Agus sinne
ag druidim le deireadh an domhain, is dócha, nárbh fhearr duinn tamall a chaitheamh i gcuideachta na ngabhar?
(Goat-Keeping in the
Old Highland Economy, le ??, a foilsíodh
san irisleabhar eile d’fhoilsigh The School of Scottish Studies seachas Tochar. Scottish Studies? Ní chuimhin liom an teidil…)
Níl ach ceathrar no cuigear fós ar an saol go bhfuil Gaidhlig Moideart acu, ach luíonn Gaidhlig Inverness County, Cape Breton, go mór le Gaidhlig Moideart, Arisaig, Glen Coe, et.
Bluirín ó Choir in
aghaidh an Chaim agus Cam in Aghaidh an Choir, drama le Piaras de Hindeberg
(Henebry), circa 1910. Tá an Gobán Saor
ag moladh bean dá mhac sara n-imíonn
siad ag tógaint caisleán do rí Shasana. Nílid sásta imeacht agus tá an
mac ag an tine.
Mac: Cad atá sa tine?
Dada. Leis an
sean-chat a bhí mè.
Mac: An caitín bocht. N’fheadar
cadè an seachráin bheas uirthi nuair a bheimid thall.
GS: Maiste, geallaim-se
dhuit go mbainfeadh sí sin a maireachtain amach, pè acu thall nó abhus duit-se.
Mac: Ni fheadar. Is
baol liom gur bás le hocras a bhearfaidh í.
GS: Adeirim-se bás le
hocras leat agus ocht mbua na caitreacha aici.
Mac: Cè rud iad sin,
ar son Dia?
GS: Tá: goid, broid
agus èigean: Ciúineas cos agus bèice: radharc san oíche, suim I suiste, agus
dearmad bean an tighe aici.
Mac: Ia, nach lèir í,
an creatúirín bocht. M’anam í sin. Agus cad a dheanfaimid leis asal sin agus
an gabhairín odhar gleoite? Ar dhinnis í a chru fós?.......
....Mac: ach coigrim è seo leat: nach dream botháin agus gabhair iad sin, agus ní lucht bó ná capall? (Ag tagairt do bhean a mhol an G S dhó í atá an mac anseo.)
GS: Thit, a bhreall. Ná
bíodh do mhuinín go deo a muintir macha bó agus muc ná a lucht na loinnide. An
iomarca den bhia agus è ro-bhog isea dèanann síobhraithe agus snámhaidhte desna
páistí(bh). Na ceathanna bláthaighe, a dhuine: cnuic agus cruacha leitean, agus
robhartaidhe bainne raimair…Líonadh thar sáith iad agus an tocht a mhúchadh
..Ach an coileán caol-deas a fuair gorta i mbruinn agus a tógadh le lótaidhe
min bhuí agus cosmairt phrataí, caol-deoch glaise um nóin nó anglaise le linn
cuigean a dheanamh ag lucht íme…Tá deallramh agus dath air, tá righne cait ann,
tá sláinte bric ann, agus dhíolfadh sè scata deichniúr agus dathad de chlainn
feirmeoirí ar aonach Choill mhic Thomáisín…”
Bluirín de scèal De Hindeberg as suíomh Ainm.ie:
Is deimhnitheach go raibh sé ildánach. Bhí ar a chumas obair dheaslámhach a dhéanamh: ráillí altóra do shéipéal uair, cruit uair eile. Bhí sé in ann an veidhlín a sheinm. Óráidí greannmhar bríomhar ba ea é. Bhí teangacha ar eolas aige. Ach ní dhearna sé dearmad riamh ar an gceird ler tógadh é: “D’fhéadfadh sé féar do bhaint agus claí do thógáil, branar do romhar agus bán do bhriseadh” (‘Poverello’ in An tIrisleabhar, 1930–31). Ach is ar na nósanna aisteacha is mó a chuimhnítear. Amuigh sna páirceanna a théadh sé a luí go minic cibé fliuch fuar an uain. Chóirítí leaba dó i bpuball beag go minic. Oíche amháin fuarthas péire gadhar istigh sa leaba leis. Bhí na créatúirí scanraithe ag stoirm thoirní agus ní raibh sé sách cruachroích chun iad a chur ó dhoras.
B’fhuath leis hata a chaitheamh san am ar pheaca marfach ag sagairt i go leor deoisí dul amach ina maoil. Agus maidir le bróga shíl sé iad a bheith in aghaidh nádúir.
No comments:
Post a Comment