Breis beag a’s bliain ó shin, tráthnóna Samhraidh, d’airigh (chuala) mise agus mo bhean screád uathbhásach an bháis ón gcoill mór atá taobh thiar dár teach.
“Ní foláir no go bhfuil uan ag na daoine taobh linn, i ngan fhios duinn,” duirt mé le’m bhean, “agus go bhfuil an t-uan san ar strae sa choill.”
Ach lean an t-uan air ag screadaigh in anaithe a bheatha.
“In ainm Dé!” dúirt mo bhean.
Ritheamar isteach sa choill a lorg; agus fuair.
Ní huan a bhí ann, ach oisín, agus fisher cat – easóg mór, craosach, neamthrócaireach – a fiach; greim aige ar mhuineál an oisín, ag iarraidh é a leagadh, chun a stracadh as a chèile.
Chomh luath agus a thanamar-na ar an lathair, theith an fisher.
Ni ghá dom scéal Madra na n-Ocht gCos a dhéanamh de. D’fhéadfaímis siúl amach as an gcoill arís, agus ligint don oisin (na raibh ach coicís, dearfainn, slánaithe aige) agus don fisher: ligint do chúrsaí ”Nadúir” dul ar aghaidh…ach níor dhin. Thugamar agus na daoine taobh linn, thugamar an t-oisín abhaile, agus é ag cur fola go tiubh agus ag meigligh go truaimhéileach.
Ní bhíonn cead ag aon duine baint le fia -- dul ag foirithint air no faic, -- sa state seo Mheiriceá (duiche mhór fiagaí í, ina mealltar an-chuid airgid ó allmhúraigh gach bhliain nuair a thagaid isteach chun dul ar thóir fia), i dtreo na raibh cabhair nó chomhairle ar fáil duinn, áit ar bith. Ag crith le huamhan romhainn a bhí an t-oisín, ar ndoigh, ach dhineamar (rinneamar) puball beag do taobh thiar den teach s’againne, sa tslí go bhféadfadh an mhathair teacht air istoíche.
Níor tháinig sí.
Is amhlaidh gur airíomar (chualamar) an oíche roimhe sin, coyotes ag fiach sa choill in aice linn, agus is annamh a théann siadsan ar tóir creatúir, ná go faigheann siad gréim air sa deireadh. Ní foláir nó go raibh mathair an oisín marbh acu siúd, agus ba shin faoi ndéar don oisín a bheith ar strae ón áit dideán a bheartaigh a mhathair dó.
Ní bhíonn ar chumas oisín déanamh dó féin nó go mbíonn bliain d’aois, agus bhi mo bhuachaill lag go maith, agus cos leis gortaithe. Is amhlaidh gur bhriseadh a mhuinéal freisin nuair a ionsaíodh é, ach amháin nár scar na cnámha óna chéile. D’fhag san ag féachaint fiarsceo i gcónaí é, tar éis don mhuinéal tearnamh, agus ní raibh ar a chumas béal a chur le féar no le talamh. Bhí luibheanna a thaithnigh go mór leis (caisearbhán, lus na sead, a’s mar sin de), agus ní raibh aon bac orainne iad a chruinniú dó. D’fhéacheadh sé féin chun duillóga crainn bheithe agus maple a sholáthar dó féin, nuair a fheabhsaigh sé.
Chuireamar páil timpeall ar straice de sheana-mhóinéar atá taobh thiar den teach freisin, áit na raibh radharc ón mbóthar ar mo bhuachaill. Bhíodh scóip ag an oisín siúl ann. Siúl, sea, agus léim agus rith, mar tháinig an-chroí ann, tar eis míosa, agus neart ann de reir a chéile. Bhuaileadh sé go minic i gcoinne crainn ar tús, nuair na raibh radharc maith aige ar an rud a bhí ós a chomhair amach, ach i gcionn mí nó dhó, d’fhoghlaim sé conas an saol a laimhseáil go haiclí, caoch mar a bhí.
D’èirigh sè mór linn freisin.
Geimhreadh fada fíochmhar a bhí ann an bhliain sin, a’s thit mórán sneachtaigh, ach bhí sort bóthán beag tógtha againn don oisín, mar fhoscadh. Ghlanamar an sneachta ósna cósáin ann, tar éis gach stoirm, i dtreo go bhféadfaí siúl an móineár.
(Murach an páill, bheadh beirthe ages na coyotes ar an oisín istóiche. Is minic a dh’aireófaí (chloisfaí) iad istoiche ag fiach sna coillte timpeall orainn. Níor nocht mathair ariamh ina dhiaidh sin, bíodh agus gur fhagamar slí di teacht chuige, agus gan teach nó faic eile ina aice a scannródh í.)
Teacht an earraigh, leageamar an paill, ag ligint don oisín siúl amach ar a thóil fèin. Tá bóthar ann ós comhair ár dtighe-ne, agus bóthar eile tamall uainn, agus bíonn cuid mhaith gluaisteáin ar rith ar an tarna cheann acu. Chun Seán (an oisín) a chur ag seachaint na boithre agus dhaoine, raghainn isteach sa choill mhór taobh thiar den teach ar èirí na greine gach maidin sara dtabhrainn agaidh ar an bpost agam sa baile mór (baile na fuil chomh mór sin, dáiríre.) Chaithimis uair a chloig ann ag siúil duinn fèin.
Caitheamh aimsire brea, sa deireadh, agus an chuid a’b fheárr den lá
An ea? Tochailt sa choill in éineacht le fia?
Bhí dhá chuis leis, go bhfios dom. Ag obair as láimh a chéile a bheimís. Thuigeamar a chéile, i dtreo nach ghá focal a rá, cuid is mó den am. Uair taobh le taobh ag obair; uair eile, a’s is ar éigin a bhíodh radharc agam ar Sheán. Tá sásamh aigne in obair den tsaghas san in áit ina bhfuil a t-aer chomh milis le h-iocslainte sean-scéil; áit go líontar radharc, cluas a’s eile le hailleacht. Crainn mhóra a’s cinn bheaga; carraigeacha glasa loma; cré solashmar donn. Ciúneas, ach amháin ceol na n-éan agus luascadh gaoithe. Théith smaointe duairc, agus líon mo spiorád le solas.
Ba é Sean féin an tarna fáth a bhí leis. Mairtineach beag fia, ar strae óna chineál féin a b’ea é, ach bhíodh sé lán sport i gcónaí, a’s é dea-chríoch, lán géan Ba bhreá leis rith, léim, agus cleasaíocht, agus é ag iarraidh orm mise a bheith mar phairtí leis sa rudaí san--ach ceart chomh sásta nuair na raibh ionam a bheith. Niorbh aon choileán é Seán, ná peata gadhair nó gabhair, áfach. Ainimhí fiain a’b ea é, gach aon bhlúire de. Ag féachaint isteach ina shúile, ní fhéadfainn gan aithint gur neach é nár tógadh le bia stáin, a’s gur le saol eile a bhain sé, a’s é lom-direach, cruinn, folláin ann féin i slí na bíonn an chuid is mó desna daoine nó in ainimhithe “baile”..
Suile donna dorcha a bhí air, agus doimhneacht iontach iontu.
Bhain Seán leis an saol ‘lasmuigh:’ lasmuigh desna sráideanna agus desna pairceanna saothraithe; lasmuigh den teach (nó inneall) mór seo ina maireann furmhór an chine daonna go bhfuil airgead acu. Bhain sé leis an saol fiáin: saol atá neamhspleach ar mhianta an chine daona agus beag-beann orthu: saol gur chuma leis pé acu an bhfuilimid ar ár suaimhneas ann, nó na fuil. Saol géar dáiríre, a’s faobhair air faoi mar a bheadh ar chlaidhimh. Ní bhíonn ag patachán coinín, abair, ach b’fhéidir seans amháin sugradh sa mhónéir gan áire a thabhairt dona bhfuil timpeall air. An té na tabhrann áire, maróidh seabhac nó sionnach é ar áit na mbonn.
Is annamh a bhuailimid leis an saol san sa lá atá inniú ann, ach tá sé ann i gcónaí: amuigh san oíche, sa choill, sa riasc, sa bhfál, inár gcorp fèin agus inár n-aigne féin. Tá sé ann le chead an chine daona, dár linn, ach n’fheadar…
Buann dlíthe an tsaoil sin ar ár ndlíthe-se, agus is cuma má fhaighimid cruaidh dlìthe an tsaoil fiáin, ní féidir canceling a dhéanamh orthu. Rithfidh Dáil nó Congress dlí agus dlí eile a chuireann i gcoinne dlíthe an saol fiáin, ach is cuma. Cé go dtabhrann an teach mór ina bhfuilimid inár gconaí faoiseamh duinne thar an méid a faigheann an coinín, ní bhíonn ann ach tamall, mar sa tsaol eile sin a mhairimid-ne chomh maith le cách. An sibhialtacht a iarran maireáchtaint beag-bheann ar dlíthe an tsaol sin, tiocfaidh deireadh ainnis lena réim.
Meileann muilte Dé go mall, ach meileann go mín.
Tá an saol sin cruaidh, ceart go leor. Nìl sé faireálta.
Agus nach mar thoradh ar an méid sin a thóg an cine daonna saol dó féin, saol nios cinealta, nios deise, chun éirí amach as ár fuilteach saoil an Nadúir? An bhfuilim ag moladh go gcaithfimid uainn antibiotics, leabhair, fo-èadaigh, agus mar sin de, agus filleadh ar an Nadúr?
Nílim.
Táimid ag teitheadh leis na cianta anois ó "Nature red in tooth and claw," agus d’éirigh linn teach brea fairsing compórdach a thógaint duinn féin, áit ina mbímid saor ón ár atá lasmuigh. Ach is ar ghaineamh a tógadh an teach mór, mar tógadh beag-beann ar dlíthe Nadúir é, agus tá an teach ag titim as a chéile anois le hAthrú Aeráide, a’s truailliú aer, uisce agus talamh. Tá an saol eile – saol ‘Nadúir”, an saol fiáin –isteach an doras chugainn, agus cochall air, mar dhea.
Abhar scannradh, agus ní haon ionadh gur bhfearr linn casadh uaidh i ndóchas go n-aimseóidh ár gcinn urra leigheas don rud atá ag tarlú. B’fhearr casadh ar an idirlíon, áit go bhféadfaí canceling a dhéanamh ar rud na taithníonn linn.
Duine acu siúd a theith, mise freisin. Cé go bhfuil conaí ormsa agus ar mo bhean i measc na gcoillte, b’annamh istigh ionntu mé. Ba mhinicí mé ag siúil sraideanna an bhaile mhóir, nó os comhair an ríomhaire.
Pé acu ceart nó cearr an saol amuigh, sé an saol i gcónaí é, agus níl aon cheann eile ann. Tá scannradh sa tsaol san na féadfaí a sheanadh, ach tá saibhreas a’s sástacht aigne and gliondar ann freisin, i slí na fuil san teach mór seo ina mairimid in aon chor, aon chor. Tá sástacht aigne ann nuair a tuigtear go bhfuil do chósa ar an dtalamh sa deireadh, mar dèarfá, agus na fuiltear ar strae i mbréag-ríocht bhaoth-aislingí siorcas an idirlíon. Tá saghas saoirse ann don duine, maireáchtaint i saol a bhíonn cruaidh uaireannta, ach atá fíor.
Rud eile: gach diail noimeád a mhairimid, iarran an saol san orainn tabhairt faoi ndéara go mairimid ar scáth a chéile, pé acu daoine, ainimhithe, nó eile. Iarran orainn tuiscint nach ‘rudaí’ na neachanna eile sin, agus gan de thabhacht iontu ach chomh fada a’s a bhaineann siad lenár ndualgaisí agus lenár mianta féin. Iarrann orainn an tsolas ghlórmhar a thaitníonn iontu súd agus tríthu siúd agus trís an saol san ar fad, a aithint.
Is annamh a thúgaimid faoi ndéara aon cheann de na rudaí sin a luaim, áfach, go minic toisc go bhfuil brú agus dithineas ro-mhór orainn: an ghnáth-shaol faoi mar a caitear san lá atá inniú, an dtuigeann tú…Ar strae ar an idir-líon a bhímid, nó ar strae inár gcuid smaointe féin, nó ag strachailt leis an saol, ag iarraidh dothain airgid a thuilleamh.
Bhí de bhua ag Sean na féadfaí, agus tamall a chaitheamh ina fhochair, féachaint air mar “rud.” Ní fhéadfaí gan an fíor-shaol – an seana-shaol -- a aithint. Ar talamh an tseana-shaol a sheas sé.
Ní ag tagairt do sheana-shaol bocht an chruatain faoi mar bhí in Eirinn san 19u Aois atáim, ach don fhíor Sheana-Shaol: saol díreach, chomhachtach, solasmhar, neamh-scagaithe (mar déarfá,): an saol “fiáin.” Thugadh Seán mo dhúshlán, mise tabhairt faoi ndeara go mairim-se a’s gach aon duine eile sa tsaol san i gcónaí. Chuireadh sé de fhiachaint (de dhualgas) orm noitís a thógaint den tsaol san, a’s ligint do mo chuid chúramaí a’s mo dhúil i dul chun cinn agus i dtae agus i’m mianta féin titim uaim. Níl sa rudaí sin ach ceo, mar deireadh na sean-daoine. Tá fuascailt do-chreidte ann do dhuine, ligint dá chuid tuairimí féin, dá fonn a’s eagla, titim uaidh, a’s éirigh as an síor fuirse agus an síor-lorg, agus aithint an ciúnas óllmhór atá laistiar de gach ní: an solas gliondnrach san.
Nílim ag rá gur pharty beag deas atá ann – soláistií agus bronntanaisí. Tá bás ann a’s briseadh chroí. Bíonn droch-sheans ann, agus aicíd, agus eile.
Sé an saol é, áfach. An saol ceart; an saol fírinneach: an seana-shaol fiáin.
Sa deireadh, ní dideán ar an mbás ár dteach mór brea, ár n-inneall, ár n-intleacht, ár saibhreas. Tabharfaidh an bás amach sinn, dár ndeoin nó dár n-aindeoin. Ní dul as ag duine ar bith againn.
Nach fearr an tseana-shaol a fhoghlaim sula gcaitear amach ann sinn arís, a’s sinne chomh dall air, mar shaol, le bunóc nua-bheirithe?
Formhór na ndaoine a tháinic romhainn, bhíodar oilte ar na cúrsaí sin. Ní raibh aon dul as acu.
Shilfeadh aonfhear gur dil do fein me nuair a luionn do'm mionn
a's go dteann dha dtrian sios diom nuair a smaoinim ar do chomhra liom;
sneachta siobhtha a's e a shiorchur faoi Shliabh Ui Fhloinn
a's go bhfuil mo ghra-sa mar bhlath na n-airni ar an droighheann donn.
Shil me fein nach ag ceasacht spre orm a rachadh gra mo chroi,
a's nach bhfuigfeadh se ina dhiadh me mar gheall ar mhaoin;
fa-raor gear nach bhfuilim fein a's an fear a chraigh mo chroi
a ngleanntan sleibhe i bhfad o einneach a's an an drucht 'na lui,
Ta feirin le me cheadshearc i mo phoca thios
a's fearaibh Eireann, ni leigheasfaidis mo bhron, fa-raor.
nuair a smaoinimse ar a chursai a's ar a chul brea donn,
bim ag gearghol os iseal a's og osnail go trom.....
Sea, chaithainnse filleadh ar an dtigh gach maidin, agus chaithainn ligint do Shean an lá a chaitheamh sa choill mhór dó féin. Ní bó é no gabhair, tar eis an tsaoil. Gach lá, d’filleadh sé um a 5 a chloig tráthnóna, agus b’é an diail é, é a choimeád as an ngairdín againn ansin. Bíonn blas ar duilleóga trataí agus arugula! Chun a áire a thabhairt ón arugula, ghlan mé cósáin tríd an raithneach agus na driseóga i móinéar eile taobh thiar den teach againn, agus d’aimsíomar mórán luibheanna deasa ann (Crainn bheithe; Lus na sead, agus eile), i dtreo gur chomh-tharraingteach an móinéar agus an gairdín.
Saol deas.
Bhí a fhios agam go raghadh sé faoi reith sa bhFomhair, agus go dtréigfeadh an chiall é, agus gan aon ní ar a áire ach ban-fhia: baol ann go n-ionsíodh sé rud ar bith a chuirfeadh bac air. Ba chuma liom fia beag martraithe dul i gleic le crann, ach coyote nó duine: sin scéal eile. Agus dá raghadh sé ar strae…
Ní raibh aon dul as againn, áfach, agus ní raibh le déanamh agam ach mo dhicheall. D’ullaímar pubal níos mó dó, don gheimridh a bhí le teacht.
Sos beag anois, agus Over to you, a Dhonnchaidh
A’s an minnean riabhach bu luime cliathach, le chuinnean fiadhta, as fiadhaich ceann, (Smooth: nostrils)
‘na chadal guamach an lagan uaigneach. Fo bhárr na luachrach ‘na chuairteig chruinn. (neat, comfortable)
(ó Oran Coire a’ Cheathaich le Donnchaidh Bán Mac an tSaoir)
Bidh gach frith gu líontach feurach, ‘S thèid na fèidh ‘nan èideadh suaicheanta (coill; full: distinctive)
Gu h-uallach binneach ceumannach ged-leumanach bior-chluaiseanach
Gu crócach cabrach cèirghealach, gu magach eangach èildeagach (quickfooted: white-rumped: many hinds: many fawns)
Gan grianadh sa mhíos Chèiteannach, air slios an t-slèibh mun cuairtaich iad… (May; )
Bidh am minnean úrar meanbhbhallach gnos tioram air a’ ghnúis bu sgeinmeile, (fine-spotted; inquisitive)
Gu mireanach lúthmhar anmadail, ri slinnean na h-earb an guailleachan: (doe; accompanying)
Bu chlis feadh pris mu anmoch iad, gu tric fo iochd nam meanbhchuileag: (quick: thickets: midges)
Gu sgideil gibeach gearrmhasach, an sliochd dh’an ainm na ruadhagan… (lively, trim)
(An scéal arís)
Mí ó shin, níor tháinig an buachaill abhaile ag an gnáth-am. Tamall ina dhiadh sin, d’airios (chuala mé) duine ag lámhach i gcuid eile den choill. Ní cheadaítear lamhach fia ach amháin sa tséasúr, ach bhí cuma aisteach ar Sheáin, a’s a cheann ar fiarsceo, a’s rith greannúr faoi. Tharlódh go lámhfadh duine é ar an dtuiscint go raibh aicíd ar an bhfia.
Chuairtíomar na coillte, ag glaoch air ina ainm, ach níor aimsíomar é, a’s níor tháinig abhaile. D’fhan an mias choirce ann gan aoinne a bhaint leis: lá, dhá lá, trí lá. Bhíomar riamh ag súil go n-éiródh leis filleadh ar gnáth-shaol a chomhlacaithe ar an gcoill, cè gur lag é an dóchas sin, dáiríre: bhíodh dua air féir nó aon ní eile a bhaint den talamh, a bheathadh féin. Bheadh cabhair éigin uaidh teacht i dtír, fad a shaoil. Bheimis brea sásta an chabhair sin a sholáthar dó, go háirithe ón uair a’s go raibhh ceacht ro-luachmhar a theagasc aige duinne, ach...Ní mar a síltear, a bítear.
Gach uair a raghainn amach ar chúl a’ tighe i rith na chéad seachtaine sin, mheasainn go bhfeacainn é sna gnáth-loganna ann. Ní raibh ann ach mo chuid smaointe féin ag iarraidh an saol a mhunlú de reir a mhian féin.
Níor fhill Seán.
Sciortann an aimsir tharis orainn, agus le himeacht aimsire, téann sna cuimhní chinn a d’fhag Seán ina dhiadh. Bíonn an saol mór – saol seomra oifige: saol rachmhasach dall ár linne – ag brú timpeall orm arís, a’m mhúchadh agus a’m dhalladh. Níl de leigheas air ach teitheadh isteach san idirlíon arís.
Ach creidim anois gur shaol taibhse an gnáth-shaol faoi mar a caitear é, cuid is mó den am, sa lá atá inniú ann. Tá an saol gliondarach eile ann i gcónaí áfach – an tseana-shaol fiáin agus an saol ceart -- bíodh a’s gur annamh a túgtar faoi ndéara é.
Tháinig Seán i bhfoirithint orm, ach d’imigh.
N’fheadar nárbh fheáirrde ár saol, sinne a bheith chomh gear-shúileach agus i lathair leis siúd, pe acu sa choill, nó san oifig é? Tá an sean-shaol lom dáiríre, chomh-mór iontaisí le haon sean-scéal nó scannán: chomh mór dainséar freisin. Iarran sé orainn féachaint air. Iarran orainn ár gcroíthe a oscailt dó, a’s ár meanma. Tá an ghrian ann i gcónaí; tá lá agus oíche; tá creatúri, gach duine acu lán scéalta duinn.
Tús na ruda, éirí amach as seomraí cúnga an idir-líon, a’s aghaidh a thabhairt ar an saol. Bhí d’ádh agam gur chuir Seán d’fhiachaint orm éirí, agus gur roinn tamall dá bheatha liom. Ormsa anois leanúint ar aghaidh, nó titim i’m chodladh arís.
A Sword in a Cloud of Light
Your hand in mine, we walk out
To watch the Christmas Eve crowds
On Fillmore Street, the Negro
District. The night is thick with
Frost. The people hurry, wreathed
In their smoky breaths. Before
The shop windows, the children
Jump up and down with spangled
Eyes. Santa Clauses ring bells,
Cars stall and honk. Street cars clang.
Loud speakers on the lampposts
Sing carols, on juke boxes
In the bars, Louis Armstrong
Plays White Christmas. In the joints
The girls strip and grind and bump
To Jingle Bells. Overhead
The neon signs scribble and
Erase and scribble again
Messages of avarice
Joy, fear, hygiene and the proud
Names of the middle classes.
The moon beams like a pudding.
We stop at the major corner
And look up, diagonally
Across, at the rising moon
And the solemn, orderly
Vast winter constellations.
You say, “There’s Orion!”
The most beautiful object
Either of us will ever
Know in the world or in life
Stands in the moonlit empty
Heavens, over the swarming
Men, women and children, black
And white, joyous and greedy,
Evil and good, buyer and
Seller, master and victim,
Like some immense theorem,
Which, if once solved, would forever
Solve the mystery and pain
Under the bells and spangles.
There he is, the man of the
Night before Christmas, spread out
On the sky like a true god
In whom it would only be
Necessary to believe
A little. I am fifty
And you are five. It would do
No good to say this and it
May do no good to write it.
Believe in Orion. Believe in the night, the moon, the crowded
Earth. Believe in Christmas and
Birthdays and Easter rabbits. Believe in all those fugitive
Compounds of nature, all doomed
To waste away and go out.
Always be true to these things.
They are all there is. Never
Give up this savage religion
For the blood-drenched civilized
Abstractions of the rascals
Who live by killing you and me.
From the book In Defense of the Earth, published in 1956.
Laghan Laws
An-diugh Today
Theid me dhan a’ mhonadh a-rithist I’ll go to the moor again
A choiseachd leis a’ chú to walk the dog
(feumaidh neach a leisgeul (One needs one’s excuse
Airson a bhith leis fhéin,) to be alone)
agus bidh am baile air mo chúlaibh the village behind me
Airson greis, for a time,
Gleadraich sluaigh agus a laghan. The clamour of people and their laws
Agus ann a seo, chí mi lagh eile, And here I see another law,
Lagh náduir, bith a’ stri gus a bhith nature’s law, being striving to be,
Agus bóidheach anns a’ chuid as motha, and beautiful for the most part,
Gun ceart no ceárr a’ bonntain leis. Not touched by right or wrong.
Bu toigh leam riamh rudan fiadhaich: I always liked wild things,
Lusan a’ fás gun faighneachd, plants growing without asking
Frainneach is fraoch le flúr… bracken and heather and flower,
Agus gun teagamh, bidh tusa air m’inntinn, and certainly I will be thinking of you…
From the book Bailtean (Maoilios M. Caimbeul), Gairm, 1987.












No comments:
Post a Comment