sa dara aois déag a cumadh?

 Cuirim aistriúchán Gerard Murphy leis anseo.

 

1)A Bennáin, a búireadáin,   Antlered one, belling one

A béiceadáin binn,  You of the musical cry

Is binn linn an cúicherán  We love to hear the sound

Do-ní tú sa glinn.   You make in the glen.

 

2)Éolchaire mo mennatáin   Longing for my loved dwelling

Do-rala ar mo chéill—   Came upon my mind--

Na lois isin machaire,   for the herbs (?) in the plain,

Na hois isin tsléib.   And the fawns in the moorland.

 

3)A dair dosach duilledach,   Bushy leafy oak

At ard ós cinn chruinn:   You are high above every tree:

A cholláin, a chráebacháin,   Little hazel, branchy one,

A chomhra chnó cuill.   Coffer for hazel nuts.







28/12/21

3 rann as dán ón 9ú aois. Níor mhair an dán ach i láimhscribhínn amháin (Harleian 5280) )(ó Thír Eoin?? 16ú aois); láimhscribhínn a thóg ionadach rialtais Sasana amach as an dtír go luath san 17ú aois.  Cuireadh i gcló maille le haistriúchán in Early Irish Lyrics, eag Gerard Murphy, Oxford, 1956 (d10-19)

 

8) Atá uarboth dam i caill:  I have a hut in a wood

Nís fitir acht mo fhíada;   only my Lord knows it:

Uinnius di-shíu, coll an-all,     An ash-tree closes it to one side, and a hazel

Bile rátha, nosn-íada.    Like a great tree in a rath, the other.

 

10) Mét mo boithe – bec nád bec,  The size of my hut – small yet not small,

Baile setae sognath.   A homestead of familiar paths.

Canaid sian mbinn día beinn  Sings a pleasant song from its gable,

Ben a lleinn co londath.   A woman in a blackbird-coloured cloak.

 

20) Líne ugae,   A clutch of eggs,

Míl, mess, melle,   Honey, mast and heathpease

(Día dod-roíd).   Sent by God

Ubla mílse,   Sweet apples

Mónainn derca,  red cranberries

Dercna froích.   whortleberries





 27/12/21

 Blúirín de ‘Scríos ar éanlaith’, d105, Aistí ó Chleíre le Donnchadh O Drisceoil, an Clóchomhar, 1987.

 Nuair a shuíos (shuígh mé) ar an iomaire agus mo chlais bainte agam. is é a bhí a rá agam féin ná feaca (feaca mé) fiú glasróg amháin faid a bhíos (bhí mé) ag baint. Um a dtaca so (seo) riamh dá mbeadh an chré a deargadh agat, ní rabhais riamh id (i do) aonar mar go mbeadh an ghlasróg ag gob do rámhainne faid ar fhaid ag lorg na bpéistíní beaga bána a bhíonn flúirseach sa chré dá gearrcaigh. Nach tríd sin a aimsímis an nead? Ní raibh ach faire uirthi go mbeadh a gob lán agus í do leanúint trasna na bpáirceanna chun a neide agus ba ghnáth an nead aici ar chóngar tobair nó draein… Ba éanlaith iad a thagadh agus a imíodh nó ar a laghad, bhí sé amhlaidh ag cuid acu…Is maith a bhí a fhios ag an nglasróg ná déanfadh éinne a díobháil agus ná buailfeadh gob na rámhainne í, olc ná maith. Bhí siúl maorga aici anonn agus anall agus a heirbeall fada a shíorluascadh aici le gach coiscéim dá siúlfadh sí.

 


26/12/21

D102-103 ó Cheo Meala, Lá Seaca le Micheál Mac Liammóir, Sáirséal agus Dill, 1972. Sórt dialann atá ann.

 Gealt agus gealt amháin a bheadh i ndon éirí ar a seacht agus trial i ngluaisteán thrí ghleannta is thar shléibhte go ranch darb aim Teelawuket atá i bhfolach i ndoimhneas gaorthaidh fhiáin atá ina luí, mar adeirtear linn, ocht mile troigh os cionn na mara, áit nach dtéann éinne chóiche, táim deimhntheach de, ach geilt agus lucht gealtachais. Bhí Andy, tiománaí, ann cupla seachtain ó shoin in éineacht le scata gealt eile, ach ní cuimhneach leis dada faoi ach gur áit gharbh allta é, agus gur fíordheacair do thiománaí í a bhaint amach tar éis titim na hoíche, agus go bfuil sé suite “áit éigin idir shráidbhaile darb ainm Durango –garbh – agus sráidbhaile eile darb ainm Bayfield – níos gairbhe fós” agus tá sé ár dtiomáint thrid an bhfásach ar feadh an lae. Solas brothallach gréine agus múir dhuaibhseacha bháistí anuas orainn ó am go ham.



19/12/21

Blúire den bhrollach do ‘Sean-Chaint na gCruach’, le Seán O hEochaidh agus Heinrich Wagner, a foilsíodh i Zeitschrift fur Celtische Philologie, 1963, d 8-90,

 Tá mé a robhartaidheacht thart anois mar bhailitheóir béaloideasa le cúig bliadhna fichead. An té a chaitheas an fhad sin de bhláth a shaoghail ‘na shéadaí mar atá déanta agamsa, is iomaidh sin cuasán agus cóirnéal a bhfágfaidh sé lorg a choise ann, cuasán in amannaí nar chulaidh duine ar bith mórán iomráidh orthú ariamh. Measaim gur mar sin atá an scéal i dtaca leis an ghleann bheag seo a bhfuil mé ag dul a chur síos air, ná go dtí ar na mallaibh, bhí go leor nach raibh fhios acu go rabh a leithéid ann ar chorr ar bith.

Is mór an faoiseamh don intinn, don aigne agus don cholainn a dhul isteach i gceanntar acú seo agus seal a chaitheamh i measc daoiní nach dtainig mórán athrú orthú féin ná ar a gcuid dóigheanna, féadaim a rá, ó bhí am mheadhon-aois ann. Ní le droch-mheas ar bith ar an áit nó ar na daoiní a abraim sin, ach mar adeir an sean-nathán, fágfaidh mé Eire mar atá sí, agus dhéanfaidh mé iarracht léar-nochtadh a dhéanamh ar an cheanntar féin comh maith agus atá sé ar mo chumas sin a dhéanamh.

 (Ag tagairt dosna Cruacha  i lár Thír Chonaill atá sé. Duirt duine liom gur chuir an meid sin a scríobh sé thuas, gur chuir sé muintitir na háite i bhfearg leis, a’s a rá go nduirt sé na rabhadar chomh ‘suas-le-dáta’ le daoine eile in Eirinn.




17/12/21

 Amhráin a cumadh in aice le Cathair Cill Choinnigh circa 1798. Tá an file ag labhairt le preachán a dhin (rinne) nead i dtúr caisleáin Cill Choinnigh: preachán a theith ó Eirinn tar éis 1798, mar dhea, ach a chas abhaile arís.  Bhí tairngire ann go mbeadh cogadh ann nuair a tharla a leithéid.  Níor thógadh síos iomlán an amhrain insna 1860s nuair a bhí Seán O Duinn ag bailiú amhráin.

 Duanaire Osraíoch: Cnuasacht d’fhilíocht na nDaoine ó Cho. Chill Chainnigh, an Clóchomhar, 1980.

 Is é do bheatha abhaile chughainn –

Is fada sinn ag trácht ort!

An dtúg tú scéalta maith leat

Abhaile chughainn ó Pharas?

‘bhfuil Bonaparte go seasmhach,

Nó an bhfuil a thriall thar caladh chughainn?

Is é a thabharfadh an sciúrsáil ghreanta

Don aicme úd a chráigh sinn.

 

Is à a chloisim-se gach maidin

Insa bhaile mór so láimh linn

Drum is fife a ngreadadh acu,

Ag cur eagla ar ár ngardaí.

Dá mhéid lucht cótaí dearga,

Nuair a thiocfaidh lá an chatha,

Raghaimid leo in achrann

Dan dearmad an lá sin

 

Is é a deiir na seanaí feasach

Ó Chnoc Gréine go Sliabh Arda:

Is comhartha é gan dearmad

Gur caraid dúinn na hOrmondes—

Is Gaelach anois na Gallaibh

do tháining i dtús thar caladh!

Is thá sé insa tairngire

Go mbeadh nead agat san áit sin.




16/12/21

Beannacht beag tí ó Oileán Mhanainn. Thógas í, idir bún-leagan as aistriúchan, ó Orthaí Cosanta sa Chráifeacht Cheilteach le Seán O Duinn, An Sagart, 1990.

 

Shee Yee as shee ghooiney,

Shee Yee er Columb-Killey.

Qe dach uinnag, ar dagh ghorrys,

Er dagh howl joaill stiagh in Re-hollys.

Er kiare corneilly ye thie

Er y voayl ta mee me lhie.

As shee Yee orrym-pene.

 

(Síth (ie. síothcháin) Dé agus síth dhuine, síth Dé ar Cholm Cille, ar gach fuinneog, ar gach doras, ar gach poll a ligeann isteach an ré-sholas. Ar cheithre chuinne an tí, ar an bhall a bhfuil mé i m’ luí, is síth Dé orm féin.)

 

(Scríohas an méid seo i dtaobh Mhanannais:

 

MANX too was a dialect of Irish, but the Isle of Man was conquered by the Norse (Vikings), who dominated the place. It's been seriously and scholarlyly suggested that Manx developed as a sort of "Baby Irish" spoken by the children of the Norse nobility who married Manx women. Since this group of children of Norse fathers and Gaelic mothers dominated society, its speech became a privileged norm, and as Norse gradually ceased to be used, Manx took over all speech functions on the island, eventually also supplanting the original 'adult' Irish.

What does "Baby Irish" mean? Mostly, the grammar is simplified in strange ways.


To be fair, it's not really Baby Irish, though that is certainly a catchy theory. The Scottish Gaelic of the island of Arran formed a sort of transition from Scottish Gaelic toward Manx, and at least one of the odd aspects of Manx grammar (past tense formed using the verb 'to do' as an auxiliary) particularly characterizes the Welsh of the somewhat nearby island of Anglesey. Some other strange aspects of Manx are likely modern developments in a speech community that was dominated by official English; a speech community that lacked a written or spoken standard of its own; lacked a prestigious literature; lacked people cultivating the language

It doesn't help, though, that Manx is written using a very strange orthography probably based on late medieval Lowland Scots or Northern English. (The Stanleys, a noble Lancashire family were given the island in 1399 and ruled it into the early 18th century.) If it weren't for the orthography, it would be somewhat easy for Irish or Scottish Gaelic speakers to read Manx, and for Manx speakers to read Irish or Scottish Gaelic. It's a shame....

Boayl nagh vel aggle cha vel grayse. (ie 'ball')

"Where there is no fear there is no grace."

Eshyn nagh gow rish briw erbee t’eh deyrey eh hene. (rish - leis: breitheamh)
"He who will acknowledge no judge condemns himself."

Ta bee eeit jarroodit.
"Eaten food is forgotten."

Cha vel fer erbee cha bouyr, as eshyn nagh jean clashtyn. (nach dean)
"There is no man so deaf as he who will not hear."

Gowee bleb rish voylley, as gowee dooinney creeney rish foill.  (criona - wise man?)
"A fool will receive praise, and a rich man will receive blame."

Ta fuill ny s’chee na ushtey.
"Blood is thicker than water."



Except for one ballad about Fionn Mac Cumhail, Manx literature is translations of mostly English religious texts; hymns, and then nineteenth-century folk tales and songs.



15/12/21

Sean-fhocail ó Cniogaide Cnagaide: Rainn traidisiúnta do pháistí, eag NJA Williams, An Clóchomhar, 1988)

Ní troimide don loch an lacha:

Ní troimide don each a shrian:

Ní troimide don chaora an olann agus

Ní troimide  don cholainn an chiall.

(D 116)

 

An té a léann leabhar,

Agus nach gcoinníonn sé ina mheabhair,

Nuair a chailleann sé an leabhar

Bíonn sé ina bhaileabhair.

(D116)

 

Is maith liom bainne,

Is maith liom tae,

Is maith liom codladh

Ag deireadh an lae.

(D119)

 

(Inis scéal!)

Bhí rí mór ramhar ann,

Agus ba mhór ramhar an rí é;

Níor ghaibh sé riamh síos anso

Ná mar a ghabhfadh sé suas anso,

In airde ar muin capaill

Nó trasna ar muin daoine.

Más gairid libhse é

Déarfad arís é.

(d124)

 

(Inis scéal!)

Scéal an phreacháin sa chrann:

Bhí sé ann, is d’imgh sé as.

 

Tiocfaidh an t-am

Is beidh bóthar ar gach lagan,

Teach mór ar gach cnocán,

Droichead ar gach sruthán,

Béarla ag gach blocán,

Coiste faoi gach brealan

Is an saol uilig ina bhráchán.

(d125)



 

 14/12/21

Séamas dall Mac Cuarta (circa 1640-1650 – 1733), lá gur theith daoine roimhe, ( ag dul i bhfolach faoi talamh?) chun gan bia is eile a thabhairt dó nuair a bhí sé ag taistil.

(Séamas Dall Mac Cuarts: Dánta, eag Seán O Gallchóir, an Clóchomhar, 1979.)

 Is baile fearainn Corr an Chait in aice Tulach O Méith, Carlingford, Louth.

(Trí Rainn is Amhráin)

 

Uaigneach sin, tithe Corr an Chait.

Is uaigneach a bhfir is a mná,

As dá bhfaighdís ór is fíon,

Cha dtig aon díobh i gceann cháich. ( Ní thiocfaidh: to meet)

 

I gceann cháich cha dtig said

Ar ar cruathaíodh thiar is thoir,

Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár –

Ionann sin is béasa an bhroic.

 

Béasa an bhroic a bheith ag tochailt faoi

I ndorchadas oíche is lae:

Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár,

I gceann cháich cha dtig sé.

 

Ní hionúin leis an ríbhoc aoibhneas, aiteas nó sport, (ionmhúin)

Ní hionúin leo  saoi, drai nó cumadóir ceoil:

Ni hionúin leo Séamas caoch ná cuidiú Néill óig,

Is fanadh gach aon mar a mbíd ag tochailt an phóir.




12/11/21

Blúire ó Fáilte Pheadair Uí Ghealacáin lena Eachtra agus a Ráfladh   (Aodh Mac Domhnaill, eag Colm Beckett, An Clóchomhar, 1987).

Tabhrann an Gealacánach cuairt ar a chara Aodh a bhí ina chonaí i mBéal Feirste ag obair do Roibeard Mac Adhaimh, fear a bhí ag obair go dícheallach dhun an Ghaeilge a chur chun cinn: Protastúnach go raibh monarchan (teilgchearta) aige. (Feic I mBéal Feirst Cois Cuain, le Breandán O Buachalla, An Clóchomgar, 1978: ana-leabha go deo!)

Téann an Gealacánach isteach sa mhonarcan:

…Tugadh isteach i mbruíon mé mar ar bhain cloí domh is scanradh; (Bruíon lucht sí, mar dhea)

Bhí an iomad den tslua sí ann ag adhradh ma máide,

Bhí a gcraiceann mar an ngual is a snua dubh mar airne’

Bhí sagart de na draoithe ag íobhairt do Bháil ann, (Baal)

Na coirí ar an ngriosaigh mar bhí sa mBab’lon;

Níil roithleán sa gcúige is an tuirne sin Mháire

Nach raibh ag imeacht ann le rúide ar chiúinchosa’n áirde.

An tráth chonaic mé an t-amharc amhailteach uafásach fásaigh,

Níor fhan misneach i mo bhailse ná suim sna mná agam,

Níorbh fhios mé faoi na spéarthaí cad é an géibheann ‘nar tharlas…

 

(Iarrann Peadar ar a mhnaoi luibheanna draíochta a chur chuige ann mar chosaint.)

 

(Labhrann a bhean) A Pheadair, is maith a dúirt mé i do shiúl nach mbeadh séan ort,

Dá gcreidfeá Hughaidh is a chluain-chleasa bréagach.

Bím ag bríonglóidigh gach oíche is níl sciste o mo nealtaí,

Go mbéaraidh an slua sí ort, nó draoithe Thuath’ Dé Dan’:

…Rachaidh mise go réimhdhíreach go dtí Lios Ráth Méabha,

Ní fhágfam clúid sa tír gan spíonadh in éineacht,

Go bhfaighidh mé amach ós iseal an ní a dhèanfas leigheas dhuit.

Ach bíse cinnte fearúil mar a chleacht tú a bheith cródha,

Nó go rachaidh an urnais bheannaith’ seo uilig chugat ar an chóiste…






No comments:

Mist and Pigs

I mentioned last week that an Irish/Scots Gaelic king or lord had serious obligations to his people and was expected to be absolutely just a...