More Hardly Daily Gaeilge

 From Teagasc ar an Sean-Tiomnam edited by Breandán Madagáin, An Clóchomhar, 1974.  This is a 338 page text, a retelling of parts of the Bible Old Testemant, by a priest born in 1791 in Roscarbry near Clonakilty in  County Cork. He was a priest for many years near Youghal and he writes in a combination of Cairbre and Imokilly Irish. The book has extensive notes analyzing the dialect(s) as displayed by his spelling.

Chosen at random

A bhí deich mac  agus trí fichid ag Rí Achab I gcathair Samaria. A chuir Jehu oifigeach chun uaisle an chathair sion ag rá leo “Atá an oiread so do Chlann  Achab agaibh, arm, airgid agus go (i.e, gach) at tsás cogaig. Toghaig ceann dhos na fir sin mar rí oraibh agus tagaig agus tugaig comrac dhomsa. Aduradar sion: Níor fhiad beirt ríthe comhachtach seasamh ina chuinnibh (choinne): a bhuaig sé ortha agus a mhairbh iad agus cionas a sheasóimís-ne ina chuinnibh?”

A chuireadar teachtairí chuige ag rá “As (i.e. is) sinn do sheirbhísigh-se agus déanfam pé ní is toil lead.” A scriobhaigh sé  an tarna uair chúghtha” “Más seirbhisigh liom sibh, tig go moch ar maidean chúgham agus tugaig libh cinn na Deichniúir agis trí fichid mic a bhí ag Achab.” Agus thugadar chuige iad. Agus tháinig sé annsion go cathair Samaria agus lig sé bair gi raibh cion mór aige don dia bréagach Baal, agus chnósaig (chnuasaig/collect) I dteampall an dé bhréagaig sin go (i.e. gach aoinne a lean a creidiomh agus a mhairbh sé go (gach) aon cheann díobh.



From Scéalta, a collection of stories taken down from Johhny Shéamaisín uí Dhónaill )born 1863 in Rann na Feirste), published by Comhaltas Uladh, 1974.


From “Mac an Iascaire”, 

Thiar sa tseansaol bhí mórán de na daoine ina gcónaí coic cladaigh agus iad ag baint a mbeatha as cnuasach na trá asgus as iasc na fairrge. San am a bhfuil mé ag trácht air, bhí buachaill san áit seo a chaith an mhórchuid dá shaol ag iascaireacht ar an bhfairrge. Mar go raibh sé ina bhádóir aireach ghlic, bhí togha agus roghha de ógmhná na tíre ag brath air agus bhí a shliocht air, phós sé an cailín ba dhóighiúla sa pharóiste.

Bhí teagara agus carthannas idir an lánúin agus níor tháinig aon fhocal searbh riamh eatartha, Bhí rath agus bláth orthu agus gach uile ní acu ar a dtóil féin, ach amháin go raibh siad ar easbaidh chlainne. Bhí siad corradh le fiche bliain pósta agus ní bfuair siad aon duine de theaghlach, agus ansin bhain siad dúil de shliocht. 



More from Súil Uí Dhubhda le Áird na Rí, north Roscommon.

Continued from last week:

Ủna: Is gear go raibh m’athair sg teacht abhaile anois. Ní mór tine mhaith a bheith roimhe.

Nuala: “Sí an mhóin is fairsinge again ar chaoi ar bith. Tá súil agam go mbeidh rud éigin ag d’athair ag filleadh dhó.

Ú: tuige nach mbeadh?

N; Tá an saol ag athrughadh, muis! Dheamhan mórán féile atá ag baint leis na daoinibh atá ann fá lathair.

Ú: Seo ar ais é ar chaoi ar bith.

N: Bhfuil rud ar bith ar an gcairt aige?

Ú ní mheasaim go bhfuil.

N: Go bhfóiridh Dia orainn mar sin.

N: Seadh, a Mhaitiú, tá tú ar ais…

M: Tá.Tá mé ar ais, a bhean,

N: Cé mar éirigh leat?

M: Go dona.

Ú: Go bhfóiridh Dia air. Chonnaic mé corruighthe go minic é agus ní fhachas riamh chomh  duairc é agus atá an lá seo.

…M: Chonnaic mé a lán tubaiste agus fuair mé a lán droch-aoide le mo linn – tá a fhios ag Dioa sin – ach níor theip mi chroidhe orm go dtí an lá inniu.

’ Ní raibh dada I dteach an phosta dhuit?

M: Ní raibh.

Ú: Tá rud éigin ‘ghá rá liom go dtiocfaidh an litir fós.





No comments:

More Hardly Daily Gaeilge

 From Teagasc ar an Sean-Tiomnam edited by Breandán Madagáin, An Clóchomhar, 1974.  This is a 338 page text, a retelling of parts of the Bib...