Blúiríní

 

Níl ní ar bith dá ngintear nach ó rúta ("stock") éigin a gintear é, cuirim i gcás gur fás talmhaí nó créatúir análacha iad, amhail agus go bhfuil a rúta féin ó nádúir i ngach ní, agus a bhfréamhacha féin ag gach rúta, agus is uathu seo a thagas meidhir (ie. fuinneamh), mian agus fonn. Agus ní thuigeann daoine seo, cé go bhfuil sé follas go leor dá gcéadfaí, gur ghnáthfhocal ag na sinsir  le gach ní dá leanadh béasa a  shinsear: “ Thug sé ó rúta leis é, mar thug an mhuc an rútáil.”

d117, Fealsúnacht Aodh Mhic Dhomhnaill, éag. Colm Beckett, an Clóchomhar, 1967.

(Fear ó Dhroim Conrach, tuaisceart na Mí ab ea Aodh, 1802-1867. Múinteoir, fear láimscribhinni, agus file ab ea é. Chuidigh sé le Roibeard Mac Adhaimh (Robert Adams), Protastúnach ó Bhéal Feirste, láimhscribhinni agus ceol a chruinniú. Cara le Peadar O Gealagáin é.)




 

Hallaig

Ceann de mhór-dánta ár linne, dár liom. Ag tagairt do lomadh Oileán Ratharsair le linn an Dara Cogadh Domhanda, ag soláthar adhmaid do Arm Shasana atá an file, Sorley MacLean. (Coill bheithe a bhí ann.) Ag tagairt freisin atá do bhanú an Oileán féin atá. Níl anso agam ach cuid bheag den dán.

 

Tha búird is táirnean air an uinneig                                               (“boards”: tairní)

Troimh m’ faca mi ‘n Aird an Iar                                                   (tríd a bhfeaca mé)

‘s tha mo ghaol aig Allt Hallaig                                                      (grá)

‘na craoibh bheithe, ‘s bha i riamh…                                              (ina crann: sí)

 

Fuirichidh me ris a’ bheithe                                                            (fanfaidh mé leis an gcoill)

Gus an tig i amach an Cárn,                                                            (nó go dtiocfaidh sí)

Gus am bi am bearradh uile                                                            (nó go mbeidh: “ridge”)

O Bheinn na Lice f’s sgáil.                                                             (faoina)

 

Mura tig ‘s ann theárnas mi a Hallaig                                             (Muna dtagann: “will go”; do)

A dh’ionnsaigh sábaid nam marbh,                                                 (do: Sabath)

Far a bheil an sluagh a’ tathaich,                                                     (mar a bhfuil: san áit a bhfuil: ag tathú)

Gach aon ghinealach a’ dh’fhalbh.                                                  (glún a d’imigh)


Tha iad fhathast ann a Hallaig,                                                        ( fós, i) 

Clann Ghill-Eain ‘s Clann MhicLeóid,

Na bha ann ri linn Mhic Ghille-Chaluim                                        (a raibh anmn le linn)

Chunnacas na mairbh beó.

 

Na fir nan laighe air an lianag                                                         (ina luí: ar, “green”)

Aig ceann gach taighe a bh’ ann,                                                     (ag: a bhí ann)

Na h-igheanan ‘nan coille-bheithe,                                                 (na cailíní: in a)

Direach an druim, crom an ceann.                                                  (a ndromanna: a gcinn)

 

(d. 143 agus 145, Reothairt is Contraigh: Taghadh de Dháin 1932-1972, Canongate, 1977)

Is amlaidh gur thosnaigh sé i gceart ar an bhfilíocht nuair a thit sé  i ngrá le Nessa Ní Sheaghdha, ban-sgoláire Eireannach a bhuail leis agus iad araon in Edinburgh.




 

Sean -fhocail ó Micheál óg O Longáin’s Collection of Irish Proverbs, éagarthóir Tomás O Rathaile.  

 (Sean-fhocail iad so thíos a chruinnigh Tomás O Rathaile féin ón litríocht)

 

Ní ar aoinchois a tháinig (Naomh) Pádraig go hEirinn.

Námhaid ceard, muna gcleachtar.

Is leor ó dhuine  a dhícheall.

Coileán gach cú go (until)  fiach

Ní ghabhann dorn dúnta seabhac

Colann gan ceann duine gan anam-charaid.



 Bluirín ó Eachtra an Mhadra Maoil, (Two Arthurian Romances, ed. R.A. Macalister, 1908), d 10

Chuireas litriú an lae inniú, mar déarfá, ar cuid de na focail.

(Tá Rí Artúir agus a chuid ridiri fagtha ag laoch anaithnid ceangailte sa choill.)

“Is trua an gníomh so do tharla dhuinn,” ar sé (an Rí), “oir da bhfeasadís bantracht agus ban-dhala Dúna an Halla Dheirg ar mbeith (that we are) mar so, do dhéanfaidís baol mhaghaidh agus fonóide dínn agus do chuirfidís ar mí-chliú agus ar meatacht fa’n domhan mór uile, agus ní thabhraidís taobha frinn (linn) go bruinne an bhrátha agus go foircheann an bheatha. Agus is é is indéanta (possible) dhúinn, fanúint san ionad so, go bhfaighimid neach éigin don Adhaimh-Chloinn do bhearfas furtach nó fóirthint dhúinn ó’n móir-éigean so ina bhfuilimid.”

Ciodhtracht (However) , do bhíodar amhlaidh sin go fuinneadh néill nóna agus go húr-thosach na hoíche gan furtacht nó fóirthint: gur labhair an Rí le Balbhuidh (Gawain), agus is é do ráidh:

“A Dhalta dhíl-ghrádaigh,” ar sé, “Tá éigean is mó ná gach éigean orm-sa, óir tá teasbhac thirim tarta agus rian rabhartha ró-dhein iótan (“trace of a violent storm of drought”) orm, agus gan cara nó compánach i bhfogus dhamh do bhearadh cosc m’iótan chugham.”

“A Oide iomhain,” arsa Balbhuidh, “dá dtugtaoi-se (if you would give) t’arm agus eidheach damh-sa agus eolas d’ionnsaí tiobraide, do rachainn ar chionn dighe dhuit gan moil.”

“A Dhalta dhil-ghrádhaigh, “ar an Rí, “an tiobraid is goire dhúinn anso, níl sa domhan ionad in ar (in which is) lia geilte glinne  agus deamhain aeir agus arrachtaigh éig-cheillidhe fuathmhara fíor-ghránna ina dtimpeall ach í…”







Cuid de sgéal ó Mháiréad Ní Mhionacháin, Dhá Dhrom Amuigh, Béara (Béarach Mná ag Caint, Cló Iar-Chonnachta, 1999)

 …Bhíodh comhluadar gach aon oíche acu ansan, agus bhíodh rinnce agus ceol – puss music – nuair a bhí an máistreás ann. Bhídís ann deireannach ansan, agus d’fhanadh sé seo (mo dhriotháir) deireanach, mar do bhí dúil ins na hamhráinaibh (dative case) agus sa chaitheamh aimsire aige. Thug sé athghearr air ansan ó’n dtigh sin chun dul abhaile, agus nuair  a tháinig sé tamall den tslí—ní raibh sé rófhada – chuala sé an tiomáint is an ceol roimis. Well, shuigh sé anuas: bhí claí mar sin, agus steip ag dul trasna an chlaí, agus chuir sé cos leis thar an gclaí agus do shuigh sé síos ag eisteacht leis an gceol a bhí tamall bhuaidh, timpeall, is dócha, cúig nó sé de phéirsibh (dative). Dá gcimeádfadh sé an cosán, do thagfadh sé díreach mar a rabhadar (where they were). Ach níor dhein: do thug sé cosán eile timpeall air…





No comments:

Mist and Pigs

I mentioned last week that an Irish/Scots Gaelic king or lord had serious obligations to his people and was expected to be absolutely just a...